Measúnú a dhéanamh ar ár straitéis
Tá an domhan mórthimpeall orainn ag athrú, agus tá dúshláin roimh an ngeilleagar domhanda mar gheall ar choinbhleachtaí geopholaitiúla, ilroinnt eacnamaíoch agus foinsí eile éiginnteachta. I dtimpeallacht a d’fhéadfadh athrú go tapa, ní mór dúinn a chinntiú go leanfaidh ár straitéis beartais airgeadaíochta de bheith oiriúnach don fheidhm, anois agus amach anseo.
Chun é sin a dhéanamh, déanaimid measúnú tréimhsiúil ar ghnéithe éagsúla dár mbeartas airgeadaíochta i gcomhréir lenár sainordú – is é sin praghsanna a choinneáil cobhsaí. Tá ár gcéad mheasúnú eile beartaithe do 2030.