Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár bplean aeráide agus dúlra 2024-2025

Rinneamar ár marana ar an dul chun cinn atá déanta ó seoladh clár oibre aeráide 2022, agus chinneamar cur lenár gcuid oibre maidir leis an athrú aeráide. 

In 2024 agus 2025 díreoimid ar thrí réimse fócais:

  1. impleachtaí an aistrithe ghlais,
  2. tionchar fisiciúil an athraithe aeráide, agus
  3. an riosca don gheilleagar atá ag baint le cailliúint agus díghrádú an dúlra.

Ár n-obair maidir leis an aeráid agus an dúlra

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach don Bhanc Ceannais Eorpach?

Is féidir le teochtaí níos airde, stoirmeacha nó triomach – chomh maith le dífhoraoisiú, creimeadh ithreach nó cailliúint pailneoirí – praghsanna, agus, dá bhrí sin boilsciú, a ardú. Ní féidir cobhsaíocht praghsanna agus airgeadais a chaomhnú ach amháin má bhíonn an aeráid agus an dúlra cobhsaí.

An fáth a bhfuil tábhacht leis an athrú aeráide

Cad atáimid a dhéanamh faoi?

I gcomhréir leis na trí chuspóir straitéiseacha atá againn, tá ár gcuid oibre maidir leis an athrú aeráide ag dul isteach i gcéim nua, faoi threoir ag ár bplean aeráide agus dúlra 2024-2025. Trí chur leis na ceachtanna a foghlaimíodh cheana, leis an bplean leagtar amach na réimsí ina bhfuilimid ag cur lenár n-iarrachtaí agus sainaithnítear ann trí réimse fócais dár ngníomhaíochtaí.

Faigh léargas ar ár bplean aeráide agus dúlra 2024-2025

Cé na réimsí ina bhfuilimid ag leathnú ár n-iarrachtaí?

Ag cur lenár bplean gnímh 2021, lenár gclár oibre aeráide 2022 agus lenár dtosaíochtaí maoirseachta do 2024-2026, táimid ag leathnú ar gcuid oibre i dtaobh:

Anailís mhaicreacnamaíoch agus beartas airgeadaíochta

Ag feabhsú uirlisí anailíseacha chun tuiscint níos fearr a fháil ar thionchar maicreacnamaíoch an athraithe aeráide agus ar an aistriú agus bainistiú rioscaí maidir leis an athrú aeráide ar chlár comhardaithe an Eurochórais a fheabhsú.

Maoirseacht baincéireachta agus cobhsaíocht airgeadais

Ag cur rioscaí aeráide agus comhshaoil san áireamh mar thosaíocht mhaoirseachta do 2024-2026 agus ár gcreat le haghaidh rioscaí a bhaineann leis an aeráid don chobhsaíocht airgeadais a fhorbairt tuilleadh.

Sonraí a bhaineann leis an aeráid

Ag leanúint de bheith ag obair chun níos mó sonraí agus sonraí níos fearr a fháil maidir le rioscaí aeráide agus díghrádú an dúlra.

Íocaíochtaí, nótaí bainc agus bonneagar an mhargaidh

Ag leanúint de lorg comhshaoil nótaí bainc an Eurochórais a laghdú agus breithnithe maidir le lorg comhshaoil a leathnú chuig modhanna eile íocaíochta agus bonneagair mhargaidh.

Feidhmíocht chomhshaoil ár n-oibríochtaí agus ár bpunann féin

Ag déanamh ár ndíchill lorg comhshaoil ár n-oibríochtaí féin agus ár bpunanna beartais neamhairgeadaíochta a laghdú, agus ag leanúint dár dtiomantas dul chun cinn ar ár gcuid oibre a bhaineann leis an aeráid a nochtadh.

Cé na réimsí a bhfuilimid ag díriú orthu in 2024 agus 2025?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

1. Ag dul i ngleic leis an aistriú glas

Cuirfidh glasú an gheilleagair le cobhsaíocht praghsanna agus airgeadais. Má chuirtear moill ar an aistriú, méadófar a chostais. Leanaimid orainn ag féachaint ar a bhfuil i gceist leis an aistriú don gheilleagar agus don chóras airgeadais, agus de mhachnamh a dhéanamh ar conas is féidir linn tacú leis laistigh dár sainordú.

2. Measúnú ar thionchar fisiciúil an athraithe aeráide

Bíonn tionchar ag eachtraí adhaimsire ar an ngeilleagar agus ardaíonn siad praghsanna bia. Tá sé tábhachtach go dtuigfimid - inár ról mar bhanc ceannais agus mar mhaoirseoir baincéireachta - tionchar na haeráide atá ag athrú. Déanaimid ár dtaighde a roinnt freisin chun cabhrú leis na gníomhaithe eacnamaíocha uile cinntí eolasacha a dhéanamh agus iad féin a fháil faoi réir.

3. Iniúchadh ar na rioscaí a bhaineann leis an dúlra

Braitheann ár ngeilleagar ar an dúlra agus ní féidir é a bheith ann gan an dúlra, agus is é sin an fáth a bhfuil rioscaí airgeadais ag baint le díghrádú an dúlra. Dá bhrí sin, ní mór dúinn measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí a bhaineann le díghrádú an dúlra — agus ar a idirghníomhú leis an aeráid — chun ár sainordú a shaothrú.

Féach freisin

Breathnaigh ar an obair atá déanta againn go dtí seo:

Gach leathanach sa rannóg seo