Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Príomhfhigiúir

Clár comhardaithe BCE

Caillteanas BCE don bhliain

Tháinig laghdú €32.6 billiún ar chlár comhardaithe BCE in 2024, go príomha mar gheall ar an laghdú ar urrúis bheartais airgeadaíochta, toisc gur scoireadh d’athinfheistíochtaí príomhíocaíochtaí ó urrúis atá ag teacht in aibíocht faoin CCS ó mhí Iúil 2023 agus nach ndearnadh na fuascailtí faoi CCÉP a athinfheistiú ach go páirteach le linn an dara leath de 2024.

Bhí an caillteanas seo arís mar gheall ar speansas suntasach úis a d’eascair as glandliteanas TARGET agus a cuireadh i gcomparáid leis an gcaillteanas de €7,886 mhilliún roimh an aistriú ó fhorálacha riosca in 2023. Ós rud é gur scaoileadh an soláthar do rioscaí airgeadais ina iomláine in 2023, rud a laghdaigh an caillteanas don bhliain sin go €1,266 mhilliún, ní fhéadfaí aon chaillteanas a chumhdach leis an soláthar seo in 2024.

Fanfaidh caillteanas 2024, cosúil leis an gcaillteanas ón mbliain roimhe sin, ar chlár comhardaithe BCE lena fhritháireamh in aghaidh brabúis amach anseo.

Clár comhardaithe BCE

Brabús/(caillteanas) BCE don bhliain

(EUR billiúin)

(EUR milliúin)

1 Tuarascáil bhainistíochta

1.1 Cuspóir thuarascáil bhainistíochta BCE

Is cuid lárnach de Chuntais Bhliantúla BCE í an tuarascáil bhainistíochta agus deartar í chun faisnéis chomhthéacsúil a chur ar fáil do léitheoirí maidir leis na ráitis airgeadais.[1],,[2] Ós rud é go dtugtar faoi gníomhaíochtaí BCE chun tacú lena chuspóirí beartais, ba cheart breathnú ar staid agus toradh airgeadais BCE i gcomhar lena ghníomhaíochtaí beartais.

Chuige sin, cuirtear i láthair sa tuarascáil bhainistíochta príomhchúraimí agus príomhghníomhaíochtaí BCE, chomh maith lena dtionchar ar a ráitis airgeadais. Thairis sin, déantar anailís inti ar na príomhfhorbairtí sa chlár comhardaithe agus sa chuntas brabúis agus caillteanais le linn na bliana agus áirítear inti faisnéis ar ghlanchothromas BCE. Ar deireadh, cuirtear síos inti ar an timpeallacht riosca ina bhfeidhmíonn BCE, ag cur ar fáil faisnéise ar na sonraí sonracha a bhfuil BCE neamhchosanta orthu, agus na beartais bhainistíochta riosca a úsáidtear chun rioscaí a mhaolú.

1.2 Príomhchúraimí agus príomhghníomhaíochtaí

Is cuid den Eurochóras BCE, lena gcuimsítear, seachas BCE, na bainc ceannais náisiúnta (BCNanna) de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) arb é an euro a n‑airgeadra.[3] Is é an príomhchuspóir atá ag an Eurochóras cobhsaíocht praghsanna a choimeád. Comhlíonann BCE a chúraimí mar atá tuairiscithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh[4] agus i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (Reacht CEBC)[5] (Fíor 1). Seolann BCE a ghníomhaíochtaí chun a shainordú a chur i gcrích agus ní leis an rún brabús a ghiniúint.

Fíor 1

Príomhchúraimí an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Déantar beartas airgeadaíochta an Eurochórais a thaifeadadh i ráitis airgeadais BCE agus BCNanna an limistéir euro, ag léiriú phrionsabal chur chun feidhme díláraithe an bheartais airgeadaíochta san Eurochóras. I dTábla 1 thíos cuirtear ar fáil forbhreathnú ar phríomhoibríochtaí agus príomhfheidhmeanna BCE in iarracht a shainordú a chur i gcrích, agus a dtionchar ar ráitis airgeadais BCE.

Tábla 1

Príomhghníomhaíochtaí BCE agus a dtionchar ar ráitis airgeadais

Cur chun feidhme beartais airgeadaíochta

Iasachtú agus dliteanais d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a bhaineann le hoibríochtaí beartais airgeadaíochta

Is éard atá i gcreat oibríochtúil beartais airgeadaíochta an Eurochórais sraith ionstraimí beartais airgeadaíochta. Déanann an tEurochóras oibríochtaí caighdeánacha, rialta margaidh oscailte i.e. neamh-struchtúracha, soláthair leachtachta, cuireann sé buansaoráidí ar fáil agus cuireann sé de cheangal ar institiúidí creidmheasa cúlchistí íosta a bheith acu.[6]

Úsáideann BCNanna na hionstraimí beartais airgeadaíochta sin ar bhealach díláraithe agus léirítear iad ina ráitis airgeadais faoi “Iasachtaí d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a bhaineann le hoibríochtaí beartais airgeadaíochta a ainmnítear in euro” agus “Dliteanais i leith institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a bhaineann le hoibríochtaí beartais airgeadaíochta a ainmnítear in euro” sa chlár comhardaithe. Dá réir sin, níl aon tionchar acu ar ráitis airgeadais BCE.

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

Is iad BCE agus BCNanna an Eurochórais a rinne ceannacháin na n-urrús sin agus taifeadadh iad sa chlár comhardaithe faoi “Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta”. Cuirtear na hurrúis fiachais arna sealbhú i gcuntas ag costas amúchta faoi réir lagaithe.

Cuirtear fabhruithe cúpóin agus préimheanna amúchta agus lascainí san áireamh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Ioncam úis” nó “Speansas úis”, ag brath ar cibé acu atá an glanmhéid deimhneach nó diúltach.

Tá gnóthachain agus caillteanais réadaithe, más ann dóibh, curtha san áireamh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Gnóthachain/(caillteanais) réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais”.

Urrúis a iasachtú

Tá urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta ar fáil lena n‑iasachtú ag an Eurochóras.[7] Thar ceann BCE, seoltar na hoibríochtaí sin trí institiúidí speisialaithe. Déantar na hoibríochtaí seo a thaifeadadh sa chlár comhardaithe faoi “Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro” agus “Dliteanais eile do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro” má chuirtear comhthaobhacht ar fáil i bhfoirm airgid thirim agus má fhanann an t-airgead sin gan infheistiú. I ngach cás eile, déantar na hoibríochtaí iasachtaithe urrús a thaifeadadh i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe.

Tá fabhruithe úis curtha san áireamh i gcuntas brabúis agus caillteanais BCE mar “Ioncam úis” nó “Speansas úis”.

Soláthar leachtachta in airgeadra eachtrach

Gníomhaíonn BCE mar idirghabhálaí idir bainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro agus BCNanna an limistéir euro trí idirbhearta babhtála arb é is aidhm dóibh cistiú gearrthéarmach airgeadra eachtraigh a thairiscint do chontrapháirtithe an Eurochórais.[8]

Déantar na hoibríochtaí seo a thaifeadadh sa chlár comhardaithe faoi “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro” agus “Éilimh a bhaineann le TARGET (glan)” / “Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan)”, chomh maith le cuntais lasmuigh den chlár comhardaithe.

Tá fabhruithe úis curtha san áireamh i gcuntas brabúis agus caillteanais BCE mar “Ioncam úis” nó “Speansas úis”.

Soláthar leachtachta do bhainc cheannais in euro nach bhfuil sa limistéar euro

Féadfaidh an tEurochóras leachtacht euro a sholáthar do bhainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro trí bhíthin idirbhearta babhtála agus idirbhearta athcheannaigh mar mhalairt ar chomhthaobhacht incháilithe.[9]

Do BCE, déantar na hoibríochtaí babhtála seo a thaifeadadh sa chlár comhardaithe faoi “Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach” agus “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro” nó “Éilimh a bhaineann le TARGET (glan)” / “Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan)”, chomh maith le cuntais lasmuigh den chlár comhardaithe.

Tá fabhruithe úis curtha san áireamh i gcuntas brabúis agus caillteanais BCE mar “Ioncam úis” nó “Speansas úis”.

Oibríochtaí um malairt eachtrach a dhéanamh agus cúlchistí eachtracha a bhainistiú

Oibríochtaí um malairt eachtrach agus cúlchistí eachtracha a bhainistiú

Cuirtear cúlchistí eachtracha BCE i láthair sa chlár comhardaithe, go príomha faoi “Ór agus infháltais óir”, “Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach” agus “Éilimh ar chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”, cé go gcuirfí aon dliteanas lena mbaineann i láthair faoi “Dliteanais do chónaitheoirí sa limistéar euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach” agus “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”. Léirítear idirbhearta um malairt eachtrach i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe go dtí an dáta socraíochta.

Tá fabhruithe cúpóin agus préimheanna amúchta curtha san áireamh sa chuntas brabúis agus caillteanais mar “Ioncam úis” nó “Speansas úis”.

Tá caillteanais phraghais agus ráta malairte neamhréadaithe níos airde ná gnóthachain neamhréadaithe a taifeadadh roimhe ar na míreanna céanna, agus gnóthachain agus caillteanais réadaithe a éiríonn as díolachán cúlchistí eachtracha, curtha san áireamh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Díluachálacha ar shócmhainní agus staideanna airgeadais” agus “Gnóthachain/(caillteanais) réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais” faoi seach. Déantar gnóthachain a thaifeadadh sa chlár comhardaithe faoi “Cuntais athluachála”.

Oibriú réidh na gcóras íocaíochta a chur chun cinn

Córais íocaíochta (TARGET)

Déantar iarmhéideanna laistigh den Eurochóras de BCNanna sa limistéar euro vis‑à‑vis BCE a eascraíonn as TARGET a thíolacadh le chéile sa chlár comhardaithe BCE mar ghlansuíomh aonair sócmhainní nó dliteanas faoi “Éilimh a bhaineann le TARGET (glan)” nó “Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan)”.[10] Nochtar iarmhéideanna in-CEBC BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro vis-à-vis BCE, ag eascairt as a rannpháirtíocht in TARGET a thaifeadadh sa chlár comhardaithe faoi “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”. Déantar iarmhéideanna córas coimhdeach atá nasctha le TARGET trí chomhpháirt TARGET‑BCE a thaifeadadh sa chlár comhardaithe faoi “Dliteanais do chónaitheoirí eile an limistéir euro a ainmnítear in euro” nó “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”, ag brath ar cé acu atá an t‑eintiteas bainistíochta bunaithe sa limistéar euro nó lasmuigh de.[11] Tá fabhruithe úis curtha san áireamh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Ioncam úis” nó “Speansas úis”.

Rannchuidiú le sábháilteacht agus fóntacht an chórais baincéireachta agus cobhsaíocht an chórais airgeadais

Maoirseacht bhaincéireachta - an Sásra Maoirseachta Aonair

Déantar speansais bhliantúla BCE maidir lena chúraimí maoirseachta a aisghabháil trí tháillí maoirseachta bliantúla arna thobhach ar na heintitis mhaoirsithe. Tá na táillí maoirseachta curtha san áireamh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Glanioncam/(speansas) ó tháillí agus ó choimisiúin”.

Ina theannta sin, tá BCE i dteideal pionóis riaracháin a fhorchur ar eintitis faoi mhaoirseacht as dlí baincéireachta an Aontais is infheidhme maidir le ceanglais stuamachta (lena n‑áirítear cinntí maoirseachta BCE) a neamhchomhlíonadh. Tá na táillí maoirseachta curtha san áireamh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Glanioncam/(speansas) ó tháillí agus ó choimisiúin”.

Eile

Nótaí bainc i gcúrsaíocht

Leithdháileadh do BCE sciar 8% de luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht. Tá an sciar sin bunaithe ar éilimh ar na BCNanna a thaifeadtar sa chlár comhardaithe faoi ‘Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras’ agus a íocadh ag an ráta a d’úsáid an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin. Déantar an t-ús a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Ioncam úis”.

BCE a iompraíonn go lárnach speansais a eascraíonn as nótaí bainc a iompar trasna teorann idir clólanna nótaí bainc agus BCNanna, chun nótaí bainc nua a sheachadadh, agus idir BCNanna, chun ganntanais a chúiteamh le stoic bharrachais. Cuirtear na speansais seo i láthair sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Seirbhísí táirgthe nótaí bainc”.

Punann cistí dílse

Cuirtear punann cistí dílse BCE i láthair sa chlár comhardaithe, go príomha faoi “Sócmhainní airgeadais eile”.

Tá fabhruithe cúpóin agus préimheanna amúchta curtha san áireamh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Ioncam úis” nó “Speansas úis”.

Tá caillteanais phraghais neamhréadaithe atá níos airde ná gnóthachain phraghais neamhréadaithe a taifeadadh roimhe ar na míreanna céanna, agus gnóthachain agus caillteanais réadaithe a éiríonn as díolachán urrús, curtha san áireamh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Díluachálacha ar shócmhainní agus staideanna airgeadais” agus “Gnóthachain/(caillteanais) réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais” faoi seach. Déantar gnóthachain praghais a thaifeadadh sa chlár comhardaithe faoi “Cuntais athluachála”.

1.3 Forbairtí airgeadais

1.3.1 Clár comhardaithe

Tháinig méadú suntasach ar chlár comhardaithe BCE idir 2020 agus 2022, go príomha i ngeall ar cheannach glan amach urrús ag BCE i gcomhthéacs chur chun feidhme bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (Cairt 1). Ba iad glancheannacháin urrús faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus seoladh chlár ceannaithe éigeandála na paindéime (CCÉP) i mí an Mhárta 2020 príomhspreagthaí an leathnaithe shuntasaigh in 2020 agus in 2021.[12] Scoireadh de ghlancheannacháin urrús faoi CCÉP agus CCSL ó dheireadh mhí an Mhárta 2022 agus ón 1 Iúil 2022, faoi seach, rud a d’fhág gur tháinig méadú níos measartha ar clár comhardaithe BCE in 2022. In 2023, thosaigh clár comhardaithe BCE ag laghdú, go príomha i ngeall ar an laghdú de réir a chéile ar shealúchais faoin CCS mar thoradh ar athinfheistíocht pháirteach na n‑íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis a tháinig in aibíocht idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh 2023, agus ar scor iomlán athinfheistíochtaí den sórt sin ó mhí Iúil 2023.

€32.6 billiún
Laghdú ar chlár comhardaithe BCE

In 2024 tháinig laghdú €32.6 billiún ar Chlár Comhardaithe BCE go €640.6 billiún, mar gheall ar fhuascailtí urrús arna sealbhú faoi CCS agus CCÉP den chuid is mó. De bharr na fuascailtí seo bhí laghdú in urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta, agus de bharr shocraíocht airgid na hidirbhearta seo trí chuntais TARGET bhí laghdú comhfhreagrach ann i ndliteanais in-Eurochórais. Fritháiríodh an laghdú seo i bpáirt mar gheall ar an ardú ar luach coibhéiseach euro shócmhainní cúlchistí eachtracha BCE.

Cairt 1

Príomh-chomhpháirteanna chlár comhardaithe BCE

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Chun críocha Cuntas Bliantúil BCE a ullmhú, is éard atá i nglanchothromas BCE a chaipiteal íoctha, aon mhéid arna shealbhú sa soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais agus an cúlchiste ginearálta, na cuntais athluachála (seachas an cuntas athluachála le haghaidh sochair iarfhostaíochta), aon chaillteanas carntha ó bhlianta roimhe sin agus aon bhrabús/chaillteanas le haghaidh na bliana.
Le haghaidh eolais ar choigeartuithe na bhfigiúirí in 2023, féach ar “Athruithe ar chur i láthair i ráitis airgeadais” i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’ i ráitis airgeadais BCE.

59%
Sciar na n-urrús arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta ar shócmhainní iomlána

B’urrúis ainmnithe in Euro arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta iad 59% de shócmhainní iomlána BCE ag deireadh 2024. Faoin mír seo sa chlár comhardaithe, sealbhaíonn BCE urrúis a fuarthas i gcomhthéacs Chlár na Margaí Urrús (CMU), CCBC3, CCUSB, CCEP agus CCÉP. Luacháiltear na hurrúis faoi na cláir sin mar chostas amúchta faoi réir lagú.

€48.6 billiún
Laghdú in urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

Bunaithe ar na cinntí ábhartha ón gComhairle Rialaithe, ó mhí Iúil 2023 i leith, ní dhéanann an tEurochóras na príomhíocaíochtaí ó urrúis atá ag teacht in aibíocht faoin CCS a athinfheistiú a thuilleadh. Lean an tEurochóras d’athinfheistiú na príomhíocaíochtaí ó urrúis atá ag teacht in aibíocht faoin CCÉP ina iomláine sa chéad leath de 2024 agus go páirteach le linn an dara leath den bhliain, rud a chuireann laghdú €7.5 billiún sa mhí ar an meán ar phunann CCÉP ar leibheál Eurochórais sa tréimhse sin. Ag deireadh 2024 scoireadh de na hathinfheistíochtaí faoi CCÉP. De thoradh ar na cinntí sin, tháinig laghdú €48.6 billiún ar an bpunann urrús arna sealbhú ag BCE chun críocha beartais airgeadaíochta go €376.8 billiún (Cairt 2). Tháinig laghdú €41.6 billiún ar CCS go €220.1 billiún agus tháinig laghdú €32.2 billiún, €6.3 billiún agus €3.1 billiún ar shealúchais CCEP, CCUSB agus CCBC3 faoi CCS faoi seach. Tháinig laghdú €6.8 billiún ar phunann CCÉP go €156.3 billiún.

Cairt 2

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.

Bhí próifíl aibíochta éagsúlaithe (Cairt 3) ag na hurrúis arna sealbhú ag BCE faoin CCS agus CCÉP ag deireadh 2024.[13]

Cairt 3

Próifíl aibíochta CCS agus CCÉP

Foinse: BCE.
Nóta: Le haghaidh urrúis shócmhainn-bhunaithe, tá an phróifíl aibíochta bunaithe ar shaolré meánach ualaithe na n-urrús seachas an dáta aibíochta dlíthiúil.

In 2024 tháinig méadú €15.4 billiún go €103.1 billiún ar luach coibhéiseach euro iomlán shócmhainní cúlchistí eachtracha BCE, arb é atá ann ór, cearta tarraingthe speisialta, dollair na Stát Aontaithe, yen na Seapáine agus renminbi na Síne.

€10.5 billiún
Méadú ar luach shealúchais óir BCE i ngeall ar mhéadú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro

Tháinig méadú €10.5 billiún go €40.9 billiún ar luach coibhéiseach euro shealúchais óir BCE in 2024 (Cairt 4) i ngeall ar mhéadú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro. De bharr an ardaithe seo freisin bhí ardú coibhéiseach i gcuntais athluachála óir BCE (féach Roinn 1.3.2 “Glanchothromas”).

Cairt 4

Sealúchais óir agus praghasanna óir

(scála ar chlé: EUR billiúin; scála ar dheis: euro in aghaidh unsa troí óir)

Foinse: BCE.
Nóta: Ní chumhdaíonn “Cuntais athluachála óir” ranníocaíochtaí bhainc ceannais na mBallstát a chuaigh isteach sa limistéar euro tar éis an 1 Eanáir 1999 le cuntais athluachála óir carntha BCE amhail ar an lá roimh a n-iontráil san Eurochóras.

€4.7 billiún
Méadú ar shealúchais airgeadra eachtraigh BCE

Tháinig méadú €4.7 billiún go €60.0 billiún (Cairt 5) ar shealúchais airgeadra eachtraigh BCE de dhollair na Stát Aontaithe, yen na Seapáine agus renminbi na Síne, go príomha de bharr luachmhéadú dhollar na Stát Aontaithe in aghaidh an euro agus infheistíocht ioncaim a tuilleadh i rith na bliana, ar phunann dhollar na Stát Aontaithe den chuid is mó.[14] Léiríodh luachmhéadú dhollar SAM in aghaidh an euro freisin in iarmhéideanna níos airde i gcuntais athluachála airgeadra BCE (féach Roinn 1.3.2 “Glanchothromas”).

Cairt 5

Sealúchais airgeadra eachtraigh

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.

Dollar na Stát Aontaithe atá i bpríomhchuid de shealúchais airgeadra eachtraigh BCE, agus 83% den iomlán a bhí i gceist leis ag deireadh 2024.

Bainistíonn BCE infheistíocht a shealúchais airgeadra eachtraigh trí úsáid a bhaint as cur chuige trí chéim. Ar dtús, déanann bainisteoirí riosca BCE punann tagarmharc straitéiseach a dhearadh agus déanann an Chomhairle Rialaithe é a cheadú. Sa dara dul síos, dearann bainisteoirí punainne BCE an phunann tagarmharc oirbheartaíoch, a dhéanann an Bord Feidhmiúcháin a fhaomhadh. Ar an tríú dul síos, déanann na BCNanna oibríochtaí infheistíochtaí ar bhealach díláraithe ar bhonn lá go lá.

Déantar sealúchais airgeadais eachtraigh BCE a infheistiú go príomha in urrúis agus taiscí margaí airgid nó coinnítear iad i gcuntais reatha (Cairt 6). Luacháiltear urrúis sa phunann seo ag praghsanna margaidh deireadh bliana.

Cairt 6

Comhdhéanamh infheistíochtaí airgeadra eachtraigh

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.

64%
Urrús arna ainmniú in airgeadra eachtrach le haibíocht níos lú ná bliain amháin

Is é cuspóir shealúchais airgeadra eachtraigh BCE idirghabhálacha féideartha airgeadais sa mhargadh malairte eachtraí a mhaoiniú. Ar an gcúis seo, déantar sealúchais airgeadais eachtraigh BCE a bhainistiú de réir trí chuspóir (in ord tosaíochta): leachtacht, sábháilteacht agus toradh. Ar an mbonn sin, cuimsítear go príomha sa phunann seo urrúis le haibíochtaí gearra (Cairt 7).

Cairt 7

Próifíl aibíochta urrús ainmnithe in airgeadra eachtrach

Foinse: BCE.

Tháinig méadú €0.6 billiún ar luach na punainne cistí dílse go €22.7 billiún (Cairt 8), go príomha mar gheall ar athinfheistíocht ioncaim úis a gineadh ar an bpunann sin.

Urrúis ainmnithe in euro a luacháiltear ag praghsanna margaidh deireadh bliana go príomha atá sa phunann. In 2024, b’ionann urrúis fiachais rialtais agus 78% den phunann iomlán.

28%
Sciar na n-infheistíochtaí inbhuanaithe agus freagracha sa phunann cistí dílse BCE

Lean sciar na n-infheistíochtaí glasa sa phunann cistí dílse dá mhéadú, ag dul ó 20% ag deireadh 2023 go 28% ag deireadh 2024. Beartaíonn BCE an sciar seo a ardú a thuilleadh sna blianta seo romhainn.[15] In 2021 agus 2022 comhlánaíodh ceannacháin bannaí glasa i margaí tánaisteacha le hinfheistíochtaí i gciste infheistíochta bannaí glasa a ainmnítear in euro le haghaidh bainc cheannais a sheol an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta i mí Eanáir 2021. I mí Dheireadh Fómhair 2024, thosaigh BCE ag infheistiú sciar beag dá chistí dílse i gcistí arna dtrádáil ar an malartán cothromais (ETFanna) lena rianaítear tagarmharcanna atá ailínithe le Comhaontú Pháras.[16] Cuireann an t-éagsúlú sin le hacmhainneacht toraidh phunann cistí dílse BCE agus déanann sé a infheistíochtaí a ailíniú tuilleadh le conair dícharbónaithe atá comhsheasmhach le spriocanna Chomhaontú Pháras agus leis an Dlí Aeráide Eorpach.[17]

Cairt 8

Punann cistí dílse BCE

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.

Is éard atá i bpunann cistí dílse BCE go príomha infheistíochtaí a chaipitil íoctha agus na méideanna a chuirtear i leataobh sa chúlchiste ginearálta agus an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais. Is é is cuspóir don phunann seo ioncam a sholáthar chun cuidiú le maoiniú na speansas oibriúcháin sin de chuid BCE nach bhfuil gaolta le comhlíonadh a chúraimí maoirseachta.[18] Infheistítear é i sócmhainní ainmnithe in euro, faoi réir na dteorainneacha a fhorchuirtear lena chreat rialaithe riosca. Tá de thoradh air seo struchtúr aibíochta níos éagsúlaithe (Cairt 9) i gcomparáid leis an bpunann cúlchistí eachtracha.

Cairt 9

Próifíl aibíochta urrús cistí dílse

Foinse: BCE.

Ag deireadh 2024, ba é luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht eisithe ag an tEurochóras €1,588.3 billiún, 1.3% d’ardú i gcomparáid le deireadh 2023. Leithdháileadh do BCE sciar 8% de luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht, arbh ionann é agus €127.1 billiún faoi dheireadh na bliana. De réir an dlí, tá sé de cheart ag BCE agus BCNanna sa limistéar euro nótaí bainc euro a eisiúint. Go praiticiúil, áfach, is iad na BCNanna amháin a eisíonn nótaí bainc euro nó a tharraingíonn siar ó chúrsaíocht iad. Mar sin, coinníonn BCE éilimh in‑Eurochórais vis-à-vis BCNanna an limistéir euro coibhéiseach le luach na nótaí bainc i gcúrsaíocht a leithdháiltear air.

Tháinig laghdú €56.4 billiún go dtí €388.7 billiún in 2024 ar dhliteanais BCE laistigh den Eurochóras, arb é atá iontu den chuid is mó glan‑iarmhéid TARGET de BCNanna sa limistéar euro vis‑à‑vis BCE agus dliteanais BCE maidir leis na sócmhainní cúlchistí eachtracha a d’aistrigh BCNanna sa limistéar euro chuige nuair a chuaigh siad isteach san Eurochóras.

€56.3 billiún
Laghdú ar ghlandliteanas TARGET BCE

Bíonn forbairt na ndliteanas in-Eurochórais á cinneadh ag treocht ghlandliteanas TARGET. Ar na príomhthosca a chuir leis na hathruithe ar chomhardú ghlandliteanas TARGET le himeacht na tréimhse 2020-24, bhí ceannacháin agus fuascailtí urrús beartais airgeadaíochta, a shocraítear trí chuntais TARGET, agus athruithe ar dhliteanais do chónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro (Cairt 10). In 2024 tháinig laghdú €56.3 billiún ar ghlandliteanas TARGET BCE go príomha mar gheall ar na hinsreafaí airgid ó fhuascailtí urrúis an bheartais airgeadaíochta agus an méadú ar dhliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéar euro a ainmnítear in euro.

Cairt 10

Glan-iarmhéideanna TARGET in-Eurochórais, dliteanais do chónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro agus urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Chun críoch na cairte seo, is é atá i “Dliteanais do chónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro” ná “Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro”, “Dliteanais do chónaitheoirí eile an limistéir euro a ainmnítear in euro” agus “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”.

In 2024 tháinig méadú €16.6 billiún ar dhliteanais eile BCE go €74.9 billiún go príomha mar gheall ar mhéadú ar dhliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéar euro a ainmnítear in euro mar thoradh ar thaiscí níos airde arna nglacadh ag BCE ina ról mar ghníomhaire fioscach.[19]

1.3.2 Glanchothromas

€50.0 billiún
Glanchothromas BCE

Is éard atá i nglanchothromas BCE a chaipiteal íoctha, aon mhéid arna shealbhú sa soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais agus an cúlchiste ginearálta, na cuntais athluachála, aon chaillteanas carntha ó bhlianta roimhe sin agus aon bhrabús/chaillteanas le haghaidh na bliana.[20],[21]

Ag deireadh 2024, luach €50.0 billiún ar an iomlán a bhí ar ghlanchothromas BCE (Cairt 11 agus Tabla 2). Bhí seo €5.4 billiún níos airde ná mar a bhí ag deireadh 2023 mar thoradh ar mhéadú sna cuntais athluachála, go príomha mar gheall ar mhéadú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro in 2024 agus luachmhéadú an dollar SAM in aghaidh an euro. An méadú ar ghlanchothromas BCE a bhí mar thoradh air sin, fritháiríodh go páirteach é (i) leis an gcaillteanas a tabhaíodh in 2024; agus (ii) leis an laghdú ar chaipiteal íoctha tar éis an choigeartaithe cúig bliana ar scála caipitil BCE a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024 agus as ar tháinig laghdú ar ualú BCNanna an limistéir euro (le suibscríbhinní íoctha ina n‑iomláine acu).

Cairt 11

Glanchothromas BCE

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Áirítear le “Cuntais athluachála” gnóthachain athluachála iomlána ar ór, airgreadra eachtrach, agus urrúis agus ionstraimí eile ach ní áirítear an cuntas athluachála le haghaidh sochair iarfhostaíochta.

Tábla 2

Athruithe ar ghlanchothromas BCE

(EUR milliúin)

Caipiteal

Cuntais athluachála

Caillteanas arna dtabhairt ar aghaidh

Caillteanas don bhliain

Glanchothromas iomlán

Iarmhéid an 31 Nollaig 2023

8,948

36,861

-

(1,266)

44,543

Caillteanais charntha arna dtabhairt ar aghaidh

(1,266)

1,266

-

Coigeartú gach 5 bliana ar scála caipitil BCE

(23)

(23)

Cuntais athluachála

13,375

- Ór

10476

- Airgeadra eachtrach

2976

- Urrúis agus ionstraimí eile

(77)

Caillteanas don bhliain

(7,944)

(7,944)

Iarmhéid an 31 Nollaig 2024

8,925

50,236

(1,266)

(7,944)

49,951

34%
Méadú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro

Gnóthachain neamhréadaithe ar ór, airgeadra eachtrach, agus urrúis agus ionstraimí eile atá faoi réir athluacháil praghais nach n-aithnítear mar ioncam sa chuntas brabúis agus caillteanais ach a thaifeadtar go díreach i gcuntais athluachála a thaispeántar ar thaobh na ndliteanas de chlár comhardaithe BCE. Is féidir na hiarmhéideanna sna cuntais seo a úsáid chun tionchar aon ghluaiseachta neamhfhabhraí a sheasamh sna praghsanna faoi seach agus/nó rátaí malairte agus mar sin teacht aniar BCE i gcoinne rioscaí forluiteacha a neartú. In 2024 tháinig méadú €13.4 billiún go €50.2 billiún ar na cuntais athluachála d’ór, d’airgeadra eachtrach, agus urrúis agus ionstraimí eile de thairbhe comharduithe athluachála níos airde d’ór go príomha mar thoradh ar an ardú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro. Ina theannta sin, tháinig méadú ar chomharduithe athluachála le haghaidh airgeadraí eachtracha i ngeall, go príomha de bharr luachmhéadú dhollar na Stát Aontaithe in aghaidh an euro, rud a fritháiríodh dímheas comharduithe athluachála do yen na Seapáine mar thoradh ar a dímheas in aghaidh an euro (Cairt 12).

Cairt 12

Na príomhrátaí malairte eachtraí agus praghas an óir le himeacht na tréimhse 2020-24

(athruithe céatadáin vis-à-vis 2020; sonraí deireadh bliana)

Foinse: BCE.

I bhfianaise a neamhchosanta ar rioscaí airgeadais (féach Roinn 1.4.1 “Rioscaí airgeadais”), féadfaidh BCE soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais a chur i leataobh a n-úsáidfear é a mhéid a mheasfaidh an Chomhairle Rialaithe is gá chun caillteanais a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar an neamhchosaint sin a fhritháireamh. Nialas a bhí sa soláthar sin an 31 Nollaig 2024 toisc gur baineadh úsáid iomlán as in 2023 chun cuid de chaillteanais na bliana sin a chumhdach. I gcomhthéacs an athbhreithnithe bhliantúil ar mhéid an soláthair sin, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh í a athshlánú nuair a fhillfidh BCE ar bhrabús a dhéanamh agus ar fhritháireamh a dhéanamh ar na caillteanais charntha a tugadh ar aghaidh ó bhlianta roimhe sin.

Ba é €7.9 billiún caillteanas BCE le haghaidh na bliana (féach Roinn 1.3.3 “Cuntas brabúis agus caillteanais”). Cosúil leis an bhliain roimhe seo, chinn an Chomhairle Rialaithe an caillteanas a thabhairt anonn ar chlár comhardaithe BCE lena fhritháireamh in aghaidh brabús amach anseo.

1.3.3 Cuntas brabúis agus caillteanais

Tháinig laghdú ar thoradh BCE gach bliain ó 2020 i leith (Cairt 13). In 2021, an t-ioncam ní ba lú a gineadh ar cúlchistí eachtracha agus ar urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta a spreag an laghdú sin go príomha. In 2022 agus 2023, tháinig an laghdú ar thoradh BCE chun cinn de dheasca teacht ann don riosca ráta úis mar bhí an t-ardú ar rátaí úis sa limistéar euro ina chúis le méadú láithreach ar an speansas úis a d’íoc BCE ar a ghlandliteanas TARGET, a íocadh ag an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe (ráta MRO).[22] Ag an am céanna, níor tháinig méadú chomh mór ná chomh tapa sin ar an ioncam a gineadh ar shócmhainní BCE (féach Roinn 1.4.1 “Rioscaí airgeadais”). Lean an staid sin ar aghaidh in 2024, d’ainneoin ciorruithe ar rátaí beartais a thosaigh i mí an Mheithimh den bhliain sin, toisc go raibh an caiteachas úis a íocadh ar ghlandliteanas TARGET fós níos airde ar an meán ná an ioncam úis a thuilltear ar shócmhainní.

Is fothoradh iad brabúis nó caillteanais ar phríomhsprioc BCE maidir le cobhsaíocht praghsanna

Tagann caillteanais BCE do 2023 agus 2024 tar éis tréimhse fhada de bhrabús mór, agus léirítear leis ról agus gníomhartha beartais riachtanacha an Eurochórais chun a phríomh‑shainordú a chomhlíonadh maidir le cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun agus níl aon tionchar aige ar a chumas beartas airgeadaíochta éifeachtach a stiúradh. Go dtí 2022, leathnaíodh clár comhardaithe BCE go mór mar gheall, den chuid ba mhó, ar cheannacháin urrús faoi na cláir ceannaithe sócmhainní glan amach. Ó thaobh na sócmhainní de, is le haibíochtaí fada agus cúpóin sheasta ag formhór na n-urrús beartais airgeadaíochta arna sealbhú faoi láthair, agus ceannaíodh iad le linn tréimhse inarbh íseal na rátaí úis nó nialasach. Leanann na sócmhainní sin d’ioncam úis réasúnta íseal a ghiniúint, agus ní théann na hathruithe ar eochair-rátaí úis BCE i gcion orthu láithreach. An tráth céanna, bhí socrú airgid na gceannachán sin trí TARGET ina chúis le hardú ar ghlandliteanas TARGET BCE, rud atá thar a bheith íogair maidir le hathruithe ar eochair-rátaí úis BCE.

D’fhéadfadh caillteanais sna blianta amach romhainn a bheith mar thoradh ar theacht ann do riosca ráta úis

Sula bhfillfidh sé ar bhrabús a dhéanamh, féadfaidh BCE caillteanais a thabhú fós sna blianta amach romhainn mar thoradh ar theacht ann do riosca ráta úis. Cé gur éiginnte tarlú agus méid na gcaillteanas, agus braithfidh siad cuid mhór ar threocht eochair-rátaí úis BCE amach anseo agus ar mhéid agus comhdhéanamh chlár comhardaithe BCE, má thagann siad chun cinn, beifear ag súil go mbeidh siad níos ísle ná iad a tabhaíodh in 2023 agus 2024. Lena chois sin, cuirtear i dtábhacht fóntacht airgeadais BCE lena chaipiteal agus lena chuntais athluachála thábhachtacha, arbh é €59.2 billiún a luach le chéile ag deireadh 2024 (féach Roinn 1.3.2 “Glanchothromas”) agus, i gcás ar bith, is féidir le BCE oibriú go héifeachtach agus a phríomh-shainordú a chomhlíonadh maidir le cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun gan beann ar aon chaillteanas.

Cairt 13

Príomh-chomhpháirteanna chuntas brabúis agus caillteanais BCE

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Is éard atá in “Ioncam agus speansais eile” ná “Ioncam/speansas glan ó tháillí agus ó choimisiúin”, “Ioncam ó ionstraimí cothromais agus leasanna rannpháirteacha”, “Ioncam eile” agus “Speansais eile”.

€7,944 mhilliún
Caillteanas BCE do 2024

In 2024, b’ionann caillteanas BCE don bhliain €7,944 mhilliún, rud atá inchomparáide le caillteanas €7,886 mhilliún roimh an aistriú ó fhorálacha riosca in 2023. Sa bhliain sin, scaoileadh an soláthar do rioscaí airgeadais ina iomláine chun caillteanais a tabhaíodh a chumhdach go páirteach, rud a d’fhág go raibh caillteanas €1,266 mhilliún sa bhliain 2023, agus b’ionann an soláthar in 2024 agus nialas. Lean an glan-speansas úis mór (Cairt 14) mar an rud is mó a spreag an caillteanas.

Cairt 14

Nithe a spreag brabús/(caillteanas) BCE in 2023 agus 2024

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.

Ba é ba chúis leis an glan-speansas úis go príomha glandliteanas TARGET BCE

Ba é €6,983 mhilliún glan-speansas úis BCE in 2024, i gcomparáid le €7,193 mhilliún in 2023 (Cairt 15). Is é a phríomh-chomhpháirt an speansas úis suntasach a d’eascair as glandliteanas TARGET BCE, rud a fritháiríodh an t-ioncam úis a eascraíonn as (i) éilimh BCE a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras, (ii) urrúis bheartais airgeadaíochta, agus (iii) cúlchistí eachtracha.

Cairt 15

Glanioncam úis/(glanspeansas úis)

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.

Ioncam úis níos airde, go príomha ar urrúis na hearnála poiblí arna sealbhú faoi CCÉP

Tháinig méadú €383 mhilliún ar ghlanioncam úis a gineadh as urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta go €3,850 milliún in 2024 (Cairt 16), mar gheall go príomha ar an ioncam úis ní b’airde maidir ó shealúchais faoi CCÉP a mhéadaigh €606 mhilliún go €1,206 mhilliún. Ba é amúchadh préimhe níos ísle ar urrúis earnála poiblí ba chúis leis an méadú sin den chuid is mó. Tháinig laghdú €199 milliún ar ghlanioncam úis ó urrúis arna sealbhú faoin CCS (CCBC3, CCUSB agus CCÉP) go €2,619 milliún. Tharla an laghdú seo go príomha mar gheall ar an laghdú €223 mhilliún ar ioncam úis ó shealúchais faoi CCUSB go €419 milliún, mar thoradh ar na sealúchais i bhfad níos ísle a bhí ann mar gheall ar aisíocaíochtaí na n-urrús. B’ionann an t-ioncam úis ar urrúis arna sealbhú faoin CCÉP agus €2,022 mhilliún in 2024, beagnach mar an gcéanna le 2023, mar a fuarthas na hurrúis arna sealbhú faoin bpunann sin ag torthaí ísle agus dá bhrí sin ní raibh ach mionéifeacht ag a n-aibíochtaí ar an ioncam úis. Tháinig laghdú ó €49 milliún go €24 mhilliún ó ghlanioncam úis ar phunann CMU de thairbhe an laghdaithe ar mhéid na punainne sin mar thoradh ar urrúis ag teacht in aibíocht.

Cairt 16

Glanioncam/(speansas) úis ar urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.

Méadú ar ioncam úis ar phunann dhollar na Stát Aontaithe

Tháinig méadú €155 mhilliún ar ghlanioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha go €2,537 milliún, go príomha mar thoradh ar ioncam úis níos airde ar urrúis a ainmnítear i ndollair na Stát Aontaithe.

4.1%
Meánráta MRO in 2024

Tháining méadú €415 mhilliún go €5,232 mhilliún agus €114 mhilliún go €1,448 milliún ar Ioncam úis a eascraíonn as leithdháileadh nótaí bainc euro ar BCE agus speansas úis a eascraíonn as íocaíocht éilimh BCN i leith cúlchistí eachtracha arna n‑aistriú faoi seach in 2024. Bhí na méaduithe sin mar gheall ar mheánráta MRO níos airde de 4.1% in 2024 (2023: 3.8 %), toisc gur úsáideadh ráta MRO chun luach saothair na n-iarmhéideanna sin a fháil. Thosaigh an Chomhairle Rialaithe ag ísliú eochair-rátaí úis BCE i mí an Mheithimh 2024, rud a laghdaigh an ráta MRO go 3.15% ag deireadh 2024, i gcomparáid le 4.5% ag tús na bliana.

€15,674 mhilliún
Speansas úis a d’eascair as glandliteanas TARGET BCE

Tháining méadú €1,439 milliún go €15,674 mhilliún ar an nglan-speansas úis a eascraíonn as iarmhéideanna TARGET atá dlite ó/chuig BCNanna in 2024. Ba é an meánráta MRO níos airde in 2024 ba mhó ba chúis leis an méadú sin, ós rud é gur úsáideadh an ráta sin freisin le haghaidh íocaíocht iarmhéideanna TARGET in-Eurochórais BCE.

Tháinig laghdú €809 milliún ar an nglanspeansas úis eile go €1,479 milliún in 2024. An glanspeansas úis níos ísle ar thaiscí ar ghlac BCE ina ról mar ghníomhaire fioscach agus ar airgead a fuarthas mar chomhthaobhacht in idirbhearta iasachtaithe urrús, dá bharr meán-iarmhéid níos ísle ar an dá mhír seo in 2024 agus an t-ioncam úis níos airde ar an bpunann cistí dílse mar thoradh ar thorthaí méadaitheacha sa limistéar euro ó 2022 i leith (Cairt 17) ba chúis le seo go príomha. Fritháiríodh na hathruithe seo go páirteach mar gheall ar an speansas úis níos airde ar iarmhéideanna chórais choimhdeacha an limistéir euro mar thoradh ar an méadú breise ar mheán-iarmhéid na míreanna sin agus ar mheánráta luacha saothair níos airde in 2024.

Cairt 17

Torthaí bannaí ceannais seacht mbliana sa limistéar euro

(céatadán in aghaidh na bliana; sonraí deireadh míosa)

Foinse: BCE.

Ba iad préimheanna amuigh ar urrúis arna sealbhú in CCUSB ar aisíocadh iad roimh aibíocht ba mhó a spreag an glanchaillteanais praghsanna réadaithe

Tháinig laghdú €89 milliún go €17 milliún ar ghlanchaillteanais réadaithe a d’eascair as oibríochtaí airgeadais in 2024 (Cairt 18). Ba é ba chúis leis na caillteanais sin go príomha préimheanna amuigh ar urrúis arna sealbhú in CCUSB ar aisíocadh iad roimh aibíocht. Rinneadh na caillteanais phraghais réadaithe in euro a fhritháireamh go páirteach de bharr gnóthachain réadaithe sa ráta malairte, go príomha mar gheall ar dhíluachálacha praghsanna ag deireadh na bliana ar roinnt urrús a ainmnítear i ndollar na Stát Aontaithe.‏

Ba iad luaineachtaí ar thorthaí bannaí dhollar na Stát Aontaithe ba mhó a spreag gnóthachain agus caillteanais phraghais réadaithe ar idirbhearta airgeadais in airgeadra eachtrach, go háirithe ar dhíolacháin urrús a ainmnítear i ndollar na Stát Aontaithe agus ar thodhcaíochtaí ráta úis, agus a fhritháiríonn a chéile den chuid is mó le linn 2024 (Cairt 19 agus 20).

Cairt 18

Gnóthachain/caillteanais réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.

Cairt 19

Gnóthachain/caillteanais réadaithe ráithiúla a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais in 2023 agus 2024

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.

Cairt 20

Torthaí bannaí ceannais dhá bhliain sna Stáit Aontaithe, sa tSeapáin agus sa tSín

(céatadán in aghaidh na bliana; sonraí deireadh míosa)

Foinse: LSEG.

€187 milliún
Díluachálacha praghsanna ar urrús a ainmnítear i ndollar na Stát Aontaithe

Déantar caillteanais athluachála neamhréadaithe a chur chun speansais i bhfoirm díluachálacha ag deireadh na bliana i gcuntas brabúis agus caillteanais BCE. In 2024 b’ionann na díluachálacha sin agus €269 milliún (Cairt 21). D’eascair caillteanais neamhréadaithe praghsanna dar luach €187 milliún den chuid is mó as laghdú ar luach margaidh roinnt urrús a sealbhaítear i bpunann dhollar SAM. Bhí caillteanais ráta malairte neamhréadaithe ann de €81 mhilliún freisin ar shealúchas yen na Seapáine ag BCE in 2024 mar thoradh ar dhímheas an airgeadra sin in aghaidh an euro go ráta malairte faoi bhun chostas fála an tsealúchais.

Cairt 21

Díluachálacha ar shócmhainní agus staideanna airgeadais

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.

Tháinig méadú €198 milliún ar speansais iomlána oibriúcháin BCE, lena n-áirítear dímheas agus seirbhísí táirgthe nóta bainc, go €1,470 milliún (Cairt 22). Costais foirne níos airde, mar gheall ar chostais níos airde i dtaca le sócmhainní iar-fhostaíochta a d’eascair as an leasú ar rialacha phleananna pinsean BCE in 2024, ba chúis go príomha leis an méadú. Tháinig méadú ar chostais riaracháin chomh maith, go príomha mar gheall ar chaiteachas TF níos airde i ndáil leis an gclaochlú digiteach, agus tionchar an bhoilscithe á léiriú freisin.

€681 mhilliún
Ioncam ó tháillí maoirseachta

Clúdaíonn táillí arna thobhach ar na heintitis mhaoirsithe go hiomlán speansais a bhaineann le maoirseacht ar bhaincéireacht. Ar bhonn na speansas iarbhír arna dtabhú ag BCE i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta baincéireachta, b’ionann ioncam táillí maoirseachta le haghaidh 2024 agus €681 mhilliún.[23]

Cairt 22

Speansais oibriúcháin agus ioncam ó tháillí maoirseachta

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.

1.4 Bainistíocht riosca

Is cuid ríthábhachtach í an bhainistíocht riosca de ghníomhaíochtaí BCE agus déantar í trí phróiseas leanúnach (i) um shainaithint agus measúnú riosca, (ii) um athbhreithniú na straitéisí agus na mbeartas riosca, (iii) cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí maolaithe riosca, agus (iv) faireachán agus tuairisciú riosca - a dtacaíonn modheolaíochtaí, próisis agus córais éifeachtacha leo go léir.

Fíor 2

Timthriall bainistíochta riosca

Dírítear sna ranna seo a leanas ar na rioscaí, a bhfoinsí agus na creataí rialaithe riosca is infheidhme.

1.4.1 Rioscaí airgeadais

Beartaíonn an Bord Feidhmiúcháin beartais agus nósanna imeachta lena gcinntítear leibhéal iomchuí cosanta in éadan na rioscaí airgeadais ar a bhfuil BCE neamhchosanta. Rannchuidíonn an Coiste um Bainistiú Riosca (CBR), ina bhfuil saineolaithe ó bhainc ceannais Eurochórais, le monatóireacht, tomhas agus tuairisciú rioscaí airgeadais a bhaineann le clár comhardaithe an Eurochórais, agus sainmhíníonn agus athbhreithníonn sé na modheolaíochtaí agus na creataí bainteacha. An tslí seo, cabhraíonn CBR leis na comhlachtaí cinnteoireachta chun an leibhéal iomchuí cosanta don Eurochórais a chinntiú.

Eascraíonn rioscaí airgeadais ó oibríochtaí agus neamhchosaintí bainteacha BCE. Tá na creataí agus teorainneacha rialaithe riosca a úsáideann BCE chun a phróifíl riosca a bhainistiú difriúil i gcineálacha oibríochta, agus léirítear leis sin beartas nó cuspóirí infheistíochta punanna éagsúla agus gnéithe riosca na mbunsócmhainní.

Chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí, braitheann BCE ar roinnt teicnící meastacháin riosca. Tá na teicnící seo bunaithe ar chomh-mhargadh agus creat ionsamhlúcháin riosca creidmheasa. Leis na príomhchoincheapa, na príomhtheicnící agus na príomhthoimhdí samhaltúcháin faoi na bearta riosca tarraingítear ar chaighdeáin tionscail agus sonraí margaidh atá ar fáil. Déantar na rioscaí a chainníochtú mar an t-easnamh ionchasach (EI), a mheastar ag an leibhéal muiníne 99% thar thréimhse bliana.[24] Úsáidtear dhá chur chuige chun rioscaí a mheas: (i) an cur chuige cuntasaíochta, faoina meastar cuntais athluachála BCE mar mhaolán i ríomh meastachán riosca i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta is infheidhme; agus (ii) an cur chuige airgeadais, nach ndéantar na cuntais athluachála a mheas mar mhaolán faoi sa ríomh riosca. Ríomhann BCE bearta riosca eile ag leibhéil mhuiníne éagsúla, déanann sé cásanailís ar íogaireacht agus strus, agus déanann sé measúnú réamh-mheastacháin fhadtéarmacha neamhchosaintí agus ioncaim chun léargas cuimsitheach a choinneáil ar na rioscaí.[25]

€15.3 billiún
Iomlán rioscaí airgeadais (cur chuige cuntasaíochta EI 99%)

Tháinig laghdú ar rioscaí iomlána BCE le linn na bliana. Ag deireadh 2024, luach €15.3 billiún a bhí ar na rioscaí airgeadais iomlána le chlár comhardaithe BCE, arna thomhas ag easnamh ionchasach ar an leibhéal muiníne 99% thar thréimhse 1 bhliain faoin gcur chuige cuntasaíochta, agus bhí sé €1.5 billiún níos ísle ná na rioscaí measta ag deireadh 2023 (Cairt 23). Is é an laghdú ar shealúchais BCE d’urrúis earnála poiblí faoi CCS agus CCÉP is cúis leis an laghdú ar riosca, ós rud é nach ndearna BCE na príomhíocaíochtaí ó urrúis atá ag teacht in aibíocht agus a ceannaíodh faoin CCS a athinfheistiú a thuilleadh agus, ó mhí Iúil 2024, nach ndearna sé ach na híocaíochtaí sin ó urrúis a aibíonn a ceannaíodh faoi CCÉP a athinfheistiú go páirteach. Bhí laghdú comhfhreagrach ar dhliteanais BCE ag gabháil leis an laghdú ar shealúchais urrús faoin CCS agus CCÉP, rud a rannchuidigh tuilleadh leis an laghdú ar rioscaí, de réir mar a thosaigh neamhréir íogaireachta ráta úis an chláir chomhardaithe ag teacht chun deiridh.

Cairt 23

Iomlán rioscaí airgeadais (cur chuige cuntasaíochta EI 99%)

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.

Riosca creidmheasa

Eascraíonn riosca creidmheasa ó phunanna beartais airgeadaíochta BCE, a phunann cistí dílse agus a shealúchais cúlchiste eachtracha. Cé go luacháiltear urrúis fiachais a choinnítear chun críocha beartais airgeadaíochta ag costas amúchta faoi réir lagaithe agus níl siad mar sin, in éagmais díolachán, faoi réir athruithe a bhaineann le himircí creidmheasa, tá siad fós faoi réir riosca mainneachtain chreidmheasa. Luacháiltear cistí dílse agus cúlchistí eachtracha a ainmnítear in euro ag praghsanna margaidh agus, mar sin, tá siad faoi réir riosca imirce creidmheasa agus riosca mainneachtana creidmheasa. Tháinig laghdú ar riosca creidmheasa i gcomparáid le 2023, mar thoradh ar an laghdú ar urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta.

Déantar riosca creidmheasa a mhaolú go príomha trí chritéir incháilitheachta, nósanna imeachta díchill chuí agus teorainneacha atá éagsúil thar na punanna.

Rioscaí airgeadra agus tráchtearra

Eascraíonn rioscaí airgeadra agus tráchtearra as sealúchais airgeadra eachtracha agus óir BCE. Tháinig méadú ar rioscaí airgeadra agus tráchtearra i gcomparáid le 2023.

I bhfianaise ról beartais na sócmhainní seo, ní fhálaíonn BCE na rioscaí bainteacha airgeadra agus tráchtearra. Ina ionad sin, déantar na rioscaí seo a mhaolú trí chuntais athluachála a bheith ann agus éagsúlú na sealúchas in airgeadraí éagsúla agus ór.

Riosca ráta úis

cúlchistí eachtracha BCE agus cistí dílseacha ainmnithe in euro infheistithe go príomha in urrúis ioncaim sheasta agus tá siad faoi réir riosca ráta úis marcála ón margadh,ós rud é go luacháiltear iad ag praghsanna an mhargaidh. Déantar cúlchistí eachtracha BCE a infheistiú go príomha i sócmhainní le haibíochtaí measartha gairid (féach Cairt 7 i Roinn 1.3.1 “Clár comhardaithe”), agus bíonn go ginearálta aibíochtaí níos faide ag na sócmhainní sa phunann cistí dílse (féach Cairt 9 i Roinn 1.3.1 “Clár comhardaithe”). Tháinig méadú ar riosca ráta úis na bpunann sin, arna thomhas faoin gcur chuige cuntasaíochta, i gcomparáid le 2023, rud a léiríonn forbairtí i ndálaí an mhargaidh.

Déantar riosca ráta úis marcála ón margadh BCE a mhaolú le beartais leithdháilte sócmhainne agus na cuntais athluachála.

BCE faoi réir riosca ráta úis freisin, ag eascairt as mímheaitseálacha idir an ráta úis a thuilltear ar a shócmhainní agus an ráta úis a íoctar ar a dhliteanais, a bhfuil tionchar aige ar a ghlanioncam úis. Níl an riosca seo nasctha go díreach le haon phunann faoi leith ach le struchtúr chlár comhardaithe BCE san iomlán agus, go háirithe, mímheaitseálacha aibíochta agus toraidh a bheith ann idir sócmhainní agus dliteanais. Tá laghdú tagtha ar riosca ráta úis in 2024, rud a léiríonn an laghdú ar dhliteanais BCE i ndiaidh an laghdú ar shealúchais urrús faoin CCS agus CCÉP. I dteannta le tomhas a dhéanamh laistigh den EI ag an leibhéal muiníne 99% thar thréimhse 1 bhliana, déantar faireachán ar an riosca trí réamh-mheastacháin ar bhrabúsacht BCE thar thréimhse mheántéarmach go fadtéarmach.

Déantar an cineál seo riosca a bhainistiú trí bheartais leithdháilte sócmhainne agus déantar é a mhaolú a thuilleadh trí dhliteanais gan íocaíocht a bheith ar chlár comhardaithe BCE.

D’ainneoin sin, tháinig tuilleadh caillteanas in 2024 mar gheall ar theacht ann do riosca ráta úis. Costas dhliteanais BCE, ar mó é ná an t-ús a thuilltear ar a shócmhainní ba mhó a spreag na caillteanais sin. Cion mór de na sócmhainní BCE meántéarmacha go fadtéarmacha lena ngabhann cúpóin ráta sheasta, sealbhaíodh iad nuair a bhí na rátaí úis an-íseal nó nialasach fiú. Cistíodh iad fós le dliteanais ghearrthéarmacha den chuid is mó, a íocadh ag ráta MRO go dtí deireadh 2024. Cé go bhfuil an BCE ag súil go bhillfidh sé ar bhrabúis a dhéanamh, ní chuirtear an fhéidearthacht go mbeidh tuilleadh caillteanas ann sna blianta amach romhainn as an áireamh. Más amhlaidh an cás, táthar ag súil go mbeidh na caillteanais níos lú ná na caillteanais in 2023 agus 2024.

Riosca maidir le hathrú aeráide

Na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide, tá siad á n-ionchorprú i gcreat bainistíochta riosca BCE de réir a chéile. Rinne an tEurochóras an chéad tástáil struis aeráide ar chlár comhardaithe an Eurochórais in 2022, lenarbh fhéidir réamh‑mheastachán ar thionchar an riosca sin ar chlár comhardaithe BCE.[26] Rinneadh tástáil struis aeráide eile in 2024, agus leanfar de thástáil struis aeráide a dhéanamh ar bhonn rialta sna blianta amach romhainn.[27]

1.4.2 Riosca oibriúcháin

Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as beartas agus creat bainistíochta riosca oibriúcháin BCE (BRO).[28] Tacaíonn an Coiste Riosca Oibriúcháin leis an mBord Feidhmiúcháin agus é ag déanamh a róil, is é sin maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú rioscaí oibriúcháin. Is cuid lárnach BRO de struchtúr rialachais agus próisis bhainistíochta BCE.[29]

Is é príomhchuspóir chreat BRO BCE cuidiú maidir lena chinntiú go mbaineann BCE amach a mhisean agus a chuspóirí, agus a chlú agus a shócmhainní a chosaint i gcoinne caillteanais, mí-úsáide agus damáiste. Faoi chreat BRO, tá gach réimse gnó freagrach as a rioscaí oibriúcháin, teagmhais agus rialuithe a shainaithint, a mheasúnú, freagairt orthu, agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Sa chomhthéacs seo, tugtar le beartas caoinfhulaingthe riosca BCE treoir ar straitéisí freagartha ar riosca agus nósanna imeachta glactha riosca. Tá sé nasctha le maitrís riosca cúig bliana bunaithe ar scálaí grádaithe tionchair agus dóchúlachta, trí úsáid a bhaint as critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla.

Tá an timpeallacht ina bhfeidhmíonn BCE neamhchosanta ar bhagairtí atá ag éirí níos casta agus idirnasctha agus tá réimse leathan rioscaí oibriúcháin ann a bhaineann le himeachtaí BCE ó lá go lá. Ar na príomhréimsí imní do BCE tá speictream rioscaí neamhairgeadais mar thoradh ar dhaoine, faisnéis, córais, próisis agus soláthraithe seachtracha tríú páirtí. Dá bhrí sin, tá próisis curtha i bhfeidhm ag BCE chun bainistíocht leanúnach agus éifeachtach a éascú ar a rioscaí oibriúcháin agus chun faisnéis riosca a chomhtháthú isteach sa phróiseas cinnteoireachta. Thairis sin, tá BCE ag díriú i gcónaí ar a theacht aniar a fheabhsú, ag glacadh léargas leathan ar rioscaí agus deiseanna ó pheirspictíocht ceann go ceann, lena n-áirítear gnéithe inbhuanaitheachta. Bunaíodh struchtúir freagartha agus pleananna teagmhasacha chun leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla gnó a áirithiú i gcás aon chur isteach nó géarchéime.

1.4.3 Riosca iompair

Tá Oifig um Chomhlíonadh agus Rialachas tiomnaithe ag BCE mar phríomhfheidhm bainistíochta riosca chun creat rialachais BCE a neartú chun aghaidh a thabhairt ar riosca iompair.[30] Is é an cuspóir atá leis tacú leis an mBord Feidhmiúcháin agus é ag cosaint shláine agus cháil BCE, caighdeáin eiticiúla iompair a chur chun cinn agus cuntasaíocht agus trédhearcacht BCE a neartú. Cuireann Coiste Eitice neamhspleách comhairle agus treoraíocht ar fáil d’oifigigh ardleibhéil BCE maidir le hábhair ionracais agus iompair, agus tacaíonn sé leis an gComhairle Rialaithe rioscaí a bhainistiú ar leibhéal an fheidhmeannais go hiomchuí agus go comhleanúnach. Ar leibhéal an Eurochórais agus an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA), oibríonn an Coiste Eitice agus Comhlíontachta (CEC) chun na creataí iompair do BCNanna agus d’údaráis inniúla náisiúnta a chur chun feidhme go comhleanúnach.

In 2024, chomhaontaigh BCE agus seacht n-institiúid AE eile “Comhlacht Eitice AE” a chruthú chun eitic, sláine agus caighdeáin trédhearcachta agus cuntasachta ghaolmhara a neartú i gcinnteoireacht na hEorpa.[31] Síníodh an comhaontú an 15 Bealtaine 2024 agus tháinig sé i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2024.[32] Is é an príomhchúram atá ag an gComhlacht Eitice AE nua íoschaighdeáin choiteanna a fhorbairt maidir le hoifigigh ardleibhéil. Ag an BCE, cumhdaíonn an raon feidhme comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, na Comhairle Rialaithe agus an Bhoird Maoirseachta. Táthar ag súil go mbeidh tionchar tairbhiúil ag cur chun feidhme caighdeáin choiteanna amach anseo ar iompar eiticiúil, lena n-áirítear rioscaí gaolmhara.

2 Ráitis bhliantúla BCE

2.1 Clár comhardaithe an 31 Nollaig 2024

SÓCMHAINNÍ

Nóta
uimhir

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Ór agus infháltais óir

1

40,895

30,419

Éilimh ar chónaitheoirí i limistéar nach é an limistéar euro é, arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach

2

58,117

55,876

Infháltais ó CAI

2.1

2,227

2,083

Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile

2.2

55,890

53,793

Éilimh ar chónaitheoirí sa limistéar euro, arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach

2.2

4,094

1,450

Éilimh eile ar institiúidí creidmheasa sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro

3

2

17

Urrúis cónaitheoirí sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro

4

376,781

425,349

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

4.1

376,781

425,349

Éilimh laistigh den Eurochóras

5

127,067

125,378

Glanéilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

5.1

127,067

125,378

Sócmhainní eile

6

33,644

34,739

Sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe

6.1

971

1,023

Sócmhainní airgeadais eile

6.2

22,781

22,172

Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

6.3

681

552

Fabhruithe agus speansais réamhíoctha

6.4

9,158

10,905

Ilghnéitheach

6.5

53

88

Iomlán na sócmhainní

640,600

673,229

Nóta: Is féidir nach ionann na hiomláin sna ráitis airgeadais agus sna táblaí mar gheall ar shlánú. Léiríonn na figiúirí 0 agus (0) méideanna deimhneacha agus diúltacha slánaithe go náid, agus léiríonn dais (-) nialas.

DLITEANAIS

Nóta
uimhir

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Nótaí bainc i gcúrsaíocht

7

127,067

125,378

Dliteanais eile i leith institiúidí creidmheasa sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro

8

2,388

4,699

Dliteanais i leith cónaitheoirí eile sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro

9

24,554

20,622

Ollfhiachas rialtais

9.1

73

143

Dliteanais eile

9.2

24,482

20,479

Dliteanais i leith cónaitheoirí de chuid limistéir nach é an limistéar euro é, arna n-ainmniú in euro

10

39,859

23,111

Dliteanais i leith cónaitheoirí i limistéar nach é an limistéar euro é, arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach

11

-

24

Taiscí, iarmhéideanna agus dliteanais eile

11.1

-

24

Dliteanais laistigh den Eurochóras

12

388,676

445,048

Dliteanais atá coibhéiseach le cúlchistí eachtracha a aistriú

12.1

40,562

40,671

Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan)

12.2

348,074

404,336

Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)

12.3

40

40

Dliteanais eile

13

7,615

9,498

Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

13.1

-

68

Fabhruithe agus ioncam a bailíodh roimh ré

13.2

6,288

8,030

Ilghnéitheach

13.3

1,327

1,401

Soláthairtí

14

72

67

Soláthairtí eile

14.1

72

67

Cuntais athluachála

15

50,653

37,099

Caipiteal agus cúlchistí

16

8,925

8,948

Caipiteal

16.1

8,925

8,948

Caillteanais charntha arna dtabhairt ar aghaidh

17

(1,266)

-

Brabús/(caillteanas) don bhliain

(7,944)

(1,266)

Iomlán na ndliteanas

640,600

673,229

2.2 Cuntas brabúis agus caillteanais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2024

Nóta
uimhir

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Glanioncam / (speansas) úis

24

(6,983)

(7,193)

Ioncam úis

66,898

63,723

Speansas úis

(73,881)

(70,916)

Glantoradh na n-oibríochtaí airgeadais agus na ndíluachálacha

(286)

(144)

Gnóthachain/caillteanais réadaithe a eascraíonn ó oibríochtaí airgeadais

25

(17)

(106)

Díluachálacha ar shócmhainní airgeadais agus ar shuíomhanna airgeadais

26

(269)

(38)

Glanioncam/(speansas) ó tháillí agus ó choimisiúin

27

674

650

Ioncam ó ionstraimí cothromais agus ó leasanna rannpháirteachais

28

1

1

Ioncam eile

29

119

72

Costais foirne

30

(844)

(676)

Speansais riaracháin

31

(513)

(481)

Dímheas sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe

(104)

(106)

Seirbhísí táirgthe nótaí bainc

32

(9)

(9)

Brabús/(caillteanas) roimh an aistriú (chuig)/ó fhorálacha riosca

(7,944)

(7,886)

Aistriú (chuig)/ó sholáthairtí riosca

33

-

6,620

Brabús/(caillteanas) don bhliain

(7,944)

(1,266)

Frankfurt am Main, 11 Feabhra 2025
An Banc Ceannais Eorpach

Christine Lagarde
Uachtarán

2.3 Beartais chuntasaíochta

Ábhar agus cur i láthair na ráiteas airgeadais

Tarraingíodh suas ráitis airgeadais BCE de réir na mbeartas cuntasaíochta seo a leanas,[33] i bhfianaise na Comhairle Rialaithe BCE go mbaineann siad amach cur i láthair cothrom de na ráitis airgeadais, ag léiriú ag an am céanna cineál gníomhaíochtaí bainc ceannais.

Prionsabail chuntasaíochta

Cuireadh na prionsabail chuntasaíochta seo a leanas i bhfeidhm: réaltacht eacnamaíoch agus trédhearcacht, críonnacht, imeachtaí iar-chlár comhardaithe, ábharthacht, gnóthas leantach, prionsabal na bhfabhruithe, comhsheasmhacht agus inchomparáideacht.

Aitheantas sócmhainní agus dliteanas

Ní aithnítear sócmhainn ná dliteanas sa chlár comhardaithe ach nuair is dócha go sreabhfaidh aon sochar eacnamaíoch bainteach chuig nó ó BCE, go bhfuil bunús na rioscaí agus luaíochtaí lena mbaineann go léir aistrithe chuig BCE, agus gur féidir costas nó luach mhéid na hoibleagáide a thomhas go hiontaofa.

Bunús na cuntasaíochta

Ullmhaíodh na cuntais ar bhonn costais stairiúil, arna mhodhnú chun luacháil margaidh urrús indíolta (seachas urrúis fiachais a choinnítear faoi láthair chun críocha beartais airgeadaíochta), ór agus gach sócmhainn agus dliteanas a ainmnítear in airgeadra eachtrach ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe a chur san áireamh.

Léirítear idirbheartaíochtaí i sócmhainní agus dliteanais airgeadais sna cuntais ar bhonn an dáta ar socraíodh iad.

Cé is moite de spot-idirbhearta in urrúis, déantar idirbhearta in ionstraimí airgeadais ainmnithe in airgeadas eachtrach a thaifeadadh i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe. Ar dháta na socraíochta, déantar na hiontrálacha lasmuigh den chlár comhardaithe a aisiompú agus déantar idirbhearta a iontráil ar an gclár comhardaithe. Le ceannacháin agus díolacháin airgeadra eachtraigh, imrítear tionchar ar ghlanstaid airgeadra eachtraigh ar an dáta trádála, agus déantar torthaí réadaithe a eascraíonn as díolacháin a ríomh ar an dáta sin freisin. Déantar ús fabhraithe, préimheanna agus lascainí a bhaineann le hionstraimí airgeadais a ainmnítear in airgeadra eachtrach a ríomh agus a thaifeadadh go laethúil, agus déantar difear don staid airgeadra eachtraigh go laethúil leis na fabhruithe seo freisin.

Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh

Déantar sócmhainní agus dliteanais ainmnithe in airgeadra eachtrach a thiontú chuig euro ag an ráta malairte atá i réim ar dháta an chláir comhardaithe. Déantar ioncam agus speansais a thiontú ag an ráta malairte atá i réim ar an dáta taifeadta. Déantar athluacháil sócmhainní malairte agus dliteanais eachtracha, lena n-áirítear ionstraimí ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe, ar bhonn airgeadra-ar-airgeadra

Caitear le hathluacháil go dtí an praghas margaidh le haghaidh sócmhainní agus dliteanais ainmnithe in airgeadra eachtrach ar leithligh ón athluacháil ráta malairte.

Déantar ór a luacháil ag an bpraghas margaidh atá i réim ag dáta an chláir comhardaithe. Ní dhéantar aon idirdhealú idir an praghas agus difríochtaí athluachála airgeadra don ór. Ina ionad sin, cuirtear luacháil óir aonair san áireamh ar bhonn an phraghais in euro in aghaidh an unsa troí óir, praghas a dhíorthaítear, don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2024, ó ráta malairte an euro in aghaidh dhollar na Stát Aontaithe an 31 Nollaig 2024.

Déantar an ceart tarraingthe speisialta (CTS) a shainmhíniú i dtéarmaí ciseán airgeadraí agus cinntear a luach le suim ualaithe rátaí malairte cúig mhór-airgeadra (dollar SAM, an euro, renminbi na Síne, yen na Seapáine agus an punt steirling). Comhshódh sealúchais CTSanna BCE go euro trí úsáid a bhaint as ráta malairte an euro i gcoinne CTS an 31 Nollaig 2024.

Urrúis

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta
Tugtar cuntas ar urrúis fiachais a shealbhaítear faoi láthair chun críocha beartais airgeadaíochta ag costas amúchta faoi réir lagaithe.

Urrúis eile
Déantar urrúis indíolta (seachas urrúis fiachais a shealbhaítear faoi láthair chun críocha beartais airgeadaíochta) agus sócmhainní comhchosúla a luacháil ag na praghsanna meánmhargaidh nó ar bhonn chuair an toraidh bhaintigh atá i réim ar dháta an chláir comhardaithe, ar bhonn urrús go hurrús. Ní dhéantar roghanna a leabaítear in urrúis a scaradh chun críocha luachála. Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2024, úsáideadh praghsanna meánmhargaidh an 30 Nollaig 2024.

Déantar cistí infheistíochta indíolta a athluacháil ar ghlanbhonn ag leibhéal ciste, trí úsáid a bhaint as a nglanluacha sócmhainne. Ní chuirtear aon ghlanluacháil i bhfeidhm idir gnóthachain neamhréadaithe agus caillteanais i gcistí infheistíochta éagsúla.

Déantar scaireanna cothromais neamhleachtacha, agus aon ionstraimí cothromais eile a choinnítear ag costas faoi réir lagaithe.

Aithint ioncaim

Aithnítear ioncam agus speansais sa tréimhse chuntasaíochta ina ndéantar iad a thuilleamh nó a thabhú.[34] Déantar gnóthachain agus caillteanais de thoradh ar dhíolachán airgeadra eachtraigh, óir agus urrús, a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais. Déantar gnóthachain agus caillteanais mar seo a ríomh trí thagairt do chostas meánach na sócmhainne faoi seach.

Ní aithnítear gnóthachain neamhréadaithe mar ioncam agus aistrítear iad go díreach go cuntas athluachála.

Déantar caillteanais neamhréadaithe a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais, ag deireadh na bliana, má sháraíonn siad gnóthachain athluachála roimhe sin a carnadh sa chuntas athluachála comhfhreagrach. Ní dhéantar glanluacháil ar chaillteanais neamhréadaithe mar seo ar aon urrús amháin, ná ar aon airgeadra ná ar ór i gcoinne gnóthachain neamhréadaithe ar airgeadraí nó ór eile. I gcás caillteanais neamhréadaithe mar seo ar aon mhír a thaifeadtar sa chuntas brabúis agus caillteanais, déantar costas meánach na míre sin a laghdú go dtí an ráta malairte nó praghas margaidh deireadh bliana.

Déantar caillteanais lagaithe chuig an gcuntas brabúis agus caillteanais agus ní aisiompófar iad sna blianta ina dhiaidh sin mura laghdaíonn an lagú agus más féidir an laghdú a cheangal le teagmhas inbhraite a tharla tar éis an lagaithe a taifeadadh den chéad uair.

Déantar préimheanna nó lascainí a eascraíonn as urrúis a amúchadh thar shaolré na n-urrús atá fágtha.

Idirbhearta droim ar ais

Is oibríochtaí iad idirbhearta droim ar ais trína gceannaíonn nó trína ndíolann BCE sócmhainní faoi chomhaontú athcheannaigh nó trína seolann BCE oibríochtaí creidmheasa i gcoinne comhthaobhachta.

Faoi chomhaontú athcheannaigh, díoltar urrúis le haghaidh airgead tirim le comhaontú comhuaineach chun iad a athcheannach ón gcontrapháirtí ag praghas comhaontaithe ar dháta socraithe amach anseo. Déantar comhaontuithe athcheannaigh a thaifeadadh mar thaiscí comhthaobhaithe ar thaobh na ndliteanas den chlár comhardaithe. Fanann urrúis a dhíoltar faoi chomhaontú mar seo ar chlár comhardaithe BCE.

Faoi chomhaontú athcheannaigh droim ar ais, ceannaítear urrúis le haghaidh airgead tirim le comhaontú comhuaineach chun iad a dhíol ar ais leis an gcontrapháirtí ag praghas comhaontaithe ar dháta socraithe amach anseo. Déantar comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais a thaifeadadh mar iasachtaí comhthaobhaithe ar thaobh na ndliteanas den chlár comhardaithe, ach ní chuirtear san áireamh iad i sealúchais urrúis BCE.

Ní thaifeadtar idirbhearta droim ar ais (lena n-áirítear idirbhearta iasachta urrús), a dhéantar faoi chlár a thairgeann institiúid speisialaithe, ar an gclár comhardaithe ach nuair a bhí comhthaobhacht curtha ar fáil i bhfoirm airgid agus fanann an t-airgead seo gan infheistiú.

Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Áirítear ionstraimí airgeadra, is é sin réamh-idirbhearta malairte eachtraí, réamh-mhalairtí babhtálacha malairte eachtraí agus ionstraimí airgeadra eile lena mbaineann malartú airgeadra amháin ar airgeadra eile amach anseo sna glanstaideanna airgeadra eachtraigh chun gnóthachain agus caillteanais malairte eachtraí a ríomh.

Déantar ionstraimí ráta úis a athluacháil ar bhonn mír ar mhír. Déantar athruithe laethúla ar chorrlach athrúcháin chonarthaí todhchaíochtaí ráta úis oscailte a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais.

Déanann BCE luacháil réamh-idirbhearta in urrúis bunaithe ar mhodhanna luachála a bhfuil glacadh ginearálta leo trí úsáid a bhaint as praghsanna agus rátaí margaigh inbhraite, chomh maith le tosca lascaine ó na dátaí socraíochta go dtí an dáta luachála.

Sócmhainní seasta

Déantar sócmhainní seasta, lena n-áirítear sócmhainní doláimhsithe, ach gan talamh agus saothair ealaíne san áireamh, a luacháil ag costas lúide dímheas. Déantar talamh agus saothair ealaíne a luacháil ag costas. Déantar príomhfhoirgneamh BCE a luacháil ag costas lúide dímheas faoi réir lagú. Le haghaidh dhímheas phríomhfhoirgneamh BCE, déantar costais a shannadh do na comhpháirteanna sócmhainne cuí, a dhéantar a dhímheas de réir a saolré úsáidí measta. Déantar dímheas a ríomh ar bhonn líne dírí thar shaolré úsáideach ionchasach na sócmhainne, ag tosú sa ráithe tar éis don tsócmhainn a bheith ar fáil le húsáid. Is iad seo a leanas saolréanna úsáide ionchasacha na bpríomhaicmí sócmhainní:

Foirgnimh

20, 25 nó 50 bliana

Gléasra san fhoirgneamh

10 nó 15 bliana

Trealamh teicniúil

4, 10 nó 15 bliana

Ríomhairí, a bhaineann le crua-earraí agus bogearraí, agus mótarfheithiclí

4 bliana

Troscán

10 mbliana

Déantar an tréimhse dhímheasa le haghaidh caiteachas ar athchóiriú caipitlithe a bhaineann le háitreabh reatha BCE ar cíos a choigeartú chun aon imeachtaí a bhfuil tionchar acu ar shaolré úsáideach ionchasach na sócmhainne dá ndéantar difear a chur san áireamh.

Déanann BCE teist lagaithe bhliantúil ar a phríomhfhoirgnimh agus ar shócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a bhaineann le foirgnimh oifige (féach “Léasanna” thíos). Má shainaithnítear táscaire lagaithe, agus má mheastar go bhféadfadh an tsócmhainn a bheith lagaithe, déantar an méid in-aisghabhála a mheas. Déantar caillteanas lagaithe a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais má tá an méid in-aisghabhála níos lú ná an glanluach de réir na leabhar.

Díscríobhtar sócmhainní seasta a bhfuil a gcostas faoi bhun €10,000 sa bhliain fála.

Déantar sócmhainní seasta a chomhlíonann na critéir chaipitlithe, ach atá fós á dtógáil nó i mbéal forbartha, a thaifeadadh faoin gceannteideal “Sócmhainní á dtógáil”. Déantar na costais ghaolmhara a aistriú go dtí na ceannteidil sócmhainní seasta ábhartha nuair a bheidh na sócmhainní réidh le húsáid.

Léasanna

Gníomhaíonn BCE mar léasaí agus mar fholéasóir araon.

BCE mar léasaí
Maidir le gach léas inar léasaí é BCE agus lena mbaineann sócmhainn inláimhsithe, aithnítear an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide agus dliteanas léasa ar an gclár comhardaithe ar dháta tosaithe an léasa, i.e. tráth a bhíonn an tsócmhainn réidh le húsáid, agus a áirítear faoi na ceannteidil ábhartha sócmhainne seasta de “Sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe” agus “Ilghnéitheach” (dliteanais), faoi seach. Nuair a chomhlíonann léasanna na critéir chaipitlithe, ach tá an tsócmhainn ábhartha fós á tógáil nó á hathrú, déantar taifead ar na costais a tabhaíodh roimh an dáta tosaigh léasa faoin gceannteideal “Sócmhainní á dtógáil”.

Déanta sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a luacháil ag costas lúide dímheas. Chomh maith leis sin, tá sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a bhaineann le foirgnimh oifige faoi réir lagú (maidir leis an teist bhliantúil lagaithe, féach “Sócmhainní seasta” thuas). Déantar dímheas a ríomh ar bhonn na líne dírí ón dáta tosaigh go dtí deireadh shaolré úsáideach na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide nó deireadh théarma an léasa, cibé acu is luaithe.

Déantar an dliteanas léasa a thomhas ar dtús ag luach reatha na n-íocaíochtaí léasa todhchaí (nach bhfuil ach comhpháirteanna léasanna iontu), arna lascainiú trí úsáid a bhaint as ráta iasachta incrimintí BCE. Ina dhiaidh sin, déantar an dliteanas léasa a thomhas ag costas amúchta trí úsáid a bhaint as modh an úis ghlain. Déantar an speansas úis bainteach a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Speansas úis eile”. Nuair atá athrú in íocaíochtaí léasa todhchaí ag eascairt as athrú in innéacs nó athmheasúnú eile ar an gconradh reatha, déantar an dliteanas léasa a atomhas. De thoradh ar aon atomhas mar sin bíonn coigeartú comhfhreagrach ar shuim ghlanluacha na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide.

Déantar léasanna gearrthéarma a mhaireann 12 mhí nó níos lú agus léasanna sócmhainní ar luach íseal faoi bhun €10,000 (comhsheasmhach leis an tairseach a úsáidtear chun sócmhainní seasta a aithint) a thaifeadadh mar speansas sa chuntas brabúis agus caillteanais.

BCE mar fholéasóir
Maidir le gach léas inar foléasóir é BCE, tugann BCE do thríú páirtithe an ceart an bhunsócmhainn (nó cuid de shócmhainn den sórt sin) a úsáid, fad a mhaireann an léas idir an léasóir bunaidh agus BCE (ceannléas) i bhfeidhm. Aicmítear an foléas mar léas airgeadais nó oibriúcháin[35] trí thagairt don tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a eascraíonn as an gceannléas, seachas trí thagairt don bhunsócmhainn.

Na foléasanna inar foléasóir é BCE, aicmítear iad mar léas airgeadais agus dí‑aithníonn BCE ó “Sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe” an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a bhaineann leis an gceannléas (nó cuid de shócmhainn den sórt sin) a aistrítear chuig an bhfoléasaí, agus aithníonn faoi “Ilghnéitheach” (sócmhainní) foléas infhála. An dliteanas léasa a bhaineann leis an gceannléas, ní dhéanann an foléas aon difear dó.

Ag an dáta tosaithe, déantar an foléas infhála a thomhas i dtosach ag luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa amach anseo a fhabhróidh do BCE, arna lascainiú leis an ráta lascaine a úsáidtear le haghaidh an cheannléasa. Ina dhiaidh sin, déantar an foléas infhála a thomhas ag costas amúchta trí úsáid a bhaint as modh an úis ghlain. Déantar an t-ioncam úis bainteach a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Ioncam úis eile”.

Sochair iarfhostaíochta BCE agus sochair fhadtéarmacha eile

Feidhmíonn BCE pleananna sochair shainithe dá fhoireann agus do chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus do chomhaltaí an Bhoird Maoirseachta a fhostaíonn BCE.

Tá an plean pinsin foirne á mhaoiniú ag sócmhainní atá á sealbhú i gciste sochar fadtéarmach d’fhostaithe. Léirítear na ranníocaíochtaí éigeantacha a dhéanann BCE agus an fhoireann i gcolún sochair shainithe an phlean. Is féidir le baill foirne ranníocaíochtaí breise a dhéanamh ar bhonn deonach i gcolún ranníocaíochta sainithe ar féidir a úsáid chun sochair bhreise a chur ar fáil.[36] Cinneann méid na ranníocaíochtaí deonacha in éineacht leis na brabúis infheistíochta a eascraíonn as na ranníocaíochtaí sin na sochair bhreise seo.

Tá socruithe neamh-mhaoinithe i bhfeidhm do na sochair iarfhostaíochta agus na sochair fhadtéarmacha eile atá ag comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin agus comhaltaí den Bhord Maoirseachta atá á bhfostú ag BCE. I gcás baill foirne, tá socruithe neamh‑mhaoinithe i bhfeidhm le haghaidh sochair iarfhostaíochta seachas pinsin agus le haghaidh sochair fhadtéarmacha eile.

Glandliteanas sochair shainithe
Is ionann an dliteanas a aithnítear sa chlár comhardaithe faoi “Ilghnéitheach” (dliteanais) i dtaca leis na pleananna sochair shainithe, lena n-áirítear sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta agus luach reatha na hoibleagáide sochair shainithe ag dáta an chláir chomhardaithe, lúide luach cothrom sócmhainní plean a úsáidtear chun an oibleagáid ghaolmhar a mhaoiniú.

Déanann achtúirí neamhspleácha an oibleagáid sochair shainithe a ríomh go bliantúil trí úsáid a bhaint as modh creidmheasa an aonaid réamh-mheasta. Déantar luach reatha na hoibleagáide sochair shainithe a ríomh trí na sreafaí airgid measta amach anseo a lascainiú trí úsáid a bhaint as ráta a chinntear le tagairt do thorthaí margaidh ag dáta an chláir chomhardaithe ar bhannaí corparáideacha ardchaighdeáin ainmnithe in euro a bhfuil téarmaí comhchosúla acu go haibíocht agus atá ag an oibleagáid ghaolmhar.

Is féidir le gnóthachain agus caillteanais achtúireacha eascairt as coigeartuithe taithí (mar a bhfuil torthaí iarbhíre difriúil leis na toimhdí achtúireacha a rinneadh roimhe) agus athruithe i dtoimhdí achtúireacha.

Glanchostas sochair shainithe
Tá an glanchostas sochair shainithe scoilte i gcomhpháirteanna a thuairiscítear sa chuntas brabúis agus caillteanais agus atomhais i dtaca le sochair iarfhostaíochta a léirítear sa chlár comhardaithe faoi “Cuntais athluachála”.

Is é atá sa ghlanmhéid a mhuirearaítear chuig an gcuntas brabúis agus caillteanais;

  1. costas seirbhíse reatha na sochar sainithe a fhabhraítear don bhliain;
  2. costas seirbhíse roimhe seo na sochar sainithe a eascraíonn as leasú plean;
  3. ús glan ag an ráta lascaine ar an nglandliteanas sochair shainithe;
  4. atomhais maidir le sochair fhadtéarmacha eile, ina n-iomláine.

Is é atá sa ghlanmhéid a thaispeántar faoi “Cuntais athluachála” na míreanna seo a leanas:

  1. gnóthachain agus caillteanais achtúireacha i leith sochair iarfhostaíochta
  2. an toradh iarbhír ar shócmhainní plean, gan méideanna a áirítear san ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe.

Déanann achtúirí neamhspleácha na méideanna seo a luacháil go bliantúil chun an dliteanas cuí sna ráitis airgeadais a bhunú.

Iarmhéideanna in-CEBC/iarmhéideanna in-Eurochórais

Bíonn iarmhéideanna in-CEBC ann go príomha de thoradh ar íocaíochtaí trasteorann san Aontas Eorpach a shocraítear in airgead bainc ceannais in euro. Den chuid is mó is eintitis phríobháideacha (i.e. institiúidí creidmheasa, corparáidí agus daoine aonair) a thionscnaíonn na hidirbhearta seo. Socraítear iad in TARGET - an tUathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach - agus tugann siad údar le hiarmhéideanna déthaobhacha i gcuntais TARGET de bhainc cheannais an Aontais Eorpaigh. Íocaíochtaí a dhéanann BCE agus na bainc cheannais náisiúnta (BCNanna), déanann siad difear do na cuntais sin freisin. Déantar gach socrú a chomhiomlánú agus a choigeartú go huathoibríoch chun bheith ina gcuid de sheasamh aonair gach BCN maidir le BCE. Is ionann na staideanna seo i leabhair BCE agus glanéileamh nó glandliteanas gach BCN i gcoinne na coda eile den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC). Na gluaiseachtaí i gcuntais TARGET, léirítear iad i dtaifid chuntasaíochta BCE agus BCNanna ar bhonn laethúil.

Déantar iarmhéideanna laistigh den Eurochóras de BCNanna sa limistéar euro vis‑à‑vis BCE a eascraíonn as TARGET a thíolacadh ar chlár comhardaithe BCE mar ghlansuíomh aonair sócmhainní nó dliteanas faoi “Éilimh a bhaineann le TARGET (glan)” nó “Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan)”. Nochtar iarmhéideanna in-CEBC BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro vis-à-vis BCE, ag eascairt as a rannpháirtíocht in TARGET,[37] faoi “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”.

Tá iarmhéideanna in-Eurochórais ag eascairt as leithroinnt nótaí euro laistigh den Eurochóras san áireamh mar ghlansócmhainn aonair faoi “Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras” (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” thíos).

Tá iarmhéideanna in-Eurochórais ag eascairt as aistriú sócmhainní cúlchistí eachtracha go dtí BCE ag BCNanna ag dul isteach san Eurochóras ainmnithe in euro agus tuairiscítear iad faoi “Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha”.

Déantar iarmhéideanna laistigh den Eurochóras de chuid BCNanna sa limistéar euro vis‑à‑vis BCE a eascraíonn as TARGET, chomh maith le hiarmhéideanna laistigh den Eurochóras a ainmnítear in euro (e.g. dáileadh eatramhach brabúis BCE ar BCNanna, más ann dóibh), a thíolacadh ar chlár comhardaithe BCE mar ghlansuíomh aonair sócmhainní nó dliteanas faoi “Éilimh eile laistigh den Eurochóras (glan)” nó faoi “Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)”.

Nótaí bainc i gcúrsaíocht

Eisíonn BCE agus BCNanna an limistéir euro, arb iad le chéile an tEurochóras, nótaí bainc euro.[38] Leithroinntear luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht do bhainc ceannais an Eurochórais ar an lá oibre deireanach de gach mí de réir an scála leithdháilte nótaí bainc.[39]

Leithdháileadh do BCE sciar 8% de luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht a nochtar sa chlár comhardaithe faoin mír dliteanais “Nótaí bainc i gcúrsaíocht”. Tá éilimh ar na BCNanna mar thaca le sciar BCE d’iomlán na nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht. Nochtar na héilimh sin, a bhfuil ús orthu,[40] faoin mír “Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras” (féach “Iarmhéideanna in-CEBC/iarmhéideanna in-Eurochórais”). Áirítear ioncam úis ar na héilimh sin sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi ‘Ioncam úis’.

Soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais

Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh a dhéanamh freisin an t‑ioncam sin ina iomláine nó cuid de a aistriú chuig soláthar i gcomhair rioscaí airgeadais. Is é is cuspóir don soláthar seo ná go n-úsáidfear é a mhéid a mheasann an Chomhairle Rialaithe gá a bheith leis chun caillteanais a eascraíonn as neamhchosaintí ar rioscaí airgeadais a fhritháireamh. Déantar athbhreithniú bliantúil ar mhéid an tsoláthair le haghaidh rioscaí airgeadais agus ar an gceanglas leanúnach ina leith, bunaithe ar mheasúnú BCE ar a neamhchosaint ar na rioscaí sin agus raon fachtóirí á gcur san áireamh, ach amháin (i) más ionann a mhéid agus nialas, agus (ii) nach bhfuil aon ioncam ó BCE le haistriú chuige.[41]

Dáileadh eatramhach brabúis

Méid atá comhionann le suim ioncam BCE ar nótaí bainc euro i gcúrsaíocht agus ioncam a eascraíonn as na hurrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta a cheannaítear (i) faoin gClár Margaí Urrús, (ii) faoin tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach, (iii) faoin gclár ceannaigh d’urrúis sócmhainn‑bhunaithe, (iv) faoin gclár ceannaigh earnála poiblí, agus (v) faoin gclár ceannaigh éigeandála paindéime a dháilfear i mí Eanáir na bliana ina dhiaidh sin trí bhíthin dáileadh eatramhach brabúis, ach amháin má chinneann an Chomhairle Rialaithe a mhalairt.[42] Glacfar aon chinneadh den sórt sin más rud é, ar bhonn meastacháin réasúnaithe arna ullmhú ag an mBord Feidhmiúcháin, go bhfuil an Chomhairle Rialaithe ag súil go mbeidh caillteanas bliantúil foriomlán ag BCE nó go ndéanfaidh sé brabús bliantúil is lú ná an t‑ioncam sin. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh a dhéanamh freisin an t‑ioncam sin ina iomláine nó cuid de a aistriú chuig soláthar i gcomhair rioscaí airgeadais.

Thairis sin, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh méid an ioncaim ar nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht a laghdú, ar ioncam é a bheidh le dáileadh i mí Eanáir faoi mhéid na gcostas arna dtabhú ag BCE i dtaca le nótaí bainc euro a eisiúint agus a láimhseáil.

Teagmhais iarchláir chomhardaithe

Déantar luachanna sócmhainní agus dliteanas a choigeartú le haghaidh imeachtaí a tharlaíonn idir dáta an chláir chomhardaithe bhliantúil agus an dáta a cheadaíonn an Bord Feidhmiúcháin cur isteach Chuntais Bhliantúla BCE chuig an gComhairle Rialaithe le faomhadh, má dhéanann imeachtaí mar seo difear ábhartha do riocht sócmhainní nó dliteanas ar dháta an chláir chomhardaithe.

Sna nótaí nochtar teagmhais iarchláir chomhardaithe nach ndéanann difear do riocht sócmhainní agus dliteanas ag dáta an chláir chomhardaithe.

Athruithe ar bheartais chuntasaíochta

In 2024 ní dhearnadh aon athrú ar na beartais chuntasaíochta a chuir BCE i bhfeidhm.

Athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta

In 2024 d’athraigh BCE an modh a úsáideadh chun ioncam úis a fhabhrú ar urrúis ioncaim sheasta. Déantar ús cúpóin, préimheanna agus lascainí ar na hurrúis sin a aithint anois i gcomhréir le modh an ráta toraidh inmheánaigh (IRR). Roimhe seo, cuireadh modh IRR i bhfeidhm ar phréimheanna agus lascainí, agus cuireadh modh na líne dírí i bhfeidhm ar ús cúpóin. Tá tionchar ag an athrú ar uainiú aitheantais ioncaim, agus ní dhéantar difear do ghnóthachain ná caillteanais iomlána thar théarma iomlán na n-urrús ioncaim sheasta.

Athruithe ar chur i láthair sna ráitis airgeadais

Le Cinneadh (AE) 2024/2938 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir le cuntais bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2024/32), tugadh isteach athruithe ar chur i láthair na míreanna ‘Caillteanas don bhliain’ agus ‘Caillteanais charntha arna dtabhairt ar aghaidh’ sa chlár comhardaithe. I gCuntais Bhliantúla BCE 2023, cuireadh an mhír ‘Caillteanas don bhliain’ i láthair mar ítim neamhspleách ar thaobh na sócmhainní, tar éis Chinneadh (AE) 2016/2247 is infheidhme ón mBanc Ceannais Eorpach an 3 Samhain 2016 maidir le cuntais bhliantúla an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE/2016/35), arna leasú, cé nár tugadh aon chaillteanais charntha gan íoc ar aghaidh.[43] I gCuntais Bhliantúla BCE 2024, cuirtear ‘Brabús/(caillteanas) don bhliain’ agus ‘Caillteanais charntha arna dtabhairt ar aghaidh’ araon i láthair mar mhíreanna diúltacha neamhspleácha ar thaobh na ndliteanas den chlár comhardaithe.

Thairis sin, tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2024/2938 athruithe breise ar leagan amach an chláir chomhardaithe agus chuntas brabúis agus caillteanais BCE. Áirítear orthu sin (i) an mhír ‘Forálacha’ a roinnt ina ‘Forálacha riosca’[44] agus ‘Forálacha eile’ sa chlár comhardaithe; agus (ii) an miondealú faoi ‘Ioncam úis’ agus ‘Speansas úis’ sa chuntas brabúis agus caillteanais a bhaint, agus an fhaisnéis ábhartha á soláthar ag an am céanna sna nótaí tiomnaithe a ghabhann leis na cuntais.

I measc nithe eile, tá sé i gceist leis na hathruithe sin trédhearcacht a chothú agus luach faisnéise ráitis airgeadais BCE a mhéadú.

Rinneadh na figiúirí comparáideacha le haghaidh 2023 a choigeartú dá réir. Mar thoradh ar an gcaillteanas EUR 1,266 milliún a nochtadh le haghaidh 2023 a chur i láthair mar mhír dhiúltach ar thaobh na ndliteanas den chlár comhardaithe, laghdaítear sócmhainní agus dliteanais iomlána na bliana sin go EUR 673,229 milliún i gcomparáid leis an EUR 674,496 milliún a nochtadh i gCuntais Bhliantúla BCE 2023..

Ar deireadh, in 2024 leasaigh BCE cur i láthair ioncam úis (e.g. ús cúpóin) agus speansas úis (e.g. amúchadh préimheanna) le haghaidh míreanna nach mbaineann le hoibríochtaí beartais airgeadaíochta. Go dtí seo, cuireadh bealaí éagsúla i bhfeidhm chun ioncam úis agus speansas úis a ghlanluacháil faoi ‘Ioncam glanúis úis’ a chuirtear i láthair sa chuntas brabúis agus caillteanais, ag brath ar an gcineál idirbhirt. Chinn BCE, ag tosú in 2024, gur cheart an t-ús a fhabhraíonn ar chineálacha ionstraimí aonair laistigh d’aon ítim nó punann amháin ar an gclár comhardaithe a chur i láthair ar bhonn glan faoi ‘Ioncam úis’ nó ‘Speansas úis’, ag brath ar cé acu atá an glanmhéid ar an gcineál ionstraime nó ar an bpunann deimhneach nó diúltach. Meastar go dtugann an cur i láthair sin léiriú níos fearr ar shubstaint an idirbhirt agus ag an am céanna go n-ailíníonn sé le prionsabal na glanluachála a chuirtear i bhfeidhm ar an ioncam úis agus ar an speansas úis a eascraíonn as sócmhainní agus dliteanais a bhaineann le hoibríochtaí beartais airgeadaíochta.[45] Rinneadh na méideanna inchomparáide le haghaidh 2023 a choigeartú mar a leanas:

Iarmhéid amhail
an 31 Nollaig 2023
€ milliúin

Coigeartú
€ milliúin

An t-iarmhéid atá luaite amhail ag
an 31 Nollaig 2023
€ milliúin

Ioncam úis

63,751

(28)

63,723

Speansas úis

(70,944)

28

(70,916)

Glanioncam / (speansas) úis

(7,193)

-

(7,193)

Saincheisteanna eile

De réir Airteagal 27 de Reacht CEBC, agus ar bhonn moladh den Chomhairle Rialaithe, d’fhaomh Comhairle an Aontais Eorpaigh ceapachán Baker Tilly GmbH & Co. KG Wirtschaftsprüfungsgesellschaft, Düsseldorf (Poblacht Chónaidhme na Gearmáine) mar iniúchóirí seachtracha BCE ar feadh tréimhse cúig bliana go dtí deireadh na bliana airgeadais 2022. In 2023, d’fhormheas Comhairle an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar mholadh ón gComhairle Rialaithe, síneadh 2 bhliain bhreise a chur leis an tréimhse sin go dtí deireadh na bliana airgeadais 2024.

2.4 Nótaí an chláir chomhardaithe

Nóta 1 - Ór agus infháltais óir

Cuimsítear leis an mír seo sealúchais óir BCE:

2024

2023

Cainníocht

Unsaí d’ór mín1

16,285,778

16,285,778

Praghas

Dollar na Stát Aontaithe in aghaidh an unsa troí óir

2,608.750

2,063.950

Dollar SAM in aghaidh an euro

1.0389

1.1050

Margadhluach (€ milliúin)

40,895

30,419

1) Comhfhreagraíonn sé sin do 506.5 tona le haghaidh 2024 agus 2023 araon.

Ba é an t‑ardú ar mhargadhphraghas an óir go príomha ba chúis le méadú a chomhluacha in euro maidir le sealúchais óir BCE i dtéarmaí euro (féach “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 15 “Cuntais athluachála”).

Nóta 2 – Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro agus cónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

Nóta 2.1 – Infháltais ó CAI

Léiríonn an mhír seo sealúchais BCE ar CTSanna; amhail an 31 Nollaig 2024, b’ionann iad agus EUR 2,227 milliún (2023: €2,083 milliún). Tagann sé seo chun cinn de bharr socrú trádála deonaí déthreo ceannaithe agus díolta SDR leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), ar bhealach go bhfuil CAI údaraithe díolacháin nó ceannacháin SRDanna in aghaidh euro a eagrú, ar son an Bhainc Ceannais Eorpaigh, taobh istigh de na leibhéil sealúchais íosta agus uasta. Chun críocha cuntasaíochta, caitear le cearta tarraingthe speisialta mar airgeadra eachtrach (féach “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”). Tháinig méadú ar shealúchais BCE de CTSanna in 2024 mar thoradh ar an ioncam úis a tuilleadh le linn na bliana. Chuir luachmhéadú SDR in aghaidh an euro le linn 2024 le méadú a chomhluacha in euro maidir leis na sealúchais sin.

Nóta 2.2 - Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile; agus éilimh ar chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

Tá iarmhéideanna i gceist leis an dá mhír le bainc agus iasachtaí a ainmnítear in airgeadra eachtrach, agus infheistíochtaí in urrúis a ainmnítear i ndollar SAM, i yen na Seapáine agus i renminbi na Síne.

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro

Cuntais reatha

6,778

7,161

(384)

Taiscí margaí airgid

737

474

264

Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais

241

-

241

Infheistíochtaí urrúis

48,135

46,158

1,977

Na héilimh iomlána ar neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro

55,890

53,793

2,098

Éilimh ar chónaitheoirí an limistéir euro

Cuntais reatha

17

25

(8)

Taiscí margaí airgid

1,464

1,426

39

Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais

2,613

-

2,613

Na héilimh iomlána ar chónaitheoirí an limistéir euro

4,094

1,450

2,644

Iomlán

59,985

55,243

4,741

Tháinig méadú ar luach iomlán na n-ítimí sin in 2024, go príomha mar gheall ar luachmhéadú dhollar na Stát Aontaithe in aghaidh an euro agus athinfheistiú an ioncaim a tuilleadh le linn na bliana, go príomha ar phunann dhollar na Stát Aontaithe.

Ba mar a leanas iad sealúchais airgeadra eachtraigh an Bhainc Ceannais Eorpaigh[46]:

2024
Airgeadra eachtrach
i milliúin

2023
Airgeadra eachtrach
i milliúin

Dollar SAM

55,047

52,590

Yen na Seapáine

1,087,826

1,089,844

Renminbi na Síne

4,694

4,545

Níor tharla aon idirghabháil malairte eachtraí le linn 2024.

Nóta 3 - Éilimh eile ar institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro

Ba é a bhí sa mhír sin an 31 Nollaig 2024 iarmhéideanna cuntais reatha le cónaitheoirí an limistéir euro dar luach €2 milliún (2023: €17 milliún).

Nóta 4 - Urrúis chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro

Nóta 4.1 - Urrúis arna sealbhú chun críocha beartas airgeadaíochta

An 31 Nollaig 2024, is éard a bhí sa mhír sin urrúis arna bhfáil ag BCE laistigh de raon feidhme an Chláir Margaí Urrús (CMU), an tríú clár ceannaithe bannaí faoi chumhdach (CCBC3), an chláir ceannaithe urrús sócmhainn-bhunaithe (CCUSB), chlár ceannaithe na hearnála poiblí (CCEP) agus an chláir ceannaithe éigeandála paindéime (CCÉP).

Dáta tosaigh

Dáta deiridh1

Breith

Réimse na n-urrús incháilithe2

CMU

CMU

Bealtaine 2010

Meán Fómhair 2012

BCE/2010/5

Urrúis fiachais phríobháideacha agus phoiblí a eisítear sa limistéar euro3

An Clár Ceannaithe Sócmhainní (CCS)

CCBC3

Deireadh Fómhair 2014

Meitheamh 2023

BCE/2020/8, arna leasú

Bannaí faoi chumhdach de chuid chónaitheoirí an limistéir euro

CCUSB

Samhain 2014

Meitheamh 2023

BCE/2014/45, arna leasú

Tráinsí mezzanine sinsearacha agus ráthaithe d’urrúis shócmhainn‑bhunaithe de chuid chónaitheoirí an limistéireuro

CCEP

Márta 2015

Meitheamh 2023

BCE/2020/9

Bannaí arna n‑eisiúint ag rialtais láir, réigiúnacha nó áitiúla nó ag gníomhaireachtaí aitheanta sa limistéar euro chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus bainc forbartha iltaobhacha lonnaithe sa limistéar euro

CSPP4

Meitheamh 2016

Meitheamh 2023

BCE/2016/16, arna leasú

Bannaí agus páipéar tráchtála arna n-eisiúint ag institiúidí airgeadais neamhbhainc bunaithe sa limistéar euro

Clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

CCÉP

Márta 2020

Nollaig 2024

BCE/2020/17, arna leasú

Na catagóirí ar fad atá incháilithe faoi CCS

1) I gcás CMU , tagraíonn ‘Dáta deiridh’ do dháta foirceanta an chláir, agus i gcás CCS agus CCÉP seasann sé do dháta deiridh na gceannachán.
2) Tá critéir incháilitheachta bhreise le haghaidh na gclár sonrach le fáil i gcinntí na Comhairle Rialaithe.
3) Níor ceannaíodh faoi CMU ach urrúis fiachais phoiblí arna n‑eisiúint ag cúig státchiste sa limistéar euro.
4) Ní bhfuair BCE aon urrúis faoi chlár ceannaigh na hearnála corparáidí (CSPP).

Lean[47] punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) de bheith ag laghdú in 2024, de réir mar a scoir an tEurochóras de na príomhíocaíochtaí a athinfheistiú ó urrúis a tháinig in aibíocht i mí Iúil 2023.[48]

Maidir le CCÉP,[49] /> tar éis cinneadh ón gComhairle Rialaithe i mí[50] na Nollag 2023, lean an tEurochóras ar aghaidh le linn an chéad leath de 2024 chun na príomhíocaíochtaí ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú ina n-iomláine. Le linn an dara leath den bhliain, tháinig laghdú EUR 7.5 billiún ar an meán ar phunann CCÉP gach mí, toisc nár athinfheistigh an tEurochóras na príomhíocaíochtaí uile ó urrúis a tháinig in aibíocht. Scoireadh d’athinfheistíochtaí faoi CCÉP ag deireadh 2024.

Tugtar cuntas ar na hurrúis fiachais arna gceannach ag BCE faoi na cláir sin ar chostas amúchta, faoi réir lagú (féach ‘Urrúis’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’).

Is iad seo a leanas costais amúchta na n‑urrús arna sealbhú ag BCE agus a margadhluach[51] (nach ndéantar taifead orthu ar an gclár comhardaithe ná ar an gcuntas brabúis agus caillteanais agus a sholáthraítear ar chúiseanna comparáide amháin):

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Costas
amúchta

Margadhluach

Costas
amúchta

Margadhluach

Costas
amúchta

Margadhluach

CMU

286

298

496

522

(210)

(224)

CCSL

CCBC3

20,437

18,844

23,530

21,490

(3,092)

(2,646)

CCUSB

7,047

6,979

13,348

13,225

(6,301)

(6,247)

CCEP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

192,664

175,885

224,867

205,847

(32,203)

(29,962)

CCSL Iomlán

220,149

201,708

261,744

240,562

(41,596)

(38,854)

CCÉP

CCÉP – bannaí faoi chumhdach

867

781

839

736

28

45

CCÉP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

155,480

138,927

162,270

143,669

(6,790)

(4,741)

CCÉP Iomlán

156,347

139,709

163,109

144,405

(6,762)

(4,696)

Iomlán

376,781

341,714

425,349

385,489

(48,568)

(43,775)

Ba iad seo a leanas na hathruithe i rith na bliana ar chostas amúchta na n-urrús fiachais a bhí i seilbh BCE:

2023
€ milliúin

Ceannacháin1
€ milliúin

Fuascailtí
€ milliúin

Glanlascaine/
(glanbhiseach) 2
€ milliúin

2024
€ milliúin

CMU

496

-

(217)

7

286

CCSL

CCBC3

23,530

-

(3,069)

(23)

20,437

CCUSB

13,348

-

(6,251)

(50)

7,047

CCEP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

224,867

(146)

(30,567)

(1,489)

192,664

CCSL Iomlán

261,744

(146)

(39,887)

(1,562)

220,149

CCÉP

CCÉP – bannaí faoi chumhdach

839

47

(20)

0

867

CCÉP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

162,270

14,185

(19,474)

(1,501)

155,480

CCÉP Iomlán

163,109

14,232

(19,493)

(1,501)

156,347

Iomlán

425,349

14,086

(59,598)

(3,056)

376,781

1) Tar éis scor d’athinfheistíochtaí faoi CCS, féadfaidh an colún seo méideanna diúltacha a thaispeáint a eascraíonn as díolacháin urrús a dhéantar go príomha chun comhlíonadh an chreata rialaithe riosca a áirithiú.
2) San áireamh le “glanlascaine/ (biseach)” tá glanghnóthachain/(caillteanais) réadaithe, más ann dóibh.

Déanann an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar na rioscaí airgeadais a bhaineann leis na hurrúis a shealbhaítear de réir na gclár seo.

Sa chás seo, déantar scrúduithe bearnaithe ar bhonn bliantúil, ach úsáid a bhaint as sonraí ag deireadh na bliana, agus déanann an Chomhairle Rialaithe iad a fhaomhadh. Sna scrúduithe in, déantar measúnú ar na táscairí bearnaithe ar leithligh le haghaidh gach cláir. I gcásanna ina ndéantar breathnóireacht ar tháscairí bearnaithe, déantar tuilleadh anailíse chun a dheimhniú nár chuir eachtra bearnaithe isteach ar shreabhadh airgid na n-urrús forluiteach. Ar bhonn na dtorthaí ó na tástálacha bearnaithe i mbliana, níor thaifead BCE aon chaillteanas maidir leis na hurrúis arna sealbhú ina phunanna beartais airgeadaíochta in 2024.

Tá luach an chostais[52] amúchta ar na hurrúis arna sealbhú ag an Eurochóras mar seo a leanas:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

BCE

BCNanna salimistéar euro

An tEurochóras Iomlán

BCE

BCNanna salimistéar euro

An tEurochóras Iomlán

CMU

286

1,050

1,336

496

1,901

2,397

CCSL

CCBC3

20,437

232,571

253,009

23,530

262,090

285,620

CCUSB

7,047

-

7,047

13,348

-

13,348

CCEP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

192,664

1,704,258

1,896,922

224,867

1,922,907

2,147,774

CCEP – urrúis fhornáisiúnta

-

227,808

227,808

-

255,261

255,261

CSPP

-

288,377

288,377

-

323,921

323,921

CCSL Iomlán

220,149

2,453,015

2,673,164

261,744

2,764,180

3,025,924

CCÉP

CCÉP – bannaí faoi chumhdach

867

5,097

5,964

839

5,197

6,036

CCÉP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

155,480

1,243,391

1,398,871

162,270

1,297,397

1,459,667

CCÉP – urrúis fhornáisiúnta

-

158,931

158,931

-

154,332

154,332

CCÉP – urrúis san earnáil chorparáideach

-

45,105

45,105

-

45,989

45,989

CCÉP Iomlán

156,347

1,452,524

1,608,871

163,109

1,502,915

1,666,024

Iomlán

376,781

3,906,589

4,283,370

425,349

4,268,996

4,694,345

Nóta: Tá na figiúirí le haghaidh “BCNanna sa limistéar euro” réamhbharúlach agus d’fhéadfaidís a bheith faoi réir athbhreithniú, rud a d’fhágfadh go mbeadh athrú coibhéise ann maidir leis na figiúirí le haghaidh “An tEurochóras Iomlán”.

Nóta 5 – Éilimh in-Eurochórais

Nóta 5.1 – Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

Is é atá sa mhír sin éilimh BCE vis-à-vis BCNanna sa limistéar euro maidir le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”) agus ar an 31 Nollaig 2023 b’ionann iad agus €125,378 milliún (2022: Amhail an 31 Nollaig 2024 b’ionann an mhír seo agus €127,067 mhilliún (2023: €125,378 milliún). Ríomhadh luach saothair na n-éileamh sin in 2024 ar bhonn laethúil ag an ráta úis is déanaí a bhí ar fáil a d’úsáid an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (féach nóta 24.2 ‘Ioncam úis a eascraíonn as na héilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras’ agus nóta 34 ‘Athrú ar an ráta úis a úsáidtear le haghaidh luach saothair iarmhéideanna in-Eurochórais’).

Nóta 6 – Sócmhainní eile

Nóta 6.1 – Sócmhainní seasta láimhsithe agus doláimhsithe

Cuimsítear na nithe seo a leanas leis an mír seo:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Costas

Talamh agus foirgnimh

1,015

1,014

0

Foirgnimh lena ngabhann ceart úsáide

352

315

37

Gléasra san fhoirgneamh

222

222

-

Crua-earraí agus bogearraí ríomhaire

142

142

(0)

Trealamh, troscán agus mótarfheithiclí

114

111

3

Trealamh lena ngabhann ceart úsáide

1

2

(1)

Sócmhainní á dtógáil

10

0

10

Sócmhainní seasta eile

11

11

0

Costas iomlán

1,866

1,818

48

Dímheas carntha

Talamh agus foirgnimh

(251)

(227)

(24)

Foirgnimh lena ngabhann ceart úsáide

(243)

(197)

(46)

Gléasra san fhoirgneamh

(160)

(144)

(16)

Crua-earraí agus bogearraí ríomhaire

(135)

(129)

(6)

Trealamh, troscán agus mótarfheithiclí

(102)

(92)

(10)

Trealamh lena ngabhann ceart úsáide

(1)

(2)

1

Sócmhainní seasta eile

(4)

(3)

(0)

Dímheas carntha iomlán

(895)

(795)

(100)

Glanluach iomlán na leabhar

971

1,023

(52)

I leith phríomhfhoirgneamh BCE agus an oifig lena gabhann ceart úsáide, rinneadh scrúdú bearnaithe ag deireadh na bliana agus níor taifeadadh aon chaillteanas bearnaithe.

Nóta 6.2 – Sócmhainní airgeadais eile

Is é atá sa mhír sin go príomha punann chistí dílse BCE, arb é atá ann den chuid is mó infheistíochtaí chaipiteal íoctha BCE chomh maith le méideanna a chuirtear i leataobh sa chúlchiste ginearálta agus sa soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais. San áireamh leis sin tá 3,211 scair sa Bhanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BSI) ag costas éadála €42 milliún agus cuntais reatha eile ainmnithe in euro.

Is mar seo a leanas a bhí comhpháirteanna na míre sin:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Cuntais reatha in euro

45

46

(1)

Urrúis ainmnithe in euro

21,269

20,355

914

Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais in euro

1,425

1,730

(305)

Sócmhainní airgeadais eile

42

42

(0)

Iomlán

22,781

22,172

608

Tharla an glanmhéadú ar an ítim sin in 2024 go príomha mar gheall ar athinfheistiú an ioncaim úis a gineadh ar phunann cistí dílse BCE.

Nóta 6.3 – Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Tá athruithe luachála sa mhír seo i réamh-idirbhearta agus in idirbhearta babhtála in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2024 (féach nóta 21 “Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbheart”). B’ionann na hathruithe luachála sin agus €681 milliún (2023: €552 milliún). Tá siad ann de thoradh comhshó idirbheart den sórt sin isteach ina luachanna coibhéiseacha in euro de réir na rátaí malairte eachtraí a bhí ann ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro atá ann de thoradh chomhshó na n-idirbheart ag meánchostas an airgeadra eachtraigh faoi seach ar an dáta sin (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” agus “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

Nóta 6.4 – Fabhruithe agus speansais réamhíoctha

Cuimsítear na nithe seo a leanas leis an mír seo:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ús fabhraithe ar iarmhéideanna TARGET dlite ó BCNanna

3,656

4,955

(1,299)

Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

1,093

1,429

(336)

Ús fabhraithe ar urrúis

3,519

3,709

(190)

Ioncam fabhraithe a bhaineann le cúraimí maoirseachta

681

654

27

Fabhruithe agus speansais réamhíoctha eile

210

158

52

Iomlán

9,158

10,905

(1,747)

An 31 Nollaig 2024, áiríodh sa mhír sin ús fabhraithe is infhaighte ar iarmhéideanna TARGET atá dlite ó BCNanna sa limistéar euro le haghaidh mhí na Nollag 2024 (féach nóta 12.2 “Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)”) agus ús fabhraithe is infhaighte ó BCNanna sa limistéar euro don ráithe deiridh de 2024 i ndáil le héilimh BCE a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras (féach nóta 5.1 “Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras”). Socraíodh na méideanna sin i mí Eanáir 2025.

Áiríodh inti freisin ús cúpóin fabhraithe ar urrúis, lena n‑áirítear ús gan íoc a íocadh agus é á éadáil (féach nóta 2.2 “Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile; agus éilimh ar chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”, nóta 4 “Urrúis chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro” agus nóta 6.2 “Sócmhainní airgeadais eile”).

Comhfhreagraíonn ioncam fabhraithe a bhaineann le cúraimí maoirseachta do na táillí maoirseachta atá le fáil do thréimhse táillí 2023 a bhaileofar in 2025 (féach nóta 27 “Glanioncam/speansas ó tháillí agus ó choimisiúin”).[53]

Is éard a bhí sa chuid eile den ítim seo (i) ioncam fabhraithe ó thionscadail agus seirbhísí CEBC atá i bhfeidhm (féach nóta 29 ‘Ioncam eile’); (ii) ioncam úis fabhraithe ar ionstraimí airgeadais eile; agus (iii) réamhíocaíochtaí ilghnéitheacha.

Nóta 6.5 – Ilghnéitheach

Amhail an 31 Nollaig 2024 b’ionann an mhír seo agus €53 mhilliún (2023: €88 milliún) agus cuimsíodh leis go príomha iarmhéideanna dar luach €24 milliún (2023: €28 milliún) maidir le babhtáil agus réamh‑idirbhearta in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2024 (féach nóta 21 “Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbhearta”). Tháinig na hiarmhéideanna seo chun cinn ó chomhshó idirbheart dá leithéid ina gcoibhéis euro ag meánchostas an airgeadra faoi seach ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro a ndearnadh taifeadadh orthu ar dtús (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

Áiríodh leis freisin suimeanna infhaighte i ndáil le tionscadail agus seirbhísí CEBC atá i bhfeidhm (féach nóta 29 ‘Ioncam eile’) agus iarmhéideanna i leith cáin bhreisluacha in-aisghabhála.

Nóta 7 – Nótaí bainc i gcúrsaíocht

Is éard atá sa mhír seo sciar BCE (8 %) d’iomlán na nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht (féach ‘Nótaí bainc i gcúrsaíocht’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’), arbh ionann é agus EUR 127,067 milliún amhail an 31 Nollaig 2024 (2023: €125,378 milliún).

Nóta 8 – Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro

Tá an deis ag bainc cheannais an Eurochórais glacadh le hairgead tirim mar chomhthaobhacht ina gcuid saoráidí iasachtaithe urrús CCEP agus CCÉP san earnáil phoiblí gan a bheith orthu é a athinfheistiú. I gcás BCE, déantar na hoibríochtaí seo trí institiúid speisialta.

Amhail an 31 Nollaig 2024, EUR 2,388 milliún san iomlán a bhí sna hiarmhéideanna a eascraíonn as idirbhearta iasachta gan íoc den sórt sin arna ndéanamh le hinstitiúidí creidmheasa sa limistéar euro (2023: €4,699 milliún). Aistríodh airgead a fuarthas mar chomhthaobhacht chuig cuntais TARGET agus ós rud é gur fhan sé gan infheistiú ag deireadh na bliana, taifeadadh na hidirbhearta sin sa chlár comhardaithe (féach ‘Idirbhearta aisiompaithe’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’ agus nóta 18 ‘Cláir iasachtaithe urrús’).[54]

Nóta 9 – Éilimh ar chónaitheoirí eile an limistéir euro a ainmnítear in euro

Nóta 9.1 – Rialtas ginearálta

Amhail an 31 Nollaig 2024, is éard a bhí san ítim seo taiscí de chuid na Saoráide Eorpaí um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) dar luach EUR 73 mhilliún (2023: €143 milliún). Ag deireadh 2023 bhí taiscí de chuid an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE) san áireamh ann freisin. I gcomhréir le hAirteagal 21 de Reacht CEBC, d’fhéadfadh BCE feidhmiú mar ghníomhaire fioscach d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh, rialtais láir, údaráis réigiúnacha, áitiúla nó údaráis phoiblí eile, comhlachtaí eile rialaithe ag an dlí poiblí, nó gnóthais phoiblí de chuid na mBallstát.

Nóta 9.2 – Dliteanais eile

Is éard atá sa mhír seo iarmhéideanna chórais choimhdeacha an limistéir euro[55] atá nasctha le TARGET tríd an gcomhpháirt TARGET-BCE. Amhail an 31 Nollaig 2024 b’ionann an mhír seo agus €24,482 mhilliún (2023: €20,479 milliún).

Nóta 10 – Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro

Cuimsítear na nithe seo a leanas leis an mír seo:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Iarmhéideanna TARGET BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro agus córais choimhdeacha

2,908

3,854

(947)

Airgead arna fháil mar chomhthaobhacht in idirbhearta iasachtaithe urrús

2,062

5,637

(3,575)

Taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach

33,823

12,383

21,440

Línte babhtála a sholáthraíonn leachtacht

1,067

1,237

(171)

Iomlán

39,859

23,111

16,748

An 31 Nollaig 2024, ba é a bhí ar an gcomhpháirt ba mhó den mhír seo taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach don Choimisiún Eorpach a bhaineann le riar ghníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais (féach nóta 22 “Riar oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe”).

Áiríodh sa mhír seo iarmhéideanna TARGET freisin, ina bhfuil iarmhéideanna BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro vis-à-vis BCE (féach ‘iarmhéideanna in-CEBC/iarmhéideanna in-Eurochórais’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’) agus iarmhéideanna na gcóras coimhdeach nach bhfuil sa limistéar euro atá nasctha le TARGET trí chomhpháirt TARGET-BCE.

Ina theannta sin, áiríodh ann iarmhéideanna a eascraíonn ó idirbhearta iasachta urrús CCEP gan íoc agus ón earnáil phoiblí CCÉP arna ndéanamh le hinstitiúidí creidmheasa nach bhfuil sa limistéar euro. Aistríodh airgead a fuarthas mar chomhthaobhacht chuig cuntais TARGET agus ós rud é gur fhan sé gan infheistiú ag deireadh na bliana, taifeadadh na hidirbhearta sin sa chlár comhardaithe (féach ‘Idirbhearta aisiompaithe’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’ agus nóta 18 ‘Cláir iasachtaithe urrús’).

Is é atá sa chuid eile den mhír seo iarmhéid a eascraíonn as an gcomhshocrú seasmhach airgeadra cómhalartach le Córas an Chúlchiste Fheidearálaigh. Faoin socrú seo, cuireann Banc Cúlchiste Feidearálaigh Nua-Eabhrac dollair SAM ar fáil do BCE trí idirbhearta babhtála, agus é mar sprioc maoiniú dollar SAM gearrthéarmach a thairiscint do contrapháirtithe an Eurochórais. Idir an dá linn gabhann BCE le hidirbhearta comhuaineacha babhtála le BCNanna sa limistéar euro, a úsáideann na cistí atá ann dá bharr chun tabhairt faoi oibríochtaí dollar SAM chun leachtacht a sholáthar le contrapháirtithe an Eurochórais i bhfoirm idirbheart droim ar ais. De bharr na n-idirbheart comhuaineach babhtála tá iarmhéideanna in-Eurochórais idir BCE agus BCNanna sa limistéar euro. Thairis sin, bíonn éilimh agus dliteanais réamhcheaptha a thaifeadtar i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe mar thoradh ar na hidirbhearta babhtála a dhéanann BCE le Banc Cúlchiste Feidearálach Nua-Eabhrac agus BCNanna an limistéir euro (féach nóta 21 ‘Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbhearta’).

Nóta 11 – Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

Nóta 11.1 – Taiscí, iarmhéideanna agus dliteanais eile

Amhail an 31 Nollaig 2024, ní raibh aon iarmhéid faoin mír sin, agus ag deireadh 2023 bhí dliteanas in airgeadra eachtrach air vis-à-vis cónaitheoir nach bhfuil sa limistéar euro arbh ionann é agus EUR 24 mhilliún, a tháinig chun cinn i gcomhthéacs bhainistiú chúlchistí eachtracha BCE.

Nóta 12 – Dliteanais in-Eurochórais

Nóta 12.1 – Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha

Is iad sin na dliteanais do BCNanna an limistéir euro a eascraíonn as aistriú sócmhainní cúlchistí eachtracha chuig BCE nuair a chuaigh na BCNanna sin isteach san Eurochóras. I gcomhréir le hAirteagal 30.2 de Reacht CEBC, socraítear na ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le scaireanna BCN i gcaipiteal suibscríofa BCE.

Mar thoradh ar an gcoigeartú cúig bliana ar ualuithe na BCNanna sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE an 1 Eanáir 2024, tháinig laghdú ar ualú BCNanna an limistéir euro i gcaipiteal suibscríofa BCE (féach nóta 16 ‘Caipiteal agus cúlchistí’). Mar thoradh air sin, tháinig laghdú EUR 109 milliún ar na dliteanais sin an 1 Eanáir 2024, rud a aisíocadh le BCNanna an limistéir euro dá réir.

Ón
1 Eanáir 2024
€ milliúin

An
31 Nollaig 2023
€ milliúin

Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique (An Bheilg)

1,488

1,470

Deutsche Bundesbank (An Ghearmáin)

10,802

10,635

Eesti Pank (An Eastóin)

121

114

Banc Ceannais na hÉireann (Éire)

884

683

Banc na Gréige (An Ghréig)

916

998

Banco de España (An Spáinn)

4,796

4,811

Banque de France (An Fhrainc)

8,114

8,240

Hrvatska narodna banka (An Chróit)

314

327

Banca d’Italia (an Iodáil)

6,498

6,854

Banc Ceannais na Cipire (An Chipir)

89

87

Latvijas Banka (An Laitvia)

157

157

Lietuvos bankas (An Liotuáin)

239

233

Banque centrale du Luxembourg (Lucsamburg)

148

133

Banc Ceannais Mhálta (Málta)

52

42

De Nederlandsche Bank (An Ísiltír)

2,396

2,364

Oesterreichische Nationalbank (An Ostair)

1,199

1,181

Banco de Portugal (An Phortaingéil)

943

944

Banka Slovenije (An tSlóivéin)

200

194

Národná banka Slovenska (An tSlóvaic)

466

462

Suomen Pankki – Finlands Bank (An Fhionlainn)

737

741

Iomlán

40,562

40,671

Ríomhadh luach saothair na ndliteanas sin in 2024 ar bhonn laethúil ag an ráta úis is déanaí a bhí ar fáil a d’úsáid an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, arna gcoigeartú chun toradh nialasach ar an gcomhpháirt óir a léiriú (féach nóta 24.3 ‘Luach saothair éileamh BCNanna i leith cúlchistí eachtracha a aistríodh’ agus nóta 34 ‘Athrú ar an ráta úis a úsáidtear le haghaidh luach saothair iarmhéideanna in-Eurochórais’).

Nóta 12.2 – Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan)

In 2023 b’ionann an mhír sin den chuid is mó d’iarmhéideanna TARGET de BCNanna sa limistéar euro vis‑à‑vis BCE (féach “Iarmhéideanna laistigh de CEBC/iarmhéideanna laistigh den Eurochóras” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Dlite do BCNanna sa limistéar euro i leith TARGET

1,593,185

1,616,387

Dlite ó BCNanna sa limistéar euro i leith TARGET

(1,245,111)

(1,212,050)

Glandliteanas TARGET

348,074

404,336

Bhí an laghdú ar ghlandliteanas TARGET inchurtha go príomha i leith na n-insreafaí airgid mar thoradh ar (i) teacht in aibíocht urrús faoin CCS agus faoin CCÉP, a socraíodh trí chuntais TARGET agus nach ndearnadh ach fritháireamh páirteach orthu leis na hathinfheistíochtaí faoin CCÉP (féach nóta 4 “Urrúis chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro”); agus (ii) taiscí níos airde arna nglacadh ag BCE ina ról mar ghníomhaire fioscach don Choimisiún Eorpach, a bhaineann le riar ghníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais (féach nóta 10 ‘Dliteanais do chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro a ainmnítear in euro’). Rinneadh tionchar na bhfachtóirí sin a fhritháireamh go páirteach, go príomha leis na heis-sreafaí airgid a d’eascair as speansas úis a íocadh ar ghlandliteanas TARGET BCE (féach nóta 24.5 ‘Glanchostas úis a eascraíonn as iarmhéideanna TARGET atá dlite ó/chuig BCNanna’).

Cé is moite d’iarmhéideanna a eascraíonn as idirbhearta babhtála droim le droim i ndáil le hoibríochtaí soláthair leachtachta dhollar SAM, rinneadh luach saothair suíomhanna TARGET atá i seilbh BCNanna an limistéir euro vis-à-vis BCE in 2024 a ríomh ar bhonn laethúil ag an ráta úis is déanaí atá ar fáil a úsáideann an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (féach nóta 24.5 ‘Glanchostas úis a eascraíonn as iarmhéideanna TARGET atá dlite ó BCNanna/do BCNanna’ agus nóta 34 ‘Athrú ar an ráta úis a úsáidtear le haghaidh luach saothair iarmhéideanna in-Eurochórais’).

Nóta 12.3 – Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)

Amhail an 31 Nollaig 2024 b’ionann an mhír seo agus €40 mhilliún (2023: €40 milliún). Is éard a bhí ann den chuid is mó taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach don Choimisiún Eorpach, a bhaineann le riar ghníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais (féach nóta 22 ‘Riaradh oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe’).

Nóta 13 – Dliteanais eile

Nóta 13.1 – Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Amhail an 31 Nollaig 2024, ní raibh aon iarmhéid faoin ítim seo. Ag deireadh 2023 bhí sé comhdhéanta go príomha d’athruithe luachála ar idirbhearta babhtála agus réamh-idirbhearta in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc ag deireadh na bliana (féach nóta 21 ‘Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbhearta’). B’ionann na hathruithe luachála seo agus EUR 68 milliún. Tá siad ann de thoradh comhshó idirbheart den sórt sin isteach ina luachanna coibhéiseacha in euro de réir na rátaí malairte eachtraí a bhí ann ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro atá ann de thoradh chomhshó na n-idirbheart ag meánchostas an airgeadra eachtraigh faoi seach ar an dáta sin (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” agus “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

Nóta 13.2 – Fabhruithe agus ioncam a bhailítear roimh ré

Cuimsítear na nithe seo a leanas leis an mír seo:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ús fabhraithe ar iarmhéideanna TARGET dlite do BCNanna

4,636

6,390

(1,754)

Ús fabhraithe ar éilimh BCN i leith cúlchistí eachtracha arna n‑aistriú chuig BCE

1,448

1,335

114

Ús fabhraithe ar thaiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach

103

172

(69)

Fabhruithe eile agus ioncam iarchurtha

101

134

(33)

Iomlán

6,288

8,030

(1,742)

Amhail an 31 Nollaig 2024 ba iad an dá phríomh-chomhpháirt den mhír seo ús fabhraithe is iníoctha ar iarmhéideanna TARGET a bhí dlite do BCNanna do mhí na Nollag 2024 (féach nóta 10 ‘Dliteanais do chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro agus a ainmnítear in euro’ agus nóta 12.2 ‘Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan)’) agus ús fabhraithe is iníoctha le BCNanna sa limistéar euro do 2024 i leith a n-éileamh a bhaineann le cúlchistí eachtracha a aistrítear chuig BCE (féach nóta 12.1 ‘Dliteanais atá coibhéiseach le haistriú cúlchistí eachtracha’). Socraíodh na méideanna sin i mí Eanáir 2025.

Áiríodh sa mhír sin freisin ús fabhraithe a bhí iníoctha i leith taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach (féach nóta 9.1 “Rialtas ginearálta”, nóta 10 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro’” agus nóta 12.3 “Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)”).

Áiríodh sa chuid eile den mhír seo go príomha (i) ús fabhraithe is iníoctha ar iarmhéideanna chórais choimhdeacha an limistéir euro atá nasctha le TARGET trí chomhpháirt TARGET-BCE (féach nóta 9.2 “Dliteanais eile”);

Nóta 13.3 – Ilghnéitheach

An 31 Nollaig 2024 b’ionann an mhír seo agus €1,327 mhilliún (2023: €1,401 milliún). Áiríodh ann iarmhéideanna dar luach €574 mhilliún (2023: €635 mhilliún) maidir le babhtáil agus réamh-idirbhearta in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2024 (féach nóta 21 “Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbhearta”). Tháinig na hiarmhéideanna seo chun cinn ó chomhshó idirbheart dá leithéid ina gcoibhéis euro ag meánchostas an airgeadra faoi seach ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro a ndearnadh taifeadadh orthu ar dtús (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

San áireamh sa mhír freisin tá dliteanas léasa dar luach €110 milliún (2023: €117 mhilliún) (féach “Léasanna” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

Ina theannta sin, áiríodh san ítim sin glandliteanas sochair shainithe BCE i leith shochair iarfhostaíochta agus shochair fhadtéarmacha eile a fhoirne,[56] chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus chomhaltaí an Bhoird Maoirseachta atá fostaithe ag BCE.

Sochair iarfhostaíochta BCE agus sochair fhadtéarmacha eile

Clár comhardaithe
Ba iad seo a leanas na méideanna a aithníodh faoi ‘Ilghnéitheach’ (dliteanais) sa chlár comhardaithe i leith sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Baill Foirne

Boird

Iomlán

Baill Foirne

Boird

Iomlán

Oibleagáid sochair shainithe

2,712

37

2,749

2,458

35

2,493

Luach cóir na sócmhainní plean

(2,253)

-

(2,253)

(1,983)

-

(1,983)

Glandliteanas sochair shainithe san áireamh faoi “Ilghnéitheach” (dliteanais)

459

37

496

475

35

510

Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta araon.

Luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe vis-à-vis baill foirne de EUR 2,712 milliún in 2024 (2023: €2,458 milliún) in 2021, bhí sochair neamh-mhaoinithe dar luach €293 milliún (2023: €278 mhilliún) maidir le sochair iarfhostaíochta seachas pinsin agus sochair fhadtéarmacha eile. Maidir leis an luach láithreach den oibleagáid sochair shainithe vis-à-vis comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus comhaltaí an Bhoird Maoirseachta dar luach €37 mhilliún (2023: €35 mhilliún), ní bhaineann sé ach le socruithe neamh-mhaoinithe atá i bhfeidhm le haghaidh sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile.

Tugtar aitheantas don atomhas ar ghlandliteanas sochair shainithe BCE i leith sochair iarfhostaíochta sa Chlár Comhardaithe faoin mír dhliteanais “Cuntais athluachála”. In 2024, b’ionann gnóthachain atomhais faoin mír sin agus EUR 416 mhilliún (2023: €238 milliún) luach na ngnóthachan atomhais faoin mír dhliteanais sin (féach nóta 15 “Cuntais athluachála”).

Athruithe san oibleagáid sochair shainithe, sócmhainní plean agus torthaí atomhais
Bhí na hathruithe i luach reatha na hoibleagáide sochair shainithe mar seo a leanas:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Baill Foirne

Boird

Iomlán

Baill Foirne

Boird

Iomlán

Oibleagáid sochair shainithe tosaigh

2,458

35

2,493

1,947

31

1,978

Costas seirbhíse reatha

121

3

123

101

2

103

Costas seirbhíse roimhe seo

119

1

120

-

-

-

Costais úis ar an oibleagáid

85

1

86

77

1

79

Ranníocaíochtaí arna n-íoc ag rannpháirtithe an phlean1

38

0

38

36

0

36

Sochair íoctha

(31)

(3)

(34)

(30)

(3)

(33)

(Gnóthachain)/caillteanais atomhais

(77)

0

(77)

327

4

331

Oibleagáid sochair shainithe deiridh

2,712

37

2,749

2,458

35

2,493

Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta araon.
1) Glaniomlán lena n-áirítear ranníocaíochtaí éigeantacha agus aistrithe isteach sna pleananna nó amach astu. Is ionann na ranníocaíochtaí éigeantacha a íocann an fhoireann agus 7.4 % dá mbuntuarastal, agus is ionann iad siúd a íocann BCE agus 20.7 %.

Bhain an costas seirbhíse roimhe seo in 2024 leis na ranníocóirí agus na pinsinéirí reatha agus d’eascair sé as leasú ar na rialacha lena rialaítear pleananna pinsin BCE in 2024, ar dá réir a ailíníonn an méadú bliantúil ar phinsin leis na coigeartuithe tuarastail ginearálta bliantúla d’fhostaithe BCE ó 2026 ar aghaidh.

Tháinig na gnóthachain atomhais ar an oibleagáid sochair shainithe in 2024 chun cinn go príomha mar thoradh ar an méadú ar an ráta lascaine a úsáideadh don luacháil achtúireach ó 3.4 % in 2023 go 3.6 % in 2024 agus ar an athrú ar thoimhdí déimeagrafacha.

Bhí na hathruithe ar luach cóir na sócmhainní plean agus sa cholún sochair shainithe i leith na foirne mar seo a leanas:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Luach cóir tosaigh na sócmhainní plean

1,983

1,638

Ioncam úis ar shócmhainní plean

69

66

Gnóthachain atomhais

104

189

Ranníocaíochtaí a d’íoc an fostóir

81

75

Ranníocaíochtaí a d’íoc páirtithe plean

38

36

Sochair íoctha

(21)

(20)

Luach cóir deiridh na sócmhainní plean

2,253

1,983

Léirigh na gnóthachain atomhais maidir le sócmhainní plean in 2024 gurbh airde an toradh iarbhír ar na haonaid mhaoinithe ná an t-ioncam úis gafa ar shócmhainní plean, rud a bhí bunaithe ar an toimhde ráta lascaine 3.4 %.

Bhí athruithe na dtorthaí atomhais mar seo a leanas:

2024
€ milliúin 

2023
€ milliúin

Gnóthachain atomhais tosaigh

238

369

Aighneachtaí ó BCNanna a théann isteach in Eurochóras1

-

3

Gnóthachain ar shócmhainní plean

104

189

Gnóthachain/(caillteanais) ar oibleagáid

77

(331)

(Gnóthachain)/caillteanais a aithnítear sa chuntas brabúis agus caillteanais

(2)

8

Gnóthachain atomhais deiridh a áirítear faoi “Cuntais athluachála”

416

238

1) Nuair a ghlac an Chróit an t‑airgeadra aonair, ranníoc Hrvatska narodna banka le hiarmhéideanna chuntais athluachála go léir BCE an 31 Nollaig 2022 lenar áiríodh freisin na gnóthachain atomhais a bhí amuigh an dáta sin.

Cuntas brabúis agus caillteanais
Bhí na méideanna a aithníodh sa chuntas brabúis agus caillteanais mar seo a leanas:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Baill Foirne

Boird

Iomlán

Baill Foirne

Boird

Iomlán

Costas seirbhíse reatha

121

3

123

101

2

103

Costas seirbhíse roimhe seo

119

1

120

-

-

-

Ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe

16

1

17

12

1

13

- Costais úis ar an oibleagáid

85

1

86

77

1

79

- Ioncam úis ar shócmhainní plean

(69)

-

(69)

(66)

-

(66)

Atomhas (gnóthachain)/caillteanais ar shochair fhadtéarmacha eile

(2)

0

(2)

8

(0)

8

An t-iomlán san áireamh i “Costais Foirne”

253

5

258

121

3

124

Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta araon.

Na méideanna a aithnítear sa chuntas brabúis agus caillteanais le haghaidh an chostais seirbhíse reatha, costas úis ar an oibleagáid agus ioncam úis ar shócmhainní plean, déantar iad a mheas de réir na rátaí a bhí i bhfeidhm an bhliain roimhe sin. Thit an ráta lascaine a úsáideadh don luacháil achtúireach ó 3.9 % in 2022 go 3.4 % in 2023, rud a d’fhág go raibh costas seirbhíse reatha níos airde ann in 2024. Tháinig méadú freisin ar an gcostas úis ar an oibleagáid agus ar ioncam úis ar shócmhainní plean mar gheall ar iarmhéideanna níos airde lena bhfritháirítear tionchar an ráta lascaine níos ísle a úsáidtear.

Aithníodh go hiomlán an costas seirbhíse roimhe seo a d’eascair as an leasú ar na rialacha lena rialaítear pleananna pinsin BCE in 2024 sa chuntas brabúis agus caillteanais don bhliain ina ndearnadh an cinneadh leasúcháin.

Príomhthoimhdí
Agus na luachálacha dá dtagraítear sa nóta seo á n-ullmhú, bhain na hachtúirí neamhspleácha úsáid as toimhdí ar ghlac an Bord Feidhmiúcháin leo chun críocha cuntasaíochta agus nochta. Na príomhthoimhdí a úsáideadh chun an dliteanas a ríomh le haghaidh sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile, ba mar seo a leanas iad:

2024
%

2023
%

Ráta lascaine

3.60

3.40

Toradh ionchasach ar shócmhainní plean1

4.60

5.30

Méaduithe tuarastail ghinearálta sa todhchaí2

2.00

2.00

Méaduithe ar phinsin amach sa todhchaí3

2.00

1.70

1) Úsáideadh na toimhdí sin chun an chuid d’oibleagáid sochair shainithe BCE atá cistithe ag sócmhainní a bhfuil ráthaíocht chaipitil bhunúsach acu a ríomh.
2) Ina theannta sin, cuirtear méaduithe tuarastail aonair ionchasacha san áireamh suas le 1.8 % sa bhliain, ag brath ar aois na rannpháirtithe plean.
3) De réir rialacha an phlean phinsin de chuid BCE, méadófar na pinsin go bliantúil. In 2024, leasaíodh na rialacha sin chun an méadú bliantúil ar phinsin a ailíniú leis na coigeartuithe tuarastail ginearálta bliantúla d’fhostaithe BCE ó 2026 ar aghaidh. Roimh an leasú sin, bhí an méadú bliantúil ar phinsin nasctha freisin leis an gcoigeartú ginearálta ar thuarastal, ach faoi réir coinníollacha breise.

Nóta 14 – Forálacha

Nóta 14 – Forálacha eile

Amhail an 31 Nollaig 2024, bhí forálacha riaracháin san ítim sin arbh ionann iad agus EUR 72 mhilliún (2023: €67 milliún).

Nóta 15 – Cuntais athluachála

Sa mhír seo, den chuid is mó, tá iarmhéideanna athluachála a eascraíonn as gnóthachain neamhréadaithe ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe (féach “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh”, “Urrúis”, “Aithint ioncaim” agus “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”). Áirítear ann freisin atomhais ar ghlandliteanas sochair shainithe BCE i leith sochair iarfhostaíochta (féach ‘Sochair iarfhostaíochta BCE agus sochair fhadtéarmacha eile’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’ agus nóta 13.3 ‘Ilghnéitheach’).

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ór

37,097

26,622

10,476

Airgeadra eachtrach

12,819

9,842

2,976

- Dollar SAM

12,717

9,624

3,093

- Yen na Seapáine

-

206

(206)

- Renminbi na Síne

30

9

21

- CTSanna

72

4

68

- eile

0

0

0

Urrúis agus ionstraimí eile

320

397

(77)

Glandliteanas sochair shainithe i leith sochair iarfhostaíochta

416

238

179

Iomlán

50,653

37,099

13,554

Tháinig méadú ar na cuntais athluachála in 2024 mar gheall go príomha ar an ardú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro. Tháinig méadú freisin ar na cuntais athluachála a bhaineann le hairgeadra eachtrach, go príomha mar gheall ar luachmhéadú dhollar na Stát Aontaithe in aghaidh an euro.

Ba iad seo a leanas na rátaí malairte eachtraí a úsáideadh le haghaidh athluacháil deireadh bliana:

Rátaí malairte

2024

2023

Dollar SAM in aghaidh an euro

1.0389

1.1050

Yen na Seapáine in aghaidh an euro

163.06

156.33

Renminbi na Síne in aghaidh an euro

7.5833

7.8509

An euro in aghaidh SDR

1.2544

1.2157

euro in aghaidh an unsa troí óir

2,511.069

1,867.828

Nóta 16 – Caipiteal agus cúlchistí

Nóta 16.1 – Caipiteal

Athrú ar scála chaipitil BCE
De bhun Airteagal 29 de Reacht CEBC, déantar coigeartú gach 5 bliana ar na hualuithe a shanntar do BCNanna sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE.[57] Rinneadh an cúigiú coigeartú den sórt sin tar éis bhunú BCE an 1 Eanáir 2024.

Caipiteal íoctha BCE
Tháinig laghdú EUR 23 mhilliún ar chaipiteal íoctha BCE an 1 Eanáir 2024. Is é is cúis leis sin an laghdú foriomlán 0.2200 pointe céatadáin in ualú BCNanna an limistéir euro (le síntiúis láníoctha) i gcaipiteal suibscríofa BCE de EUR 10,825 milliún, agus an méadú coibhéiseach ar BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro (nach n-íocann ach 3.75 % dá suibscríbhinní).

Léirítear sa tábla seo a leanas na hathruithe ar an scála caipitil, ar an gcaipiteal suibscríofa agus ar an gcaipiteal íoctha:

Ón 1 Eanáir 2024

An 31 Nollaig 2023

Scála caipitil
%

Caipiteal suibscríofa
€ milliúin

Caipiteal íoctha
€ milliúin

Scála caipitil
%

Caipiteal suibscríofa
€ milliúin

Caipiteal íoctha
€ milliúin

Nationale Bank van België/
Banque Nationale de Belgique (An Bheilg)

3.0005

325

325

2.9630

321

321

Deutsche Bundesbank (An Ghearmáin)

21.7749

2,357

2,357

21.4394

2,321

2,321

Eesti Pank (An Eastóin)

0.2437

26

26

0.2291

25

25

Banc Ceannais na hÉireann (Éire)

1.7811

193

193

1.3772

149

149

Banc na Gréige (An Ghréig)

1.8474

200

200

2.0117

218

218

Banco de España (An Spáinn)

9.6690

1,047

1,047

9.6981

1,050

1,050

Banque de France (An Fhrainc)

16.3575

1,771

1,771

16.6108

1,798

1,798

Hrvatska narodna banka (An Chróit)

0.6329

69

69

0.6595

71

71

Banca d’Italia (an Iodáil)

13.0993

1,418

1,418

13.8165

1,496

1,496

Banc Ceannais na Cipire (An Chipir)

0.1802

20

20

0.1750

19

19

Latvijas Banka (An Laitvia)

0.3169

34

34

0.3169

34

34

Lietuvos bankas (An Liotuáin)

0.4826

52

52

0.4707

51

51

Banque centrale du Luxembourg (Lucsamburg)

0.2976

32

32

0.2679

29

29

Banc Ceannais Mhálta (Málta)

0.1053

11

11

0.0853

9

9

De Nederlandsche Bank
(An Ísiltír)

4.8306

523

523

4.7662

516

516

Oesterreichische Nationalbank (An Ostair)

2.4175

262

262

2.3804

258

258

Banco de Portugal (An Phortaingéil)

1.9014

206

206

1.9035

206

206

Banka Slovenije (An tSlóivéin)

0.4041

44

44

0.3916

42

42

Národná banka Slovenska (An tSlóvaic)

0.9403

102

102

0.9314

101

101

Suomen Pankki – Finlands Bank (An Fhionlainn)

1.4853

161

161

1.4939

162

162

Fo-iomlán le haghaidh NCBanna sa limistéar euro

81.7681

8,851

8,851

81.9881

8,875

8,875

Българска народна банка
(Banc Náisiúnta na Bulgáire) (An Bhulgáir)

0.9783

106

4

0.9832

106

4

Česká národní banka (Poblacht na Seice)

1.9623

212

8

1.8794

203

8

Danmarks Nationalbank (An Danmhairg)

1.7797

193

7

1.7591

190

7

Magyar Nemzeti Bank (An Ungáir)

1.5819

171

6

1.5488

168

6

Narodowy Bank Polski (An Pholainn)

6.0968

660

25

6.0335

653

24

Banca Naţională a României (An Rómáin)

2.8888

313

12

2.8289

306

11

Sveriges Riksbank (An tSualainn)

2.9441

319

12

2.9790

322

12

Fo-iomlán le haghaidh NCBanna nach bhfuil sa limistéar euro

18.2319

1,974

74

18.0119

1,950

73

Iomlán

100.0000

10,825

8,925

100.0000

10,825

8,948

Rinne BCNanna an limistéir euro a gcion de chaipiteal suibscríofa a íoc ina iomláine.

Ceanglaítear ar BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro 3.75 % dá gcaipiteal suibscríofa a íoc mar ranníocaíocht do chostais oibriúcháin BCE. Níl NCBanna nach bhfuil sa limistéar euro i dteideal aon scair de bhrabúis indáilte BCE, ná níl aon dualgas orthu aon chaillteanas de chuid BCE a chumhdach ach an oiread.

Nóta 17 – Caillteanais charntha arna dtabhairt ar aghaidh

Amhail an 31 Nollaig 2024 b’ionann an mhír seo agus €1,266 mhilliún (2023: nialas). Chuimsigh sé caillteanas BCE do 2023, a tugadh ar aghaidh, tar éis cinneadh ón gComhairle Rialaithe, ar chlár comhardaithe BCE chun é a fhritháireamh in aghaidh brabúis amach anseo.

2.5 Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Nóta 18 – Cláir iasachtaithe urrús

Mar chuid de bhainistíocht chistí dílse BCE, tá comhaontú cláir iasachtaithe urrús i bhfeidhm ag BCE agus de réir an chomhaontaithe, téann institiúid speisialta in idirbhearta iasachtaithe urrús ar son BCE. I gcomhréir le cinntí na Comhairle Rialaithe, chuir BCE urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta ar fáil le haghaidh iasachtaithe freisin.[58]

Ag brath ar an gcomhthaobhacht a fhaightear, déantar oibríochtaí um iasachtú urrús a thaifeadadh in (i) cuntais lasmuigh den chlár comhardaithe, nuair a dhéantar iad in aghaidh comhthaobhachta urrús; nó (ii) cuntais ar an gclár comhardaithe, nuair a dhéantar iad in aghaidh airgead tirim atá fós gan infheistiú ag deireadh na bliana (féach nóta 8 ‘Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa an limistéir euro a ainmnítear in euro’ agus nóta 10 ‘Dliteanais do chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro a ainmnítear in euro’).

Ba mar seo a leanas margadhluach na n-urrús a tugadh ar iasacht agus na comhthaobhachta comhfhreagraí:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Urrúis a tugadh ar iasacht in aghaidh comhthaobhacht urrús1

(37,393)

(32,791)

ar díobh sin a bhaineann le hurrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

(28,585)

(26,577)

Urrúis a tugadh ar iasacht in aghaidh comhthaobhachta airgid

(4,273)

(10,088)

ar díobh sin a bhaineann le hurrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

(4,273)

(10,088)

Margadhluach urrús ar iasacht

(41,666)

(42,879)

Comhthaobhacht i bhfoirm urrús1

38,970

34,042

ar díobh sin a bhaineann le hurrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

29,761

27,651

Comhthaobhacht i bhfoirm airgid thirim2

4,450

10,336

ar díobh sin a bhaineann le hurrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

4,450

10,336

Margadhluach na comhthaobhachta

43,420

44,379

(1) Déantar an tsuim seo a thaifeadadh i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe.
2) Déantar an méid sin a thaifeadadh i gcuntais laistigh den chlár comhardaithe faoi ‘Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro’ agus ‘Dliteanais do chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro in euro’.

Nóta 19 – Todhchaíochtaí ráta úis

Bhí na hidirbhearta seo a leanas, a aistríodh ag rátaí malairte eachtraí deireadh bliana, gan íoc ag deireadh na bliana:

Todhchaíochtaí ráta úis in airgeadra eachtrach

2024
Luach conartha
€ milliúin

2023
Luach conartha
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ceannacháin

382

2,207

(1,825)

Díolacháin

734

4,142

(3,408)

Rinneadh na hidirbhearta seo i gcomhthéacs bhainistíocht chúlchistí eachtracha BCE.

Nóta 20 – Réamh-idirbhearta in urrúis

Amhail an 31 Nollaig 2024, ní raibh aon réamh-idirbhearta in urrúis gan íoc. Ag deireadh 2023, os a choinne sin, bhí réamhcheannaigh agus réamhdhíolacháin urrús, dar luach EUR 45 mhilliún an ceann, arna n-aistriú ag rátaí malairte eachtraí ag deireadh na bliana, fós gan íoc:

Réamh-idirbhearta in urrúis

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ceannacháin

-

45

(45)

Díolacháin

-

45

(45)

Rinneadh na hidirbhearta seo i gcomhthéacs bhainistíocht chúlchistí eachtracha BCE.

Nóta 21 – Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbheart

Cúlchistí eachtracha a bhainistiú
Rinneadh babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbhearta a riar i gcomhthéacs cúlchistí eachtracha BCE a bhainistiú. Bhí na héilimh agus na dliteanais seo a leanas a d’eascair as na hidirbhearta sin, arna n-aistriú ag rátaí malairte eachtraí deireadh bliana, gan íoc ag deireadh na bliana:

Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbheart

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Éilimh

2,873

2,778

96

Dliteanais

2,742

2,901

(159)

Línte babhtála a chruthaíonn leachtacht
Tá BCE mar chuid de líonra líne babhtála de bhainc cheannais agus tá socruithe babhtála cómhalartacha i bhfeidhm aige le Banc Cheanada, Banc Shasana, Banc na Seapáine, an Córas Cúlchiste Feidearálach agus Banc Náisiúnta na hEilvéise. Tá líne babhtála cómhalartaí aige freisin le Daonbhanc na Síne. Cumasaíonn na línte babhtála sin soláthar (i) leachtachta in aon airgeadra de chuid na mbanc ceannais thuasluaite chuig bainc sa limistéar euro nó (ii) leachtachta euro chuig institiúidí airgeadais i ndlínsí na mbanc ceannais thuasluaite. Thairis sin, tá comhaontuithe babhtála i bhfeidhm freisin le Danmarks Nationalbank agus Sveriges Riksbank chun leachtacht euro a sholáthar d’institiúidí airgeadais ina ndlínsí. Is é is aidhm do na socruithe thuas teannas i margaí cistiúcháin idirnáisiúnta a mhaolú agus na rioscaí a bhaineann le lúba aischothaithe díobhálacha a íoslaghdú.[59]

Éilimh agus dliteanais atá ainmnithe i ndollar na Stát Aontaithe a bhfuil dáta aibíochta acu in 2025, tháinig siad chun cinn i ndáil le leachtacht dhollar na Stát Aontaithe a sholáthar do chontrapháirtithe an Eurochórais (féach nóta 10 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”).

Nóta 22 – Riar oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe

In 2024, lean BCE de bheith freagrach as riar cuntas agus próiseáil íocaíochtaí a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais faoin tsaoráid cúnaimh airgeadais mheántéarmaigh, faoin Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach, agus as an gcomhaontú saoráide iasachta don Ghréig.

Mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, dheonaigh an tAontas iasachtaí do na Ballstáit faoina ionstraim le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE). Tháinig deireadh le hinfhaighteacht na hionstraime sin an 31 Nollaig 2022, ach bannaí d’aibíocht idir 5 bliana agus 30 bliain ar fhad a bhí sna heisiúintí lena mbaineann.

Lean an tAontas in 2024 de bheith ag soláthar maoiniú do na Ballstáit i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus tacaíochta iasachta faoin gclár Next Generation EU (NGEU), a bunaíodh chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch san Aontas, agus chun aistriú glas agus digiteach gheilleagar an Aontais a éascú an tráth céanna. In 2024 chuir an tAontas tacaíocht ar fáil freisin don Úcráin, i bhfoirm iasachtaí faoin Rialachán nua maidir le Saoráid na hÚcráine lena n-áirítear maoiniú eisceachtúil idirlinne, agus do Phoblacht Arabach na hÉigipte i bhfoirm cúnamh macrairgeadais gearrthéarmach. Thacaigh BCE leis an gCoimisiún Eorpach chun na hoibríochtaí a bhaineann leis na hionstraimí sin a riar.

Thairis sin, gníomhaíonn BCE mar ghníomhaire íocaíochta don Choimisiún Eorpach i ndáil lena Sheirbhís Eisiúna nua de chuid an Aontais, a seoladh i mí Eanáir 2024.

In 2024 phróiseáil BCE íocaíochtaí a bhain leis na hoibríochtaí thuasluaite go léir.

Nóta 23 – Dliteanais theagmhasacha ó chásanna dlí atá ar feitheamh

Comhdaíodh cásanna dlí i gcoinne BCE maidir lena fheidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú ar Banca Carige S.p.A. (Banca Carige). I gceann amháin de na himeachtaí sibhialta sin, lorgaíonn scairshealbhóirí Banca Carige cúiteamh airgeadais ó BCE as an díobháil a líomhnaítear a rinneadh mar thoradh ar ghníomhaíochtaí éagsúla de chuid BCE a bhaineann le feidhmiú a fheidhmeanna maoirseachta i leith Banca Carige agus arb éard atá iontu cásanna líomhnaithe neamhghníomhaíochta agus gníomhaíochtaí díobhálacha araon. Bhuaigh BCE ceann amháin den dá chás sin ag an gcéad chéim; rinne an contrapháirtí achomharc i gcoinne bhreithiúnas ábhartha na Cúirte Ginearálta agus tá sé ar feitheamh faoi láthair os comhair na Cúirte Breithiúnais. Tá an cás dlí eile fós ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta. Cinnfear na cásanna sin agus toradh deiridh cásanna gaolmhara eile, i measc tosca eile, á chur san áireamh. I gceann amháin acu, mheas Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, lena breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2022, nach raibh bunús dlí iomchuí le dlí na hIodáile ag cinneadh BCE Banca Carige a chur faoi riarachán sealadach. Dá réir sin, neamhnigh an Chúirt Ghinearálta cinneadh BCE Banca Carige a chur faoi riarachán sealadach chomh maith leis an gcéad síneadh ar ré an riaracháin shealadaigh in 2019. Rinne BCE achomharc i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, áfach, agus d’fhéadfadh an Chúirt an breithiúnas sin a chur ar ceal fós. Thairis sin, tá dhá chinneadh eile de chuid BCE lena gcuirtear síneadh leis an riarachán sealadach á gconspóid faoi láthair i gcaingean le haghaidh neamhniú, atá fós ar feitheamh.

2.6 Nótaí ar an gcuntas brabúis agus caillteanais

Nóta 24 — Glanioncam/(speansas) úis

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Cúlchistí eachtracha

2,537

2,382

155

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

3,850

3,467

383

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta a thabhairt ar iasacht

32

67

(35)

Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

5,232

4,817

415

Iarmhéideanna TARGET de bharr BCNanna

54,542

52,363

2,179

Cistí dílse

703

625

77

Eile

3

2

0

Ioncam úis iomlán

66,898

63,723

3,175

Cúlchistí eachtracha

(0)

-

(0)

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta a thabhairt ar iasacht1

(137)

(374)

238

Éilimh BCNanna i leith cúlchistí eachtracha arna n-aistriú

(1,448)

(1,335)

(114)

Iarmhéideanna TARGET de bharr BCNanna

(70,216)

(66,598)

(3,618)

Taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach

(1,219)

(1,953)

734

Eile

(861)

(655)

(206)

Speansas úis iomlán

(73,881)

(70,916)

(2,965)

Glanspeansas úis

(6,983)

(7,193)

210

1) Cuimsítear leis an ítim seo an speansas úis ar airgead tirim arna fháil mar chomhthaobhacht.

Nóta 24.1 – Glanioncam úis ar chúlchistí eachtracha

Taispeántar thíos an glanioncam úis nó an glanchostas úis ar chúlchistí eachtracha BCE, arna miondealú de réir chineál na hionstraime:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Cuntais reatha

85

82

3

Taiscí margaí airgid

149

129

20

Comhaontuithe athcheannaigh

(0)

-

(0)

Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais

225

271

(46)

Urrúis

1,936

1,745

191

Réamh-idirbhearta agus idirbhearta babhtála in airgeadraí eachtracha

142

155

(13)

Glanioncam úis ar chúlchistí eachtracha

2,537

2,382

155

Seo a leanas an glanioncam úis nó an glanchostas úis ar chúlchistí eachtracha BCE, arna miondealú de réir airgeadra eachtraigh:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Dollar SAM

2,434

2,298

136

Yen na Seapáine

9

(2)

11

Renminbi na Síne

12

13

(1)

CTSanna

83

73

10

Glanioncam úis ar chúlchistí eachtracha

2,537

2,382

155

Nóta 24.2 – Ioncam úis a eascraíonn as na héilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

In 2024 b’ionann an t-ioncam úis a bhaineann le sciar 8 % BCE de luach iomlán nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht (féach ‘Nótaí bainc i gcúrsaíocht’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’ agus nóta 5.1 ‘Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras’) agus EUR 5,232 milliún (2023: €4,817 milliún). D’eascair an méadú as an meánráta níos airde ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (2024: 4.1 %, 2023: 3.8 %).

Nóta 24.3 – Íocaíocht éilimh BCNanna maidir le cúlchistí eachtracha a aistríodh

In 2024 b’ionann an costas luacha saothair a eascraíonn as éilimh BCNanna sa limistéar euro i leith na gcúlchistí eachtracha a aistríodh chuig BCE (féach nóta 12.1 ‘Dliteanais atá coibhéiseach le haistriú cúlchistí eachtracha’) agus EUR 1,448 milliún (2023: €1,335 milliún). D’eascair an méadú as an meánráta níos airde ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (2024: 4.1 %, 2023: 3.8 %).

Nóta 24.4 – Glanioncam úis ar urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

Is mar seo a leanas a bhí an glanioncam úis ar urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

CMU1

24

49

(24)

CCS

CCBC3

178

179

(1)

CCUSB

419

642

(223)

CCEP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

2,022

1,997

25

CCS Iomlán

2,619

2,818

(199)

CCÉP

CCÉP – bannaí faoi chumhdach

6

4

2

CCÉP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

1,201

597

604

CCÉP Iomlán

1,206

600

606

Glanioncam úis ar urrúis a choinnítear chun críocha beartais airgeadaíochta

3,850

3,467

383

1) Ba é €18 mhilliún (2023:€43 mhilliún) glanioncam úis BCE ar shealúchais CMU de bhannaí rialtais na Gréige. €31 milliún).

Nóta 24.5 – Glanchostas úis a eascraíonn as iarmhéideanna TARGET atá dlite ó BCNanna nó do BCNanna

Seo a leanas an t-ioncam úis nó an speansas úis a d’eascair as iarmhéideanna TARGET a bhí dlite ó BCNanna nó do BCNanna:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ioncam úis a eascraíonn as iarmhéideanna TARGET atá dlite ó BCNanna

54,542

52,363

2,179

- BCNanna an limistéir euro

54,542

52,363

2,179

Speansas úis a eascraíonn as iarmhéideanna TARGET atá dlite do BCNanna

(70,216)

(66,598)

(3,618)

- BCNanna an limistéir euro

(70,150)

(66,534)

(3,615)

- BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro

(66)

(64)

(2)

Glanspeansas úis a eascraíonn as iarmhéideanna TARGET dlite ó/do BCNanna

(15,674)

(14,236)

(1,439)

D’eascair an méadú go príomha as an meánráta níos airde ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (2024: 4.1 %, 2023: 3.8 %).

Nóta 25 – Gnóthachain/caillteanais réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais

Seo a leanas gnóthachain agus caillteanais réadaithe a d’eascair as oibríochtaí airgeadais:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Glanchaillteanais praghsanna réadaithe

(53)

(117)

63

Glanráta malairte réadaithe agus gnóthachain ar phraghas an óir

36

11

26

Glanchaillteanais réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais

(17)

(106)

89

Áirítear le glanchaillteanais praghsanna réadaithe gnóthachain agus caillteanais réadaithe ar urrúis agus todhchaíochtaí ráta úis. Na glanchaillteanais praghais réadaithe in 2024, tháinig siad chun cinn go príomha ón gcur chuige cuntasaíochta d’amúchadh préimhe agus lascaine a bhain le haisíocaíochtaí urrús a shealbhaítear in CCUSB.[60] Rinneadh na glanchaillteanais phraghais réadaithe a fhritháireamh go páirteach le ghlanghnóthachain réadaithe sa ráta malairte, a tháinig chun cinn den chuid is mó mar thoradh ar dhíluacháil praghsanna ag deireadh na bliana ar roinnt urrús i ndollar SAM.

Léirítear sa tábla seo a leanas na gnóthachain agus caillteanais réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais, arna miondealú de réir airgeadra agus ráithe:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Q1

Q2

Q3

Q4

Iomlán

Q1

Q2

Q3

Q4

Iomlán

Gnóthachain/(caillteanais) praghais réadaithe ghlana

Dollar SAM

(10)

(23)

38

(13)

(8)

41

22

(64)

(20)

(21)

Yen na Seapáine

(0)

(2)

(0)

(2)

(4)

(5)

4

(1)

(4)

(5)

Renminbi na Síne

1

1

3

1

7

0

0

0

(0)

0

Euro

(27)

(11)

(3)

(6)

(48)

(42)

(21)

(16)

(12)

(91)

Fo‑iomlán

(36)

(35)

38

(20)

(53)

(5)

4

(81)

(35)

(117)

Glanráta malairte réadaithe agus gnóthachain/(caillteanais) ar phraghas an óir

Dollar SAM

(0)

(0)

0

37

37

0

2

1

5

8

Yen na Seapáine

(0)

(0)

(0)

(0)

(1)

2

0

0

0

2

Renminbi na Síne

0

(0)

(0)

(0)

(0)

0

(0)

0

(0)

0

Eile

0

0

0

0

0

0

0

0

0

0

Fo‑iomlán

(0)

(0)

0

37

36

2

3

1

5

11

Iomlán

(36)

(35)

38

17

(17)

(3)

7

(80)

(30)

(106)

Nóta 26 – Díluacháil ar shócmhainní airgeadais agus ar shuíomhanna airgeadais

Mar seo a leanas a bhí na díluachálacha ar shócmhainní agus staideanna airgeadais:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Caillteanais phraghais neamhréadaithe ar urrúis

(187)

(38)

(150)

Caillteanais ráta malairte neamhréadaithe

(81)

-

(81)

Díluachálacha ar shócmhainní airgeadais agus ar shuíomhanna airgeadais

(269)

(38)

(231)

Tháinig laghdú ar mhargadhluach roinnt urrús, a shealbhaítear go príomha i bpunann dhollar na Stát Aontaithe, in éineacht le méadú ar na torthaí comhfhreagracha i dtreo dheireadh 2024. Bhí caillteanais praghsanna neamhréadaithe ag deireadh na bliana mar thoradh air sin.

Tháinig na caillteanais ráta malairte neamhréadaithe chun cinn mar gheall ar dhíluacháil mheánchostas éadála shealúchas BCE de yen na Seapáine go dtí ráta malairte dheireadh na bliana 2024. Léiríonn sé seo dímheas yen na Seapáine i gcoinne an euro ó rinneadh na ceannacháin.

Nóta 27 – Glanioncam/glanspeansas ó tháillí agus ó choimisiúin

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin

697

672

24

Speansais a bhaineann le táillí agus coimisiúin

(22)

(22)

(0)

Glanioncam ó tháillí agus ó choimisiúin

674

650

24

Táillí maoirseachta go príomha atá in ioncam faoin mír seo. Táillí cumhdaigh is mó atá i gceist leis na speansais.

Ioncam agus speansas a bhaineann le cúraimí maoirseachta
Ioncam ó tháillí maoirseachta go príomha atá san ioncam a bhaineann le maoirseacht baincéireachta. Gearrann BCE táillí ar eintitis mhaoirsithe chun caiteachas a thabhaítear i ndéanamh a chúraimí maoirseachta a aisghabháil. Bunaithe ar speansais bhliantúla iarbhír BCE arna dtabhú i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta baincéireachta, ba é €681 mhilliún an t-ioncam ó tháillí maoirseachta le haghaidh 2024 (2023: €654 milliún).

Chun méid na dtáillí maoirseachta atá le tobhach a chinneadh, déantar an caiteachas bliantúil iarbhír a choigeartú do mhéideanna a aisíocadh le bainc aonair/a fuarthas uathu le haghaidh tréimhsí táillí roimhe sin agus coigeartuithe eile, lena n‑áirítear ús a fuarthas ar íocaíochtaí déanacha.[61] Agus coigeartú a chomhfhreagraíonn don ús a fuarthas ar íocaíochtaí déanacha chomh maith le glan-aisíocaíochtaí le bainc aonair ar feadh tréimhsí táillí roimhe seo á gcur san áireamh, is ionann na táillí maoirseachta bliantúla a ghearrfar ar na heintitis faoi mhaoirseacht don tréimhse táille 2024 agus méid beagnach comhionann leis na speansais bhliantúla iarbhír €681 mhilliún[62] (féach nóta 6.4 “Fabhruithe agus speansais réamhíoctha”). Déanfar na táillí maoirseachta aonair a shonrascadh sa dara ráithe de 2025.[63]

Tá BCE i dteideal freisin pionóis riaracháin a fhorchur ar eintitis faoi mhaoirseacht as dlí baincéireachta an Aontais is infheidhme maidir le ceanglais stuamachta (lena n‑áirítear cinntí maoirseachta BCE) a neamhchomhlíonadh. Ní dhéantar an t‑ioncam gaolmhar a mheas i ríomh táillí maoirseachta bliantúla, ná ní aisíoctar na pionóis sin i gcás ina ndéanfar cinntí smachtbhannaí roimhe sin a leasú nó a neamhniú. Ina ionad sin, déantar na suimeanna lena mbaineann a thaifeadadh i gcuntas brabúis agus caillteanais BCE. B’ionann an t-ioncam a eascraíonn as pionóis ar eintitis faoi mhaoirseacht agus €16 milliún in 2024 (2023: €18 milliún).

Mar sin, mar seo a leanas a bhí ioncam BCE ó thascanna maoirseachta:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ioncam ó tháillí maoirseachta

681

654

27

- Ioncam ó tháillí ó eintitis shuntasacha nó ó ghrúpaí suntasacha

651

626

25

- Ioncam ó tháillí ó eintitis nach bhfuil chomh suntasach céanna nó ó ghrúpaí nach bhfuil chomh suntasach céanna

29

27

2

Pionóis riaracháin arna bhforchur

16

18

(2)

Ioncam a bhaineann le cúraimí maoirseachta baincéireachta

696

671

25

Speansais a bhaineann le maoirseacht ar bhaincéireacht ón maoirseacht dhíreach ar eintitis shuntasacha, an fhormhaoirseacht ar mhaoirseacht eintitis a bhfuil suntas níos lú ag baint leo agus déanamh tascanna cothrománacha agus seirbhísí speisialaithe. Is é atá iontu ná speansais dhíreacha de chuid fheidhm maoirseachta BCE agus na speansais ábhartha a eascraíonn as réimsí tacaíochta a theastaíonn chun freagrachtaí maoirseachta BCE a chomhlíonadh, a sheasann dá gcuid seirbhísí maidir le háitribh agus aiseanna; acmhainní daonna; teicneolaíocht faisnéise (TF); dlí, iniúchóireacht agus riarachán; cumarsáid agus aistriúchán; chomh maith le gníomhaíochtaí eile.

B’ionann na speansais iarbhír a bhaineann le cúraimí maoirseachta BCE, a aisghabhtar trí na táillí maoirseachta bliantúla le haghaidh 2024 agus €681 milliún (2023: €654 milliún). I dteannta thionchar an bhoilscithe, chuir diansaothrú na dtionscnamh maoirseachta, mar aon le costais níos airde a bhaineann le forbairtí leanúnacha agus feabhsuithe ar chórais TF atá tiomnaithe do mhaoirseacht baincéireachta, leis an méadú foriomlán ar na speansais sin.

Nóta 28 – Ioncam ó ionstraimí cothromais agus ó leasanna rannpháirteacha

Léirítear an díbhinn €1 mhilliún in 2024 (2023: EUR 1 mhilliún) faighte ar na scaireanna sa BIS atá i seilbh BCE (féach nóta 6.2 “Sócmhainní airgeadais eile”) faoin ítim seo.

Nóta 29 – Ioncam eile

Bhí ioncam ilghnéitheach eile cothrom le EUR 119 milliún in 2024 (2023: €72 milliún). D’eascair an t-iomlán go príomha as ranníocaíochtaí BCNanna rannpháirteacha le costais arna dtabhú ag BCE i ndáil le tionscadail agus seirbhísí CEBC atá i bhfeidhm.

Nóta 30 – Costais foirne

Mar seo a leanas a bhí na costais foirne:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Tuarastail agus liúntais

560

528

32

Árachas foirne

26

25

2

Sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile

258

124

134

Costais foirne

844

676

167

B’ionann meánlíon na bhfostaithe, arna léiriú i gcoibhéis lánaimseartha (FTEnna),[64] agus 4,297 (2023: 4,222), lena n-áirítear 386 (2023: 380) a bhí mar bhainisteoirí.

D’eascair costais níos airde le haghaidh sochair iarfhostaíochta as leasú ar na rialacha lena rialaítear pleananna pinsin BCE in 2024. I gcomhréir le rialacha cuntasaíochta ábhartha BCE maidir le pinsin, aithníodh an costas seirbhíse roimhe seo a d’eascair as an leasú seo go hiomlán sa chuntas brabúis agus caillteanais do 2024 nuair a rinneadh an cinneadh (féach nóta 13.3 ‘Ilghnéitheach’). Tháinig méadú ar thuarastail agus ar liúntais i gcomhréir leis an meánlíon foirne níos airde atá beartaithe agus atá fostaithe ag BCE agus leis na coigeartuithe tuarastail rialta.

Luach saothair na mBord Feidhmiúcháin agus Maoirseachta
Faigheann comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus comhaltaí an Bhoird Maoirseachta a fhostaíonn BCE tuarastal bunúsach agus liúntas cónaithe. I gcás an Uachtaráin, cuirtear áit chónaithe ar fáil in ionad liúntais chónaithe. Faigheann comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta liúntas ionadaíochta chomh maith. Ag brath ar na Coinníollacha Fostaíochta d’Fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh, d’fhéadfadh baill an dá bhord a bheith i dteideal liúntais teaghlaigh, leanaí, oideachais agus eile, ag brath ar a gcúinsí ar leith. Tá na tuarastail faoi réir cánach ar leas an Aontais Eorpaigh, chomh maith le hasbhaintí i dtaca le ranníocaíochtaí chuig na scéimeanna pinsin, leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí. Níl liúntais faoi réir cánach agus ní féidir pinsean a éileamh uathu.

In 2024 ba iad seo a leanas buntuarastail chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus chomhaltaí an Bhoird Maoirseachta a bhí fostaithe ag BCE (i.e. gan ionadaithe maoirseoirí náisiúnta a áireamh):[65]

2024

2023

Christine Lagarde (Uachtarán)

466,092

444,984

Luis de Guindos (Leasuachtarán)

399,528

381,444

Piero Cipollone (Comhalta Boird ón 1 Samhain 2023)

332,928

52,976

Frank Elderson (Comhalta Boird)

332,928

317,856

Philip R. Lane (Comhalta Boird)

332,928

317,856

Fabio Panetta (Comhalta Boird go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023)

-

264,880

Isabel Schnabel (Comhalta Boird)

332,928

317,856

Bord Feidhmiúcháin Iomlán

2,197,332

2,097,852

Iomlán an Bhoird Maoirseachta (comhaltaí atá fostaithe ag BCE)1

1,364,558

1,374,853

arb iad:

Claudia Buch (Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta ón 1 Eanáir 2024)

332,928

-

Andrea Enria (Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta go dtí an 31 Nollaig 2023)

-

317,856

Iomlán

3,561,890

3,472,705

1) Áirítear san fhigiúr iomlán luach saothair Chathaoirleach an Bhoird Maoirseachta agus chomhaltaí BCE. Ní fhaigheann Frank Elderson aon luach saothair breise ina ról mar Leas‑Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta. Rinneadh difear do na hiomláin do 2024 mar gheall ar bhearna idir deireadh agus tús théarmaí oifige bheirt chomhaltaí den Bhord Maoirseachta agus a gcomharbaí, ach in 2023 bhí comhaltaí uile BCE den Bhord Maoirseachta in oifig i rith na bliana.

B’ionann na liúntais iomlána a íocadh le comhaltaí an dá bhord agus ranníocaíochtaí BCE i dtreo scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí ar a son agus €1,254,013 (2023: €1,169,703) sa bhliain 2021.

D’fhéadfaí íocaíochtaí idirthréimhseacha a íoc le hiarchomhaltaí de chuid an dá bhord le haghaidh tréimhse theoranta tar éis dheireadh a dtéarmaí oifige. B’ionann na híocaíochtaí d’iar-chomhaltaí an dá bhord, na liúntais ghaolmhara agus ranníocaíochtaí BCE i dtreo scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí ar a son agus €552,772 in 2024 (2023: €365,864) sa bhliain 2021. Tharla an méadú sin mar gheall ar líon níos mó iarchomhaltaí boird a fuair na híocaíochtaí sin in 2024 ná mar a bhí in 2023.

B’ionann na híocaíochtaí a bhain le pinsin, lena n-áirítear liúntais iarfhostaíochta, agus na ranníocaíochtaí chuig scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh, agus árachais timpistí le haghaidh iarchomhaltaí boird agus a gcleithiúnach agus €2,185,215 (2023: €2,670,313).[66] In 2024 áiríodh sa mhéid sin íocaíocht chnapshuime le hiarchomhalta boird amháin ar imeacht dó, agus in 2023 áiríodh ann íocaíocht chnapshuime le hiarchomhalta boird ar scor dó. Rinneadh na híocaíochtaí seo in ionad íocaíochtaí pinsin sa todhchaí.

Nóta 31 – Speansas riaracháin

Mar seo a leanas a bhí na speansais riaracháin:

2024
€ milliúin

2023
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Cíos, cothabháil maoine agus fóntais

57

52

5

Speansais a bhain leis an bhfoireann

74

67

7

Speansais a bhain le TF

153

137

16

Seirbhísí seachtracha

162

161

0

Speansais eile

67

64

3

Speansais riaracháin

513

481

32

Tharla an méadú ar chostais riaracháin in 2024 go príomha mar gheall ar (i) caiteachas TF níos airde i ndáil leis an gclaochlú digiteach (‘costais a bhaineann le TF’); agus (ii) ranníocaíocht BCE le leathnú saoráidí feighlíochta leanaí ag Scoil Eorpach Frankfurt (‘Speansais a bhaineann le foireann’). Lean boilsciú de dhifear a dhéanamh do speansais éagsúla arna dtaifeadadh faoin ítim seo.

Nóta 32 – Seirbhísí táirgthe nótaí bainc

In 2024 b’ionann an speansas sin agus €9 milliún (2023: €9 milliún). D’eascair an t-iomlán den chuid is mó as iompar trasteorann nótaí bainc euro idir saothair chlódóireachta nótaí bainc agus BCNanna, chun nótaí bainc nua a sheachadadh, agus idir BCNanna, chun ganntanais le stoic bharrachais a chúiteamh. Glacann BCE na costais seo go lárnach.

Nóta 33 — Forálacha maidir le haistriú (chuig)/ó fhorálacha maidir le riosca

In 2023 is éard a bhí sa mhír sin scaoileadh iomlán na forála le haghaidh rioscaí airgeadais de EUR 6,620 milliún chun caillteanais a eascraíonn as neamhchosaintí ar rioscaí airgeadais a chumhdach i bpáirt (féach ‘Soláthar do rioscaí airgeadais’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’). Mar thoradh air sin, bhí an fhoráil sin ag nialas an 31 Nollaig 2023. Níor tharla aon aistriú in 2024.

2.7 Teagmhais iarchláir chomhardaithe

Nóta 34 — Athrú ar an ráta úis a úsáidtear le haghaidh luach saothair iarmhéideanna in-Eurochórais

An 13 Márta 2024, chinn an Chomhairle Rialaithe tacar prionsabal a threoródh cur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta amach anseo agus, i measc príomhpharaiméadar eile, a leanfadh sí de sheasamh an bheartais airgeadaíochta a stiúradh tríd an ráta saoráide taisce.[67] Sa chomhthéacs céanna, chinn an Chomhairle Rialaithe, ón 1 Eanáir 2025, go mbeadh an ráta saoráide taisce mar bhonn le haghaidh luach saothair (i) iarmhéideanna TARGET atá dlite ó BCNanna sa limistéar euro nó chucu, (ii) éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras, agus (iii) dliteanais atá coibhéiseach le haistriú cúlchistí eachtracha.

2.8 Ráitis airgeadais 2020-24

Clár comhardaithe

SÓCMHAINNÍ

2020
€ milliúin

2021
€ milliúin

2022
€ milliúin

2023
€ milliúin

2024
€ milliúin

Ór agus infháltais óir

25,056

26,121

27,689

30,419

40,895

Éilimh ar chónaitheoirí i limistéar nach é an limistéar euro é, arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach

45,971

51,433

55,603

55,876

58,117

Infháltais ó CAI

680

1,234

1,759

2,083

2,227

Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile

45,291

50,199

53,844

53,793

55,890

Éilimh ar chónaitheoirí sa limistéar euro, arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach

4,788

2,776

1,159

1,450

4,094

Éilimh ar chónaitheoirí i limistéar nach é an limistéar euro é, arna n-ainmniú in euro

1,830

3,070

-

-

-

Iarmhéideanna le bainc, infheistíochtaí urrúis agus iasachtaí

1,830

3,070

-

-

-

Éilimh eile ar institiúidí creidmheasa sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro

81

38

12

17

2

Urrúis cónaitheoirí sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro

349,008

445,384

457,271

425,349

376,781

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

349,008

445,384

457,271

425,349

376,781

Éilimh laistigh den Eurochóras

114,761

123,551

125,763

125,378

127,067

Glanéilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

114,761

123,551

125,763

125,378

127,067

Sócmhainní eile

27,797

27,765

31,355

34,739

33,644

Sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe

1,262

1,189

1,105

1,023

971

Sócmhainní airgeadais eile

20,785

21,152

21,213

22,172

22,781

Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

388

620

783

552

681

Fabhruithe agus speansais réamhíoctha

3,390

4,055

7,815

10,905

9,158

Ilghnéitheach

1,970

749

438

88

53

Iomlán na sócmhainní

569,292

680,140

698,853

673,229

640,600

DLITEANAIS

2020
€ milliúin

2021
€ milliúin

2022
€ milliúin

2023
€ milliúin

2024
€ milliúin

Nótaí bainc i gcúrsaíocht

114,761

123,551

125,763

125,378

127,067

Dliteanais eile i leith institiúidí creidmheasa sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro

2,559

9,473

17,734

4,699

2,388

Dliteanais i leith cónaitheoirí eile sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro

13,700

7,604

63,863

20,622

24,554

Ollfhiachas rialtais

10,012

3,200

48,520

143

73

Dliteanais eile

3,688

4,404

15,343

20,479

24,482

Dliteanais i leith cónaitheoirí de chuid limistéir nach é an limistéar euro é, arna n-ainmniú in euro

11,567

112,492

78,108

23,111

39,859

Dliteanais i leith cónaitheoirí i limistéar nach é an limistéar euro é, arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach

-

-

-

24

-

Taiscí, iarmhéideanna agus dliteanais eile

-

-

-

24

-

Dliteanais laistigh den Eurochóras

378,432

375,136

355,474

445,048

388,676

Dliteanais atá coibhéiseach le cúlchistí eachtracha a aistriú

40,344

40,344

40,344

40,671

40,562

Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan)

336,828

334,618

315,090

404,336

348,074

Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)

1,260

174

41

40

40

Dliteanais eile

3,095

2,877

5,908

9,498

7,615

Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

636

568

430

68

-

Fabhruithe agus ioncam a bailíodh roimh ré

40

32

3,915

8,030

6,288

Ilghnéitheach

2,419

2,277

1,562

1,401

1,327

Soláthairtí

7,641

8,268

6,636

67

72

Forálacha i leith riosca

7,584

8,194

6,566

-

-

Soláthairtí eile

57

74

69

67

72

Cuntais athluachála

28,235

32,277

36,487

37,099

50,653

Caipiteal agus cúlchistí

7,659

8,270

8,880

8,948

8,925

Caipiteal

7,659

8,270

8,880

8,948

8,925

Caillteanais charntha arna dtabhairt ar aghaidh

-

-

-

-

(1,266)

Brabús/(caillteanas) don bhliain

1,643

192

-

(1,266)

(7,944)

Iomlán na ndliteanas

569,292

680,140

698,853

673,229

640,600

Nóta: Chun inchomparáideacht a áirithiú, rinneadh leagan amach an chláir chomhardaithe do na blianta 2020-23 a choigeartú chun go mbeidh sé ag teacht leis an leagan amach a tugadh isteach in 2024. Thairis sin, ós rud é gur cuireadh an ítim ‘Brabús/(caillteanas) don bhliain’ san áireamh mar ítim dhiúltach neamhspleách ar thaobh na ndliteanas den chlár comhardaithe, rinneadh na méideanna le haghaidh ‘Sócmhainní iomlána’ agus ‘Dliteanais iomlána’ in 2023 a choigeartú dá réir sin. Is féidir tuilleadh sonraí maidir leis na hathruithe sin a fháil faoi ‘Athruithe ar chur i láthair sna ráitis airgeadais’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’.

Cuntas brabúis agus caillteanais

2020
€ milliúin

2021
€ milliúin

2022
€ milliúin

2023
€ milliúin

2024
€ milliúin

Glanioncam / (speansas) úis

2,017

1,566

900

(7,193)

(6,983)

Ioncam úis

2,027

1,575

12,314

63,723

66,898

Speansas úis

(9)

(9)

(11,414)

(70,916)

(73,881)

Glantoradh na n-oibríochtaí airgeadais agus na ndíluachálacha

316

(139)

(1,950)

(144)

(286)

Gnóthachain/caillteanais réadaithe a eascraíonn ó oibríochtaí airgeadais

342

(6)

(110)

(106)

(17)

Díluachálacha ar shócmhainní airgeadais agus ar shuíomhanna airgeadais

(26)

(133)

(1,840)

(38)

(269)

Glanioncam/(speansas) ó tháillí agus ó choimisiúin

520

559

585

650

674

Ioncam ó ionstraimí cothromais agus ó leasanna rannpháirteachais

-

2

1

1

1

Ioncam eile

37

56

61

72

119

Costais foirne

(646)

(674)

(652)

(676)

(844)

Speansais riaracháin

(434)

(444)

(460)

(481)

(513)

Dímheas sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe

(106)

(108)

(103)

(106)

(104)

Seirbhísí táirgthe nótaí bainc

(14)

(13)

(9)

(9)

(9)

Speansais eile

-

(5)

-

-

-

Brabús/(caillteanas) roimh an aistriú (chuig)/ó fhorálacha riosca

1,691

802

(1,627)

(7,886)

(7,944)

Aistriú (chuig)/ó sholáthairtí riosca

(48)

(610)

1,627

6,620

-

Brabús/(caillteanas) don bhliain

1,643

192

-

(1,266)

(7,944)

Dáileadh brabúis

1,643

192

-

-

-

Nóta: Chun inchomparáideacht a áirithiú, coigeartaíodh leagan amach an chuntais brabúis agus caillteanais le haghaidh na mblianta 2020-23 chun go mbeidh sé ag teacht leis an leagan amach a tugadh isteach in 2024. Thairis sin, rinneadh na méideanna a thaispeántar faoi na fo-ítimí ‘Ioncam úis’ agus ‘Speansas úis’ a athshonrú i gcomhréir leis an réasúnaíocht glanluachála ioncaim úis agus speansais a chuirtear i bhfeidhm ó 2024. Is féidir tuilleadh sonraí maidir leis na hathruithe sin a fháil faoi ‘Athruithe ar chur i láthair sna ráitis airgeadais’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’.

3 Tuarascáil iniúchóra neamhspleách

Chuig Uachtarán agus Comhairle Rialaithe
an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Frankfurt am Main

Tuarascáil maidir leis an Iniúchadh ar Ráitis Airgeadais BCE 2024

Tuairim

Rinneamar iniúchadh ar Ráitis Airgeadais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2024 – san áireamh i gCuntais Bhliantúla BCE – a chuimsíonn an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, agus achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha agus nótaí mínithe eile.

Is é ár dtuairim go dtugann na Ráitis Airgeadais a ghabhann leis seo léargas fíorcheart ar staid airgeadais BCE amhail an 31 Nollaig 2024 agus ar thorthaí a chuid oibríochtaí airgeadais don bhliain dar críoch an dáta sin i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an gComhairle Rialaithe, a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2024/2938 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir le cuntais bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2024/32), atá bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2024/2941 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir leis an gcreat dlíthiúil le haghaidh cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2024/31).

Bonn na Tuairime

Rinneamar ár n-iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (“ISAnna”). Déantar cur síos mionsonraithe ar ár bhfreagrachtaí faoi na caighdeáin sin faoin mír Freagrachtaí an Iniúchóra maidir leis an Iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais inár dtuarascáil. Táimid neamhspleách ar BCE de réir na gceanglas eiticiúil Gearmánach atá ábhartha lenár n-iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais, atá ag teacht leis an gCód Eitice le haghaidh Cuntasóirí Gairmiúlade chuid an Bhoird Idirnáisiúnta Caighdeán Eitice le haghaidh Cuntasóirí agus chomhlíonamar ár bhfreagrachtaí eiticiúla i gcomhréir leis na ceanglais sin. Creidimid go bhfuil an fhianaise iniúchta a fuaireamar dóthanach agus cuí chun bunús a thabhairt lenár dtuairim.

Faisnéis Eile

Tá Bord Feidhmiúcháin BCE freagrach as an bhfaisnéis eile a chuirtear ar fáil i gCuntais Bhliantúla BCE. Is éard atá san fhaisnéis eile ná an fhaisnéis uile atá san áireamh i dTuarascáil Bhliantúil BCE seachas Ráitis Airgeadais BCE agus an tuarascáil iniúchóra dár gcuid.

Ní chuimsíonn ár dtuairim ar na Ráitis Airgeadais an fhaisnéis eile agus ní léirímid aon chineál tátail dheimhnithe maidir leis an bhfaisnéis sin.

Maidir lenár n-iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais, tá sé de fhreagracht orainn an fhaisnéis eile a léamh agus, é sin ar bun againn, an méid seo a leanas a mheas:an bhfuil an fhaisnéis eile neamhréireach go hábhartha leis na Ráitis Airgeadais nó leis an eolas a fuaireamar san iniúchadh, nó an léir go bhfuil sí míshonraithe go hábhartha ar shlí eile?

Freagrachtaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus iad siúd a raibh dualgas orthu maidir le Rialachas i gcomhair na Ráiteas Airgeadais

Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as ullmhú agus cur i láthair cothrom na Ráiteas Airgeadais i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an gComhairle Rialaithe, a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2024/2938 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir le cuntais bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2024/32), atá bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2024/2941 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir leis an gcreat dlíthiúil le haghaidh cuntasaíochta agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2024/31), agus as cibé rialú inmheánach a chinnfidh an Bord Feidhmiúcháin a bheith riachtanach chun ullmhú Ráiteas Airgeadais atá saor ó mhíráiteas ábhartha a chumasú, bíodh sé sin mar gheall ar chalaois nó earráid.

Agus na Ráitis Airgeadais á n-ullmhú, tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cumas BCE leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach a mheas, as nithe a bhaineann le gnóthas leantach a nochtadh, de réir mar is infheidhme, agus as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh a úsáid.

Tá na daoine siúd a raibh dualgas an rialachais orthu freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar phróiseas tuairiscithe airgeadais BCE.

Freagrachtaí an Iniúchóra maidir leis an Iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais

Is iad ár spriocanna ná dearbhú réasúnta a fháil cibé an bhfuil nó nach bhfuil na Ráitis Airgeadais saor ó mhíráitis ábhartha san iomlán, bíodh sin de dheasca calaoise nó earráide, agus tuarascáil iniúchóra a eisiúint a bhfuil ár dtuairim san áireamh ann. Is ardleibhéal dearbhuithe é dearbhú réasúnta, ach ní gealltanas atá ann go n-aimseoidh iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta míráiteas ábhartha i gcónaí más ann dó. Féadfaidh míráitis eascairt as calaois nó earráid agus meastar go bhfuil siad ábhartha i gcás ina bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go n-imreoidís tionchar, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhiomláin, ar chinntí eacnamaíocha na n-úsáideoirí a dhéantar ar bhonn na Ráiteas Airgeadais seo.

Mar chuid d’iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta, bainimid leas as breithiúnas gairmiúil agus coinnímid amhras gairmiúil i bpleanáil agus i ndéanamh an iniúchta síos tríd. Ina theannta sin:

  • Aithnímid agus measaimid na rioscaí a bhaineann le míráiteas ábhartha sna Ráitis Airgeadais, bíodh sin de dheasca calaoise nó earráide, dearaimid agus cuirimid nósanna imeachta iniúchta i gcrích a mbíonn aird acu ar na rioscaí sin, agus faighimid fianaise iniúchta atá dóthanach agus cuí chun bunús a thabhairt lenár dtuairim. Tá an riosca nach mbraithfear míráiteas ábharthach mar thoradh ar chalaois níos airde ná an riosca nach mbraithfear míráiteas ábharthach mar thoradh ar earráid, toisc go bhféadfadh claonpháirteachas, brionnú, easnaimh d’aon ghnó, mífhaisnéis nó sárú ar rialú inmheánach a bheith i gceist le calaois.
  • Faighimid tuiscint ar rialú inmheánach a bhaineann leis an iniúchadh ar mhaithe le nósanna imeachta iniúchta a dhearadh atá cuí sna cúinsí ar leith, agus ní ar mhaithe le tuairim a nochtadh faoi éifeachtacht rialú inmheánach BCE.
  • Déanaimid measúnú ar oiriúnacht na mbeartas cuntasaíochta a úsáideadh agus ar réasúnacht na meastachán cuntasaíochta agus na nochtuithe gaolmhara arna soláthar ag an mbainistíocht.
  • Tagaimid ar chonclúid maidir le cé chomh hoiriúnach agus a bhí an úsáid a bhain an bhainistíocht as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh agus, bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fhaightear, cinnimid cé acu atá nó nach bhfuil neamhchinnteacht ábhartha ann a bhaineann le himeachtaí nó coinníollacha a d'fhéadfadh amhras suntasach a tharraingt ar chumas BCE leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach. Má thagaimid ar chonclúid gur ann do neamhchinnteacht ábhartha, tá dualgas orainn béim a leagan air inár dtuarascáil iniúchóra maidir leis na nochtuithe a bhaineann leis sna Ráitis Airgeadais nó, murar leor nochtuithe dá leithéid, ár dtuairim a mhionathrú. Tá ár gcuid conclúidí bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fhaightear suas go dtí dáta ár dtuarascála iniúchóra.
  • Déanaimid measúnú ar chur i láthair, ar leagan amach agus ar ábhar iomlán na Ráiteas Airgeadais, lena n-áirítear na nochtuithe, agus measaimid cé acu a chuireann nó nach gcuireann na Ráitis Airgeadais na hidirbhearta agus na himeachtaí is bun leo in iúl ar bhealach a bhaineann cur i láthair cothrom amach.

Tá dualgas orainn raon feidhme agus tráth beartaithe an iniúchta agus torthaí suntasacha an iniúchta, lena n-airítear aon difríochtaí suntasacha i rialú inmheánach a aithnímid i gcaitheamh ár n-iniúchta, a chur in iúl dóibh siúd a bhfuil dualgas rialachais orthu.

Frankfurt am Main, an 12 Feabhra 2025

Baker Tilly GmbH & Co.KG
Wirtschaftsprüfungsgesellschaft (Cuntasóir)


An Dr Stefan Wolfgang Fischer
Wirtschaftsprüfer (Cuntasóir)


Maria Brück
Wirtschaftsprüferin (Cuntasóir)

4 Nóta maidir le dáileadh brabúis/leithdháileadh caillteanas

Ní cuid de ráitis airgeadais BCE don bhliain 2024 an nóta seo.

De bhun Airteagal 33 de Reacht CEBC, tá glanbhrabús BCE le haistriú san ord seo a leanas:

  1. tá méid a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe nach bhféadfaidh bheith níos mó ná 20 % den bhrabús glan le haistriú chuig an gcúlchiste ginearálta faoi réir teorann is ionann agus 100 % den chaipiteal;
  2. déanfar fuíoll an bhrabúis ghlain a dháileadh ar scairshealbhóirí BCE i gcomhréir lena scaireanna íoctha.[68]

Sa chás go dtabhaíonn BCE caillteanas, d’fhéadfaí an ganntanas a fhritháiriú in aghaidh chúlchiste ginearálta BCE agus, más gá, i ndiaidh cinneadh de chuid na Comhairle Rialaithe, in aghaidh ioncam airgeadaíochta na bliana airgeadais ábhartha i gcomhréir agus suas leis na méid a leithdháileadh ar na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 32.5 de Reacht CEBC.[69]

Ba é EUR 7,944 mhilliún caillteanas BCE do 2024, i gcomparáid le caillteanas EUR 1,266 mhilliún in 2023 tar éis scaoileadh iomlán na forála le haghaidh rioscaí airgeadais. Tar éis don Chomhairle Rialaithe cinneadh a dhéanamh, tabharfar an caillteanas sin ar aghaidh ar chlár comhardaithe BCE agus déanfar é a fhritháireamh in aghaidh brabúis amach anseo.

© An Banc Ceannais Eorpach, 2025

Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Guthán +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.ecb.europa.eu

Gach ceart ar chosaint. Ceadaítear atáirgeadh ar mhaithe le hoideachas agus le cúiseanna nach mbaineann le tráchtáil fad is go dtugtar aitheantas don fhoinse.

Tá téarmaíocht ar leith le fáil ó ghluais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (ar fáil i mBéarla amháin).

PDF ISBN 978-92-899-7048-8, ISSN 2443-4760, doi:10.2866/8968617, QB-01-25-039-EN-N
HTML ISBN 978-92-899-7053-2, ISSN 2811-7611, doi:10.2866/8424512, QB-01-25-039-GA-Q


  1. I rith an doiciméid seo, is féidir nach suimeoidh na huimhreacha a chuirtear i láthair go beacht go dtí na hiomláin agus is féidir nach léireoidh na céatadáin go beacht na figiúir absalóideacha mar gheall ar shlánú.

  2. Is éard atá sna “ráitis airgeadais” an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha agus nótaí mínithe eile. Is éard atá sna “Cuntais Bhliantúla” na ráitis airgeadais, an tuarascáil bhainistíochta, tuarascáil an iniúchóra neamhspleách agus an nóta ar dháileachán brabúis/leithdháileadh caillteanas. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar sonraí ar na próisis ullmhaithe agus faofa gaolmhara ar shuíomh gréasáin BCE.

  3. Bhí 20 BCNanna san Eurochóras in 2024.

  4. Leagan comhdhlúite den Chonradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch.1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  5. Prótacal (Uimh 4) ar Chonradh ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 230). Is éard atá sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) BCE agus BCNanna na 27 mBallstát AE uile.

  6. Is féidir tuilleadh sonraí faoi ionstraimí beartais airgeadaíochta an Eurochórais agus, ar dhóigh níos sonraí, faoi oibríochtaí margaidh oscailte a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.

  7. Is féidir tuilleadh sonraí maidir le hiasachtú urrús a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannas Eorpach.

  8. Is féidir tuilleadh sonraí ar na línte babhtála airgeadra ar shuíomh gréasáin BCE.

  9. Is féidir tuilleadh sonraí faoi oibríochtaí euro a sholáthraíonn leachtacht an Eurochórais in aghaidh comhthaobhacht incháilithe a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Is iad na BCNanna a oibríonn na línte athcheannaigh a bhfuil cur síos orthu ar an suíomh gréasáin freisin agus dá réir sin, níl aon tionchar acu ar ráitis airgeadais BCE.

  10. Is féidir tuilleadh sonraí maidir le Seirbhísí TARGET a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.

  11. Is éard is córais choimhdeacha ann bonneagair margaidh airgeadais ar dheonaigh an Chomhairle Rialaithe rochtain ar chomhpháirt TARGET‑BCE dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a shainítear i gCinneadh (AE) 2022/911 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Aibreán 2022 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2022/22) (IO L 163, 17.6.2022, lch.1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí maidir le córais choimhdeacha ar shuíomh gréasáin BCE.

  12. Is éard atá in CCS an tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach (CCBC3), clár ceannaigh urrús sócmhainn-bhunaithe (CCUSB), clár ceannaigh na hearnála poiblí (CCEP) agus clár ceannaigh na hearnála corparáidí (CCEC). Ní bhfuair BCE urrúis faoi CCEC. Is féidir tuilleadh sonraí ar chláir clár ceannaithe sócmhainní agus ar chlár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.

  13. Is féidir teacht ar phróifíl aibíochta do chlár ceannaithe sócmhainní agus do chlár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ar shuíomh gréasáin BCE.

  14. San áireamh sna sealúchais airgeadra eachtraigh BCE tá sócmhainní a chuimsítear sa chlár comhardaithe faoi “Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach – Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile” agus “Éilimh ar chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”.

  15. I gcomhréir le moltaí an Tascfhórsa um Nochtadh Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid, ullmhaíonn an BCE nochtaí bliantúla airgeadais a bhaineann leis an aeráid i ndáil lena chistí dílse agus a phunanna pinsean. Foilsíodh na nochtaí le haghaidh 2023 ar shuíomh gréasáin BCE i mí an Mheithimh 2024, agus táthar ag súil go bhfoilseofar na nochtaí le haghaidh 2024 i mí an Mheithimh 2025.

  16. Tá ailíniú le sprioc Chomhaontú Pháras á lorg ag na tagarmharcanna atá ailínithe le Comhaontú Pháras chun an méadú ar mheánteochtaí domhanda a theorannú go 1.5°C.

  17. Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 agus Rialachán (AE) 2018/1999 (‘an Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

  18. Déantar speansais a thabhaíonn BCE i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta a aisghabháil trí tháillí maoirseachta bliantúla arna thobhach ar eintitis mhaoirsithe. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí maidir le táillí maoirseachta ar shuíomh gréasáin BCE um maoirseacht bhaincéireachta.

  19. I gcomhréir le hAirteagal 21 de Reacht CEBC, d’fhéadfadh BCE feidhmiú mar ghníomhaire fioscach d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh, rialtais láir, údaráis réigiúnacha, áitiúla nó údaráis phoiblí eile, comhlachtaí eile rialaithe ag an dlí poiblí, nó gnóthais phoiblí de chuid na mBallstát.

  20. Sa roinn seo, áirítear le “cuntais athluachála” gnóthachain athluachála iomlána ar ór, airgreadra eachtrach, agus urrúis agus ionstraimí eile ach ní áirítear an cuntas athluachála le haghaidh sochair iarfhostaíochta.

  21. Úsáidtear an sainmhíniú seo ar ghlanchothromas chun Cuntais Bhliantúla BCE a ullmhú agus chun na críche sin amháin.

  22. An 13 Márta 2024, chinn an Chomhairle Rialaithe ar shraith prionsabal a threoródh cur chun feidhme beartais airgeadaíochta amach anseo agus, i measc príomhpharaiméadar eile, go leanfadh sí de sheasamh an bheartais airgeadaíochta a stiúradh tríd an ráta saoráide taisce (DFR). Sa chomhthéacs céanna, chinn an Chomhairle Rialaithe go mbeadh rátá úis ar an tsaoráid taisce mar bhonn, ón 1 Eanáir 2025, maidir le luach saothair (i) iarmhéideanna TARGET atá dlite ó/chuig BCNanna sa limistéar euro; (ii) éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras; agus (iii) dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha.

  23. Cuirtear ioncam ó tháillí maoirseachta san áireamh faoi “Ioncam agus speansais eile” (Cairt 13).

  24. Sainmhínítear EI mar chaillteanas meánach arna ualú de réir dóchúlachta a tharlaíonn sa chás is measa (1-p)%, mar a sheasann p don leibhéal muiníne.

  25. Is féidir tuilleadh sonraí ar an gcur chuige samhaltúcháin in The financial risk management of the Eurosystem’s monetary policy operations [Bainistíocht riosca oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais], BCE, Iúil 2015.

  26. Rinneadh torthaí na tástála struis ar shealúchais bannaí corparáide a ionchorprú sna nochtaí a bhaineann leis an aeráid ar shealúchais bannaí corparáideacha BCNanna sa limistéar euro faoi CCEC agus CCÉP, agus thosaigh BCE á bhfoilsiú go bliantúil ó mhí an Mhárta 2023. Tá tuilleadh sonraí le fáil in Climate-related financial disclosures of the Eurosystem’s corporate sector holdings for monetary policy purposes [Nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid maidir le sealúchais earnála corparáidí an Eurochórais chun críocha beartais airgeadaíochta], BCE, Márta 2023.
    Foilsíodh torthaí cáilíochtúla ginearálta na tástála struis sin in Feasachán Eacnamaíoch BCE. Féach “Results of the 2022 climate risk stress test of the Eurosystem balance sheet” [Torthaí thástáil struis riosca aeráide 2022 de chlár comhardaithe an Eurochórais], Feasachán Eacnamaíoch, Eagrán 2, BCE, 2023.

  27. Tá foilsiú thorthaí na tástála struis aeráide 2024 i bhfoirm cháilíochtúil beartaithe don chéad leath de 2025.

  28. Cuimsítear le riosca oibriúcháin gach riosca neamhairgeadais agus sainmhínítear é mar riosca tionchair dhiúltaigh gnó, clú agus/nó airgeadais ar BCE a leanann as daoine, cur chun feidhme neamh‑leordhóthanach nó mainneachtain rialachais inmheánaigh agus próiseas gnó, cliseadh córas ar a mbraitheann córais, nó imeachtaí seachtracha (e.g. tubaistí nádúrtha nó ionsuithe seachtracha).

  29. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar struchtúr rialachais BCE ar shuíomh gréasáin BCE.

  30. Tá níos mó airde faighte ag bainistiú riosca iompair san earnáil chorparáideach agus phoiblí. Cuireann sé leis an mbainistiú riosca airgeadais agus oibríochtúil agus, i gcás BCE, is féidir é a shainmhíniú mar neamhchosaint na hinstitiúide ar dhamáiste do chlú, nó ar dhamáiste airgeadais nó de chineálacha eile, a dhéanann dochar dá leasanna, i ngeall ar ghníomhartha d’aon turas nó faillíocha a dhéanann a hoifigigh ardleibhéil, a fostaithe nó a conraitheoirí, agus nach bhfuil i gcomhréir le rialacha na hinstitiúide i ndáil le heitic, cúrsaí dlí ná ionracas, ná caighdeáin maidir le dea-rialachas agus dea-riar.

  31. Is iad Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún na hinstitiúidí eile.

  32. Féach Comhaontú idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún, lena mbunaítear comhlacht idirinstitiúideach um chaighdeáin eiticiúla do chomhaltaí na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (IO L 2024/1365, 17.5.2024).

  33. Leagtar síos beartais chuntasaíochta mhionsonraithe BCE i gCinneadh (AE) 2024/2938 ón BCE an 14 Samhain 2024 ar chuntais bhliantúla an BCE (BCE/2024/32) (IO L, 2024/2938, 11.12.2024).
    Chun cuntasaíocht chomhchuibhithe agus tuairisciú airgeadais na n‑oibríochtaí Eurochórais a áirithiú, tá an Cinneadh thuasluaite bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2024/2941 de BCE an 14 Samhain 2024 ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh cuntasaíochta agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2024/31) (OJ L, 2024/2941, 11.12.2024).
    Tá na beartais sin, a athbhreithnítear agus a nuashonraítear go tráthrialta de réir mar a mheastar a bheith iomchuí, comhsheasmhach le forálacha Airteagal 26.4 de Reacht CEBC, lena gceanglaítear cur chuige comhchuibhithe i leith na rialuithe lena rialaítear cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais oibríochtaí Eurochórais.

  34. Tá tairseach íosta €100,000 i bhfeidhm le haghaidh fabhruithe agus forálacha riaracháin.

  35. Aicmítear léas mar léas airgeadais má aistrítear go substaintiúil leis gach riosca agus tairbhe a ghabhann le húinéireacht na bunsócmhainne, agus aicmítear é mar léas oibriúcháin i gcásanna eile.

  36. Is féidir na cistí a charnann ball foirne trí ranníocaíochtaí deonacha a úsáid ag scor chun pinsean breise a cheannach. Tá an pinsean seo san áireamh san oibleagáid sochair shainithe ón bpointe sin ar aghaidh.

  37. An 31 Nollaig 2024, ar na BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro a bhí rannpháirteach in TARGET, bhí Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire), Danmarks Nationalbank, Narodowy Bank Polski agus Banca Naţională a României.

  38. Cinneadh BCE an 13 Nollaig 2010 ar eisiúint nótaí bainc in euro (BCE/2010/29) (2011/67/AE)téacs comhdhlúite neamhoifigiúil (IO L 35, 09.02.2011, lch.26), arna leasú. Is féidir an leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  39. Ciallaíonn “Scála leithdháilte nótaí bainc” na céatadáin a éiríonn as sciar BCE in eisiúint iomlán nótaí bainc euro a chur san áireamh agus an scála caipitil suibscríofa a chur i bhfeidhm ar sciar BCNanna san iomlán sin.

  40. Cinneadh (AE) 2016/2248 ón mBanc Ceannais Eorpach an 3 Samhain 2016 maidir le cionroinnt ioncaim airgeadaíochta bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (BCE/2016/36) (IO L 347, 20.12.2016, lch. 26). Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  41. Ag deireadh 2023 agus 2024 bhí an fhoráil sin ag nialas, toisc gur scaoileadh ina hiomláine í chun caillteanais a tháinig chun cinn in 2023 a chumhdach go páirteach.

  42. Cinneadh (AE) 2015/298 BCE an 15 Nollaig 2014 ar eisiúint eatramhach ioncam BCE (BCE/2014/57) (IO L 53, 25.2.2015, lch.24), mar a leasaítear. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  43. I gcás iarmhéideanna gan íoc, chuirfí i láthair iad faoi ‘Ilghnéitheach’ ar thaobh na sócmhainní den chlár comhardaithe.

  44. Bhí an fhoráil maidir le rioscaí airgeadais atá le nochtadh faoin ítim seo ag nialas ag deireadh 2023 agus 2024. Ar an gcúis sin, ní thaispeántar an mhír dhliteanais ‘Forálacha riosca’ sa chlár comhardaithe.

  45. Maidir le sócmhainní agus dliteanais a bhaineann le hoibríochtaí beartais airgeadaíochta, déantar ioncam úis agus speansas úis a ghlanluacháil ar leibhéal na hítime sa chlár comhardaithe.

  46. Cuimsítear leis na sealúchais sin sócmhainní lúide dliteanais a ainmnítear san airgeadra eachtrach atá leagtha amach agus atá faoi réir ag athluacháil airgeadra eachtraigh. Cuimsítear iad faoi na ceannteidil “Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”, “Éilimh ar chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”, “Fabhruithe agus speansais réamhíoctha”, “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”, “Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” (ar an taobh dliteanas) agus “Fabhruithe agus ioncam a bhailítear roimh ré” agus cuireann siad san áireamh babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbheart a áirítear sna míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe. Gnóthachain praghais maidir le hionstraimí airgeadais a ainmnítear in airgeadra eachtrach ag teacht chun cinn de bharr nach gcuirtear athluachálacha san áireamh.

  47. Is féidir tuilleadh sonraí ar na Cláir Ceannaithe Sóchmhainní a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.

  48. Féach an phreaseisiúint ón 15 Meitheamh 2023 maidir le cinntí na Comhairle Rialaithe.

  49. Is féidir tuilleadh sonraí ar an gclár ceannaithe éigeandála na paindéime can be found on the ECB’s website.

  50. Féach an phreaseisiúint ón 14 Nollaig 2023 maidir le cinntí na Comhairle Rialaithe.

  51. Taispeánann na margadhluachanna na luachaintí margaidh agus díorthaítear na margadhluachanna ar bhonn na luachaintí margaidh freisin. Nuair nach bhfuil luachaintí margaidh ar fáil, déantar meas ar na margadhphraghasanna ach úsáid a bhaint as samhailtí inmheánacha de chuid an Eurochórais.

  52. Ach amháin i gcás scaireanna cothromais a fuair BCN de chuid an Eurochórais in 2024 mar thoradh ar athstruchtúrú corparáideach, a dtugtar cuntas orthu ag margadhluach.

  53. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí maidir le táillí maoirseachta ar shuíomh gréasáin BCE um maoirseacht bhaincéireachta.

  54. Déantar idirbhearta iasachta urrús nach mbíonn comhthaobhacht airgid neamhinfheistithe mar thoradh orthu ag deireadh na bliana a thaifeadadh i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe (féach nóta 18 ‘Cláir iasachta urrús’).

  55. Is éard is córais choimhdeacha ann bonneagair margaidh airgeadais ar dheonaigh an Chomhairle Rialaithe rochtain ar chomhpháirt TARGET‑BCE dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a shainítear i gCinneadh (AE) 2022/911 ó BCE an 19 Aibreán 2022 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2022/22) (IO L 163, 17.6.2022, lch.1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo. Ag brath ar an eintiteas bainistíochta, meastar gur cónaitheoirí de chuid an limistéir euro iad na córais choimhdeacha (féach nóta 9.2 “Dliteanais eile”) nó neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro (féach nóta 10 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”). Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí maidir le córais choimhdeacha ar shuíomh gréasáin BCE.

  56. Ní léiríonn colún sochair shainithe an phlean ach na ranníocaíochtaí éigeantacha a rinne BCE agus an fhoireann. B’ionann na ranníocaíochtaí deonacha a rinne an fhoireann i gcolún ranníocaíochta sainithe in 2024 agus €266 milliún (2023: €228 milliún). Tá na ranníocaíochtaí seo infheistithe sna sócmhainní plean agus tá oibleagáid chomhfhreagrach ar chomhluach ann mar gheall air sin.

  57. Déantar na hualaí sin a choigeartú freisin aon uair a thagann athrú ar líon na BCNanna a rannchuidíonn le caipiteal BCE. Is iad sin BCNanna Bhallstáit an Aontais.

  58. Is féidir tuilleadh sonraí maidir le hiasachtú urrús a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannas Eorpach.

  59. Is féidir tuilleadh sonraí maidir le socruithe babhtála lena soláthraítear leachtacht a fháil ar shuíomh gréasáin BCE. Is iad BCNanna an limistéir euro a oibríonn na línte athcheannaigh a bhfuil tuairisc orthu ar an suíomh gréasáin seo freisin agus dá bhrí sin ní chuirtear san áireamh iad i gCuntais Bhliantúla BCE.

  60. I gcás nach ionann an dáta aisíocaíochta iarbhír agus an dáta aibíochta dlíthiúla (a bhíonn i gceist i gcás CCUSB go hiondúil), méid na préimhe nó na lascaine nár amúchadh fós, meastar go réadaítear é i gcomhréir le luach na príomhshuime arna haisíoc.

  61. Féach Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le táillí maoirseachta (BCE/2014/41) (IO L 311, 31.10.2014, lch. 23), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  62. Glacfar le cinneadh an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla le haghaidh 2024, agus foilseofar ina dhiaidh sin é i lár mhí an Mhárta 2025.

  63. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí maidir le táillí maoirseachta ar shuíomh gréasáin BCE um maoirseacht bhaincéireachta.

  64. Is ionann coibhéis lánaimseartha (FTE) agus aonad atá coibhéiseach le fostaí amháin atá ag obair go lánaimseartha ar feadh bliana amháin. Cuirtear an fhoireann a bhfuil conarthaí buana, ar thréimhse sheasta nó gearrthéarmacha agus rannpháirtithe atá ag glacadh páirte i gClár Iarchéime BCE san áireamh i gcomhréir leis na huaireanta a d’oibrigh siad. Tá baill foirne ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire fhadtéarmach san áireamh, ach níl baill foirne ar shaoire gan phá san áireamh.

  65. Cuirtear méideanna i láthair i bhfoirm chomhlán, i.e. sula ndéantar aon asbhaintí cánach chun tairbhe an Aontais.

  66. Laghdaigh na híocaíochtaí pinsin sin an oibleagáid sochair shainithe a aithnítear sa chlár comhardaithe. Maidir leis an nglanmhéid iomlán a muirearaíodh chuig an gcuntas brabúis agus caillteanais i dtaca leis na socruithe pinsin le haghaidh chomhaltaí reatha an Bhoird Feidhmiúcháin agus chomhaltaí reatha an Bhoird Monatóireachta a fhostaíonn BCE, féach nóta 13.3 “Ilghnéitheach”.

  67. Féach an phreaseisiúint ón 13 Márta 2024 maidir le cinntí na Comhairle Rialaithe.

  68. Níl BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro i dteideal aon sciar de bhrabúis indáilte BCE a fháil, ná níl siad faoi dhliteanas aon chaillteanas de chuid BCE a chumhdach.

  69. Faoi Airteagal 32.5 de Reacht CEBC, tá suim ioncam airgeadaíochta na BCNanna le leithdháileadh ar na BCNanna i gcomhréir lena scaireanna íoctha i gcaipiteal BCE.