Níl an domhan ag feidhmiú go comhréireach a thuilleadh
Inár measúnú ar an straitéis beartais airgeadaíochta, scrúdaíomar an chaoi a bhfuil ár ngeilleagair á n-athmhúnlú ag fórsaí struchtúracha – idir fhórsaí seanbhunaithe agus fhórsaí nua. Go dtí le déanaí, mar thoradh ar an tsaorthrádáil, an domhandú agus an easpa coinbhleachtaí mórscála, bhí na bainc cheannais in ann smacht a choinneáil ar an mboilsciú gan mórán dua. Ach ar na saolta seo tá an éiginnteacht gheopholaitiúil agus an ilroinnt eacnamaíoch ag dul in olcas, agus dá bharr sin is deacra a thuar conas a fhorbróidh an boilsciú. Mar a bheadh ceolfhoireann atá ag seinm as rithim, níl an geilleagar domhanda ag feidhmiú ar bhealach chomh réidh agus a bhíodh sé. Agus is olc an rud é sin dár ngeilleagair agus bíonn tionchar aige freisin ar an mboilsciú.