Forléargas ar staidreamh BCE
Tá staidreamh riachtanach chun cinntí feasacha a dhéanamh
Cuidíonn staidreamh fónta airgeadais agus airgeadaíochta linn cinntí feasacha a dhéanamh. Cuireann an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta staidreamh oifigiúil ar fáil maidir le stádas an gheilleagair. Cuidíonn an staidreamh sin le gach gné d’obair an Bhainc Ceannais Eorpaigh, lena n-áirítear beartas airgeadaíochta, cobhsaíocht airgeadais agus maoirseacht baincéireachta.
Cén fáth a bhfuil tábhacht le staidreamh?Léargas ar fhíricí
25%
Méadú ar ghlansaibhreas úinéirí tí an limistéir euro
Taispeánann ár gCuntais nua maidir le Dáileachán Rachmais gur tháinig méadú 25% ar ghlansaibhreas úinéirí tí an limistéir euro le cúig bliana anuas, i gcomparáid le méadú 19% ar ghlansaibhreas daoine nach úinéirí tí iad. Tá tuilleadh sonraí faoi seo, chomh maith le comparáid idir an tacar sonraí nua agus tacair sonraí eile maidir le dáileachán rachmais le fáil inár mblagphostáil.
Rochtain a fháil ar ár gcuid sonraí
Liosta de na hardáin agus seirbhísí go léir is féidir leat a úsáid chun rochtain a fháil ar ár bhfoinsí sonraí.
Ár seirbhísí sonraíINSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Anailís ar dháileadh rachmais
Mar chuid dár measúnú ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn dáileadh ioncaim agus rachmais le beartas airgeadaíochta, tá tús curtha againn le sonraí ráithiúla tráthúla maidir le dáileadh rachmais teaghlaigh a fhoilsiú, i gcomhréir leis na cuntais náisiúnta.
Eisiúint nuachtaAn bhearna sna sonraí aeráide a laghdú
Tá sraith tosaigh de tháscairí a bhaineann leis an aeráid foilsithe againn chun anailís a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag athrú aeráide ar an earnáil airgeadais. Is cuid é seo de na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn chun an bhearna sna sonraí aeráide a laghdú agus monatóireacht a dhéanamh ar an aistriú glas.
Táscairí a bhaineann leis an aeráidLéargas idirghníomhach ar bhoilsciú sa limistéar euro
Cén chaoi a ndéantar boilsciú a thomhas? Céard é an difear idir boilsciú a thomhaistear agus boilsciú a bhraitear? Tá na sonraí is déanaí faoi bhoilsciú chomh maith le grafaicí idirghníomhacha agus áireamhán boilscithe le fáil anois in 23 theanga de chuid an Aontais Eorpaigh.
FÉACH AR
NA hEISIÚINTÍ SONRAÍ STAITISTIÚLA IS DÉANAÍ UAINN
Iarr faisnéis staitistiúil ar an mBanc Ceannais Eorpach
An bhfuil staitisticí ar leith uait ón mBanc Ceannais Eorpach? Tá polasaí saor-rochtana agus saor-athúsáide againn do na staitisticí a fhoilsímid go poiblí. Seol iarraidh chugainn agus sonraigh na staitisticí a bhfuil suim agat iontu agus tiocfaimid ar ais chugat a luaithe is féidir.