Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Iúil 2023

Cad a chinneamar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Chuireamar ardú eile 0.25 pointe céatadáin ar ár n-eochair-rátaí úis

Tá na harduithe a chuir muid ar rátaí úis san am a caitheadh ag dul i bhfeidhm ar an ngeilleagar cheana féin. Beidh na cinní a dhéanfaimid amach anseo ag brath ar an gcaoi a fheicfimid forbairt ag teacht ar an ngeilleagar agus ar bhoilsciú.

Cad atá ar siúl sa gheilleagar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tá an geilleagar lag anois, ach ba chóir go dtéarnódh sé le himeacht ama

Faoi láthair, tá tomhaltóirí agus gnónna ag caitheamh níos lú airgid. Le himeacht ama, ba cheart go dtacódh boilsciú níos ísle, ioncam níos airde agus coinníollacha soláthair níos fearr leis an téarnamh.

Tá idir mhaith agus olc le feiceáil sa gheilleagar

Tá seirbhísí, go háirithe an turasóireacht, ag déanamh go maith fós, ach seans nach mairfidh sé seo. Níl cúrsaí go maith in earnáil na déantúsaíochta, mar gheall, go pointe áirithe, ar éileamh lag ón gcuid eile den domhan.

Tá post ag go leor daoine

Tá an margadh láidir post ag coinneáil na dífhostaíochta ar an leibhéal is ísle ó thús an euro. Tá go leor post nua cruthaithe, go háirithe i earnáil na seirbhísí. Ach tiocfaidh laghdú de réir a chéile ar an éileamh láidir atá ar thuilleadh oibrithe.

Tá boilsciú laghdaithe arís de bheagán ach tá sé fós ró-ard

Tá titim níos mó tagtha ar phraghsanna fuinnimh. Ach tá praghsanna bia fós ag ardú, cé nach bhfuil an t-ardú seo chomh mór agus a bhí cheana. Tá saoire agus taisteal, go háirithe, níos costasaí, tá corrlaigh bhrabúis agus pá níos airde ag cur borradh faoi bhoilsciú.

Ciallaíonn rátaí úis níos airde go bhfuil níos lú gnónna ag iarraidh iasachtaí

Tá an t-éileamh ag gnónna ar airgead a fháil ar iasacht le haghaidh infheistíochtaí ag titim go tapa. Tá níos lú daoine ag iarraidh morgáistí, ó tharla go bhfuil siadsan níos costasaí freisin.

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Cad is beartas airgeadaíochta ann?