Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 21 Iúil 2022

Dia dhaoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

I gcomhréir leis an tiomantas daingean atá againn don shainordú um chobhsaíocht praghsanna, ghlac an Chomhairle Rialaithe céimeanna breise inniu chun a áirithiú go dtiocfaidh boilsciú ar ais chuig an sprioc, is í sin dó faoin gcéad, sa mheántéarma. Chinneamar ardú 50 bonnphointe a chur ar thrí phríomhráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus d’fhormheasamar an Ionstraim Cosanta Tarchurtha (TPI).

Bhreithnigh an Chomhairle Rialaithe gurb iomchuí go mbeadh a céad chéim ar an gconair i dtreo normalú na rátaí beartais níos mó ná mar a cuireadh in iúl ag a cruinniú deiridh roimhe seo. Bunaíodh an cinneadh sin ar ár measúnú nuashonraithe ar rioscaí boilscithe agus ar an tacaíocht bhreise atá ann in TPI chun an beartas airgeadaíochta a thraschur go héifeachtach. Tabharfar tacaíocht leis d’fhilleadh an bhoilscithe don sprioc mheántéarmach atá againn trí mheán ionchais bhoilscithe a shocrú agus trína áirithiú go ndéanfar dálaí éilimh a choigeartú, chun ár sprioc bhoilscithe a bhaint amach sa mheántéarma.

Ag na cruinnithe dár gcuid atá le teacht, beidh tuilleadh normalaithe ar rátaí úis iomchuí. Leis an imeacht ó na rátaí úis diúltacha a thabhairt chun tosaigh inniu, cuirtear ar ár gcumas aistriú i dtreo cur chuige cruinniú‑ar‑chruinniú maidir le cinntí rátaí úis. Beidh ár gconair ráta beartais airgeadaíochta sa todhchaí ag brath fós ar shonraí agus beidh sí ina cuidiú linn chun an sprioc bhoilscithe, dó faoin gcéad, a bhaint amach sa mheántéarma. I gcomhthéacs an normalaithe ar ár gcuid beartais, déanfaimid ár roghanna a mheas chun barrachas sealúchas leachtachta a chúiteamh.

Mheasamar gur gá TPI a bhunú chun tacú le tarchur éifeachtach an bheartais airgeadaíochta. Go háirithe, agus sinn ag leanúint den bheartas airgeadaíochta a normalú, áiritheofar le TPI go dtarchuirfear ár seasamh beartais airgeadaíochta go réidh ar fud na dtíortha uile sa limistéar euro. Is réamhchoinneáil é go mbeadh aon bheartas airgeadaíochta amháin ag an mBanc Ceannais Eorpach, ionas go mbeidh sé in ann a shainordú cobhsaíochta praghsanna a bhaint amach.

Ceann dár n‑uirlisí a bheidh in TPI a fhéadfar a chur i ngníomh chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúil nach bhfuil údar leo agus ar bagairtí iad do tharchur réidh an bheartais airgeadaíochta ar fud an limistéir euro. Braitheann méid íocaíochtaí TPI ar a ghéire is atá na rioscaí do tharchur an bheartais. Níl aon srian ex ante le ceannacháin. Agus an mheicníocht tarchurtha á cosaint le TPI, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtaí.

I gcás ar bith, is í an tsolúbthacht maidir le athinfheistiú fuascailtí a bheidh dlite i bpunann an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) an chéad líne chosanta atá ann fós chun cur i gcoinne na rioscaí don mheicníocht tarchurtha a bhaineann leis an bpaindéim.

Leagtar amach na cinntí uile a rinneadh inniu i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Cuirfear sonraí TPI ar fáil bpreasráiteas ar leith a fhoilseofar ag 15:45 CET.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar bhoilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Tá gníomhaíocht eacnamaíoch ag moilliú. Tá fás á mhoilliú i gcónaí de dheasca ionsaí gan bonn cirt na Rúise in aghaidh na hÚcráine. I ngeall ar thionchar an bhoilscithe aird ar chumhacht ceannaigh, srianta leanúnacha soláthair agus éiginnteacht níos mó, tá an geilleagar á mhaolú. Tá costais níos airde agus deacrachtaí soláthair ann do ghnólachtaí i gcónaí, cé go bhfuil comharthaí ann go bhfuil cuid de na scrogaill soláthair á scaoileadh. Fágann na cúinsí uile sin gur diúltaí an t‑ionchas don dara leath de 2022 agus don tréimhse ina dhiaidh sin.

Ag an am céanna tá athoscailt an gheilleagair, margadh saothair láidir agus tacaíocht beartais airgeadais ag cur le gníomhaíocht eacnamaíoch. Tá athoscailt iomlán an gheilleagair ag tacú le caiteachas san earnáil seirbhísí go háirithe. Agus daoine ag taisteal arís, táthar ag súil go gcuideoidh turasóireacht leis an ngeilleagar sa tríú ráithe den bhliain. Tá tacaíocht ann don gheilleagar de bharr na gcoigilteas a chruinnigh daoine le linn na paindéime agus margaidh saothar láidir.

Tá cuidiú ann sa bheartas airgeadaíocht do na daoine is mó atá buailte ag costais fuinnimh níos airde de dheasca thionchar an chogaidh san Úcráin. Ba cheart bearta sealadacha dírithe a oiriúnú ionas go gcoinneofar srian leis an riosca go gcuirfear le brúnna boilscithe. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag beartais airgeadais sna tíortha uile inmharthanacht fiachais a choimeád ar bun, agus féidearthacht fáis a mhéadú ar bhonn inmharthana chun cur leis an téarnamh.

Boilsciú

Tháinig ardú eile ar bhoilsciú i mí an Mheithimh go 8.6 faoin gcéad. Arís eile, an chuid ba thábhachtaí den bhoilsciú foriomlán ná praghsanna fuinnimh atá ag ardú go fíorthapa. Tugtar le fios sna táscairí margaidh go mbeidh praghsanna fuinnimh fós ard sa ghearrthéarma. Tháinig ardú eile ar bhoilsciú bia, a bhí ag 8.9 faoin gcéad i mí an Mheithimh, agus baint áirithe ag tábhacht na hÚcráine agus na Rúise i measc na bpríomhtháirgeoirí earraí talmhaíochta leis sin.

Tá scrogaill leanúnacha soláthair le haghaidh earraí tionsclaíocha agus éileamh i mbun téarnaimh, go háirithe san earnáil seirbhísí, ag cur leis na rátaí arda boilscithe. Tá brúnna praghsanna ag scaipeadh i mbreis earnálacha, agus tá tionchar indíreach na gcostas arda fuinnimh indíreacha ar fud an gheilleagair. Dá réir sin, tá ardú eile tagtha ar fhormhór na dtomhas ar bhoilsciú bonnlíne.

Measaimid go mbeidh boilsciú ag leibhéal ard neamh‑inmhianta go ceann tamaill, de dheasca brúnna leanúnacha ar phraghsanna fuinnimh agus bia agus brúnna píblíne sa slabhra praghsála. Tá brúnna boilscithe níos airde ag eascairt as dímheas ráta malairte an euro freisin. Ag féachaint chun cinn dúinn, áfach, mura mbeidh aon ábhar suaite nua ann, ba cheart go gcobhsófar costais fuinnimh agus go scaoilfear scrogaill soláthair, rud a chabhródh, chomh maith lenár normalú beartais leanúnach, le boilsciú a thabhairt ar ais chuig ár sprioc.

Tá an margadh saothair fós láidir. Tháinig laghdú stairiúil ar dhífhostaíocht go 6.6 faoin gcéad i mí na Bealtaine. Is léir ó na folúntais post i mórán earnálacha go bhfuil éileamh láidir ann le haghaidh saothair. De réir táscairí todhchaí, tá fás pá ag ardú de réir a chéile le roinnt míonna anuas ach tá sé fós teoranta ar an iomlán. Le himeacht ama, ba cheart go dtacódh láidriú an gheilleagair agus éifeachtaí téarnaimh le fás níos tapúla ar phá. Is ag leibhéal thart ar dhó faoin gcéad atá formhór na n‑ionchas níos fadtéarmaí maidir le boilsciú, cé go bhfuil údar ann monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar roinnt athbhreithnithe le déanaí a bhí thar an sprioc.

Measúnú riosca

Is foinse riosca suntasach ar an taobh thíos don fhás é go leanfaidh an cogadh san Úcráin ar aghaidh níos faide, go háirithe dá gcuirfí isteach ar sholáthar fuinnimh ón Rúis an oiread sin go mbeadh ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh ciondáil a dhéanamh. Féadfar go maolófar muinín agus go rachaidh srianta soláthair in olcas de dheasca an chogaidh, agus d’fhéadfadh costais fuinnimh agus bia fanacht ag leibhéal níos airde ná mar a rabhthas ag súil leis. Riosca a bheadh i moilliú níos tapúla ar fhás domhanda d’ionchas an limistéir euro freisin.

Is ar an taobh thuas fós atá na rioscaí don bhoilsciú agus tá siad tar éis géarú, go háirithe sa ghearrthéarma. I measc na rioscaí don ionchas boilscithe mheántéarmaigh, tá meath seasmhach ar chumas táirgeachta ár ngeilleagair, praghsanna arda seasmhacha bia agus fuinnimh, ionchais bhoilscithe níos airde ná ár sprioc, agus fás níos airde ná mar a measadh ar phá. Dá dtiocfadh laghdú ar éileamh sa mheántéarma, áfach, laghdódh sé sin an brú ar phraghsanna.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá rátaí úis margaidh tar éis a bheidh luaineach mar thoradh ar éiginnteacht ghéar eacnamaíoch agus gheopholaitiúil. Tá ardú tagtha ar chostais maoinithe bainc le míonna anuas, rud a bhí le feiceáil i rátaí iasachtaí níos airde ag bainc, go háirithe do theaghlaigh. Cé go bhfuil méid an iasachtaithe do theaghlaigh fós láidir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar i bhfianaise éilimh níos ísle. Tá iasachtú do ghnólachtaí láidir go dtí seo freisin mar go bhfuil riachtanas leanúnach creidmheasa ann ó bhainc mar thoradh ar thógáil fardail agus spleáchas níos lú ar mhaoiniú margaidh. Ag an am céanna, tá laghdú tagtha ar éileamh ar iasachtaí chun infheistíocht a mhaoiniú. Tá modhnú ar fhás airgid ann fós mar thoradh ar laghdú ar choigiltis leachtach agus ar cheannacháin sócmhainní de chuid an Eurochórais.

Tuairiscítear sa suirbhé iasachtaithe bainc is déanaí dár gcuid gur daingníodh caighdeáin chreidmheasa le haghaidh gach catagóir iasachta sa dara ráithe den bhliain, agus imní níos mó ar iasachtaithe faoi na rioscaí atá roimh a gcustaiméirí sa timpeallacht éiginnte seo. Measann bainc go leanfaidh siad dá gcaighdeán creidmheasa a dhaingniú sa tríú ráithe.

Conclúid

Tá boilsciú níos airde ná mar ba mhian linn agus meastar go bhfanfaidh sé ag leibhéal os cionn na sprice go ceann tamaill. Tugann na sonraí is déanaí le fios go bhfuil fás ag moilliú, rud a fhágann gur diúltaí an t-ionchas don dara leath de 2022 agus don tréimhse ina dhiaidh sin. Ag an am céanna, tá an moilliú sin á mhaolú a bhuí le roinnt cúinsí tacaíochta.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú agus d’fhormheas sí TPI. Ag na cruinnithe dár gcuid atá le teacht, beidh tuilleadh normalaithe ar rátaí úis iomchuí. Beidh ár gconair ráta beartais airgeadaíochta sa todhchaí ag brath fós ar shonraí agus beidh sí ina cuidiú linn chun an sprioc bhoilscithe, dó faoin gcéad, a bhaint amach sa mheántéarma.

Seasann an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a áirithiú go gcobhsófar boilsciú ag ár sprioc, is í sin dó faoin gcéad, sa mheántéarma. Le hionstraim nua TPI, déanfar traschur réidh ár seasaimh beartais airgeadaíochta a choimirciú ar fud an limistéir euro fad is a leanfaimid orainn ag coigeartú ár seasaimh chun dul i ngleic le boilsciú ard.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar cinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa