Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

12 Meán Fómhair 2024

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ráta na saoráide taisce – an ráta trína stiúrann sí seasamh an bheartais airgeadaíochta – a ísliú 25 bhonnphointe. Bunaithe ar mheasúnú nuashonraithe na Comhairle Rialaithe ar ionchas an bhoilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta, is iomchuí anois céim eile a ghlacadh chun méid an tsriain ar bheartas airgeadaíochta a mhaolú.

Tá sonraí boilscithe le déanaí mar a bhíothas ag súil leo den chuid is mó agus deimhnítear sna réamh-mheastacháin foirne is déanaí ón mBanc Ceannais Eorpach an t-ionchas boilscithe a bhí ann roimhe seo. Measann an fhoireann gur 2.5% in 2024, 2.2% in 2025 agus 1.9% in 2026 ar an meán a bheidh an boilsciú príomha, mar a tugadh i réamh-mheastacháin mhí an Mheithimh. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an mboilsciú arís sa chuid dheireanach den bhliain seo, go páirteach toisc nach mbeidh an titim ghéar a bhí roimhe seo ar phraghsanna fuinnimh san áireamh a thuilleadh sna rátaí bliantúla. Ba cheart go laghdódh an boilsciú ansin i dtreo ár sprice sa dara leath den bhliain seo chugainn. I gcás an chroí-bhoilscithe, rinneadh coigeartú beag suas déanta ar na réamh-mheastacháin le haghaidh 2024 agus 2025, ós rud é go raibh boilsciú seirbhísí níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis. Ag an am céanna, tá an fhoireann fós ag súil le laghdú tapa ar an gcroí-bhoilsciú, ó 2.9% i mbliana go 2.3% in 2025 agus 2.0% in 2026.

Tá boilsciú intíre fós ard toisc go bhfuil pá fós ag ardú ar luas ardaithe. Mar sin féin, tá brúnna costais saothair ag maolú, agus tá brabúis ag cur maolú go páirteach ar an tionchar a bhíonn ag pá níos airde ar bhoilsciú. Tá coinníollacha maoiniúcháin sriantach i gcónaí, agus tá gníomhaíocht eacnamaíoch fós ciúin, rud a léiríonn go bhfuil tomhaltas príobháideach agus infheistíocht lag. Tá an fhoireann ag súil go dtiocfaidh fás 0.8% ar an ngeilleagar in 2024, 1.3% in 2025 agus 1.5% in 2026. Is leasú beag anuas é sin i gcomparáid le réamh-mheastacháin mhí an Mheithimh, go príomha mar gheall go bhfuiltear ag tuar go mbeidh éileamh intíre níos laige i gceist sna ráithí seo amach romhainn.

Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach, gan mhoill. Coinneoidh sé na rátaí beartais sriantach a ndóthain a fhad is gá chun an aidhm sin a bhaint amach. Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí agus ar chur chuige cruinniú ar chruinniú a leanúint chun leibhéal agus fad cuí an tsriain a chinneadh. Go háirithe, beidh a chinntí maidir le rátaí úis bunaithe ar a mheasúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag déanamh aon ghealltanas fós maidir le treo ar leith rátaí.

Mar a fógraíodh an 13 Márta 2024, tiocfaidh roinnt athruithe ar an gcreat oibríochtúil chun an beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme i bhfeidhm ón 18 Meán Fómhair. Socrófar, go háirithe, an raon difríochta idir an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus ráta na saoráide taisce ag 15 bhonnphointe. Fanfaidh an raon difríochta idir an ráta ar an tsaoráid iasachta imeallach agus an ráta ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe gan athrú ag 25 bhonnphointe.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe ráta na saoráide taisce a ísliú 25 bhonnphointe. Is é ráta na saoráide taisce an ráta trína stiúrann an Chomhairle Rialaithe seasamh an bheartais airgeadaíochta. Ina theannta sin, mar a fógraíodh an 13 Márta 2024 tar éis an athbhreithnithe ar an gcreat oibríochtúil, socrófar an raon difríochta idir an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus ráta na saoráide taisce ag 15 bhonnphointe. Fanfaidh an raon difríochta idir an ráta ar an tsaoráid iasachta imeallach agus an ráta ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe gan athrú ag 25 bhonnphointe. Dá réir sin, laghdófar ráta na saoráide taisce go 3.50%. Laghdófar na rátaí úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus ar an tsaoráid iasachta imeallach go 3.65% agus 3.90% faoi seach. Tiocfaidh na hathruithe i bhfeidhm ón 18 Meán Fómhair 2024.

An clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

Tá punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

Ní dhéanann an tEurochóras na príomhíocaíochtaí go léir ó urrúis a aibíonn a ceannaíodh faoi CCÉP a athinfheistiú a thuilleadh, rud a chuireann laghdú €7.5 billiún ar an meán ar phunann PEPP in aghaidh na míosa. Tá sé ar intinn ag an gComhairle Rialaithe deireadh a chur le hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ag deireadh 2024.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe uirthi ag cur solúbthacht i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Ós rud é go bhfuil na méideanna a tógadh ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe dírithe fadtéarmacha á n-íoc ar ais ag na bainc, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí fadtéarmacha iasachtaithe agus a n-aisíocaíocht leanúnach lena seasamh maidir le beartas airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma agus chun tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa