- PREASRÁITEAS
Ráitis airgeadais an Bhainc Ceannais Eorpaigh don bhliain 2024
20 Feabhra 2025
- Tuairiscíonn an BCE caillteanas de €7.9 billiún (2023: caillteanas de €1.3 billiún)
- Déanfar caillteanais a fhritháireamh in aghaidh brabúis amach anseo
Bhí caillteanas de €7,944 mhilliún ag ráitis airgeadais an Bhanc Ceannais Eorpaigh (BCE) in 2024, rud atá inchomparáide le caillteanas €7,886 mhilliún a tuairiscíodh in 2023 roimh an aistriú ó fhorálacha riosca. In 2023 laghdaigh scaoileadh iomlán an forála do rioscaí airgeadais de €6,620 milliún an caillteanas don bhliain sin go €1,266 mhilliún. In 2024 ní fhéadfaí aon chaillteanas a chumhdach leis an bhforáil seo toisc gurbh ionann a hiarmhéid agus nialas. Fanfaidh caillteanas 2024, cosúil leis an gcaillteanas ón mbliain roimhe sin, ar chlár comhardaithe BCE lena fhritháireamh in aghaidh brabúis amach anseo. Mar thoradh ar an gcaillteanas, ní bheidh dáileadh brabús ar bhainc cheannais náisiúnta sa limistéar euro in 2024.
Tá na caillteanais i ndiaidh roinnt blianta de bhrabús mór agus iad mar thoradh ar ghníomhartha beartais riachtanacha a rinne an Eurochóras chun a phríomh-shainordú a chomhlíonadh maidir le cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun. Mar thoradh ar na beartais seo, bhí ar an BCE a chlár comhardaithe a leathnú trí shócmhainní airgeadais a cheannach, le rátaí úis seasta agus le haibíochtaí fada go príomha. Bhí méadú comhfhreagrach ar dhliteanais, ar a íocann an BCE ús ag rátaí inathraithe ag gabháil le seo. Dá bhrí sin, tháinig méaduithe láithreacha ar speansais úis ar na dliteanais seo, mar thoradh ar mhéaduithe ar eochair-rátaí úis BCE in 2022 agus 2023, a bhí dírithe chun dul i ngleic le boilsciú ard sa limistéar euro. Ag an am céanna, níor tháinig méadú chomh mór ar ioncam úis ar shócmhainní BCE, go háirithe ar urrúis a ceannaíodh faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus an clár ceannaithe éigeandála na paindéime (CCÉP).
Féadfaidh BCE caillteanais a thabhú fós sna blianta amach romhainn. Más amhlaidh an cás, táthar ag súil go mbeidh na caillteanais níos ísle ná na caillteanais in 2023 agus 2024. Mar sin, táthar ag súil go bhfillfidh BCE ar bhrabúis a dhéanamh. I gcás ar bith, is féidir le BCE oibriú go héifeachtach agus a phríomh-shainordú a chomhlíonadh maidir le cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun gan beann ar aon chaillteanas. Cuirtear i dtábhacht tuilleadh fóntacht airgeadais BCE lena chaipiteal agus lena chuntais athluachála thábhachtacha, arbh é €59 mbilliún a luach le chéile ag deireadh 2024, €13 bhilliún níos airde ná mar a bhí ag deireadh 2023.
Mar seo a leanas a bhí ioncam agus speansais úis BCE in 2024:
2024 | 2023 | Athrú | |
---|---|---|---|
Cúlchistí eachtracha | 2,537 | 2,382 | 155 |
Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta | 3,850 | 3,467 | 383 |
Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras | 5,232 | 4,817 | 415 |
Éilimh NCBanna maidir le cúlchistí eachtracha a aistríodh | (1,448) | (1,335) | (114) |
Iarmhéideanna TARGET atá dlite ó/chuig BCNanna | (15,674) | (14,236) | (1,439) |
Eile | (1,479) | (2,288) | 809 |
Glanioncam /(speansas) úis | (6,983) | (7,193) | 210 |
In 2024, cosúil le 2023, speansas úis suntasach ar ghlandliteanas TARGET BCE ba mhó ba chúis le speansais úis níos airde ná ioncam úis. Os rud é gur íocadh an dliteanas ag an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe (ráta MRO), mar thoradh ar an meánráta MRO níos airde de 4.1% in 2024 (2023: 3.8%), tháinig méadú ar an speansas seo. Tháinig méaduithe ar an ioncam úis ar éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht agus an speansas úis iníoctha do na BCNanna mar íocaíocht ar a n-éilimh i dtaca le sócmhainní cúlchistí eachtracha a aistríodh chuig an mBanc Ceannais Eorpach, mar thoradh ar an meánráta MRO níos airde. Tháinig méadú ar ioncam úis ar urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta, go príomha ar urrúis rialtais arna sealbhú faoi CCÉP. Bhí an t-ioncam úis ar chúlchistí eachtracha níos airde, go príomha ó urrúis a ainmnítear i ndollair na Stát Aontaithe.
Bhí iarmhéideanna dar luach €269 milliún (2023: €38 milliún) agus iad go príomha mar thoradh ar an laghdú ar luach margaidh roinnt urrús a sealbhaítear i bpunann dhollar SAM agus dímheas yen na Seapáine, agus tháinig laghdú ar luach shealúchais ghaolmhair airgeadra dá bharr.
Tháinig méadú ar chostais foirne go €844 mhilliún (2023: €676 mhilliún), go príomha mar gheall ar chostais níos airde ar shócmhainní iar-fhostaíochta a d’eascair as an leasú ar rialacha phleananna pinsean BCEin 2024. Tháinig méadú ar chostais riaracháin eile go €626 mhilliún (2023: €596 mhilliún), go príomha mar gheall ar chaiteachas TF níos airde i ndáil leis an gclaochlú digiteach, agus tionchar an bhoilscithe á léiriú freisin.
B’ionann an t-ioncam ó tháillí maoirseachta (táillí a ghearradh ar bhainc maoirseachta chun speansais a thabhaíonn BCE i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta a aisghabháil) agus €681 mhilliún (2023: €654 mhilliún).
Tháinig laghdú €33 bhilliún ar mhéid iomlán chlár comhardaithe BCE go €641 bhilliún (2023: €673 bhilliún), léiriú ar laghdú de réir a chéile ar shealúchais CCS mar gheall ar fhuascailtí go príomha.
Clár comhardaithe comhdhlúite an Eurochórais
Ag deireadh 2024, b’ionann méid chlár comhardaithe an Eurochórais, ina bhfuil sócmhainní agus dliteanais BCNanna an limistéir euro agus triú páirtithe vis-à-vis BCE, agus €6,428 mbilliún (2023: €6,887 mbilliún). Bhí an laghdú i gcomparáid le 2023 mar thoradh ar laghdú €4,283 bhilliún ar shealúchais arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta (2023: €4,694 bhilliún), go príomha mar gheall ar fhuascailtí. Tháinig laghdú €353 bhilliún ar shealúchais CCS go €2,673 bhilliún, toisc gur tháinig deireadh le hathinfheistíocht ar shócmhainní a tháinig in aibíocht in mí Iúil 2023. Ag an am céanna, tháinig laghdú €57 mbilliún ar shealúchais CCÉP go €1,609 mbilliún, le sócmhainní a tháinig in aibíocht a athinfheistiú go páirteach le linn an dara leath de 2024. Ina theannta sin, tháinig laghdú ar oibríochtaí iasachtaithe an Eurochórais go €34 bhilliún (2023: €410 billiún), go príomha mar thoradh ar theacht in aibíocht an tríú sraith d’oibríochtaí athmhaoiniúcháin spriocdhírithe fadtéarmacha (TLTRO III). Rinneadh an ísliú dá bharr a fhritháireamh go páirteach le méadú ar an luach euro-chóibhéis de shealúchais óir an Eurochórais go €872 bhilliún (2023: €649 mbilliún) mar gheall ar an ardú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro.
Is féidir leis na meáin a gcuid ceisteanna a sheoladh chuig William Lelieveldt, teil.: +49 69 1344 7316.
Nótaí
- Féadfaidh nach suimeoidh na huimhreach mar gheall ar shlánú.
- Is féidir tuilleadh eolais maidir le Seirbhísí TARGET a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
- Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le foinsí brabús agus caillteanas BCE agus bainc cheannais náisiúnta sa limistéar euro, féach ar an mínitheoir gaolmhar.
- An 13 Márta 2024, chinn an Chomhairle Rialaithe tacar prionsabal a threoródh cur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta amach anseo agus, i measc príomhpharaiméadar eile, a leanfadh sí de sheasamh an bheartais airgeadaíochta a stiúradh tríd an ráta saoráide taisce. Sa chomhthéacs seo, chinn an Chomhairle Rialaithe ón 1 Eanáir 2025, go mbeadh an ráta saoráide taisce mar bhonn le haghaidh luach saothair (i) iarmhéideanna TARGET atá dlite ó BCNanna sa limistéar euro nó chucu, (ii) éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras agus (iii) dliteanais atá coibhéiseach le haistriú cúlchistí eachtracha.
- Is féidir tuilleadh sonraí maidir le cuntasaíocht airgeadais agus beartais tuairiscithe an BCE agus an Eurochórais agus cuntais bhliantúla BCE a fháil i gCinneadh (AE) 2024/2938 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir le cuntais bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2024/32) (OJ L, 2024/2938, 11.12.2024) agus idTreoirlíne (AE) 2024/2941 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh cuntasaíochta agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2024/31) (OJ L, 2024/2941, 11.12.2024) agus ar shuíomh gréasáin BCE.
- Tá clár comhardaithe comhdhlúite an Eurochórais bunaithe ar shonraí sealadacha. Foilseofar an chéad chlár comhardaithe comhdhlúite bliantúil an Eurochórais i mí an Mheithimh.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa