Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tabhair cuairt orainn

Déanaimid ár ndícheall a bheith trédhearcach, inrochtana agus intuigthe do gach saoránach 

Tá Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh lonnaithe inár bpríomhfhoirgneamh in Frankfurt am Main na Gearmáine. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi ról agus faoi fhreagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar bhealach idirghníomhach ach cuairt a thabhairt orainn. Is féidir leat tuiscint níos fearr a fháil freisin ar an tionchar a bhíonn ag ár gcinntí ar do shaol laethúil.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go gcoimeádtar praghsanna cobhsaí agus cén tionchar a bhíonn aige sin ar do chumhacht ceannaigh? Conas is féidir linn a chinntiú go bhfuil do chuid coigiltis sábháilte i do bhanc? Cad iad na príomhéachtaí a baineadh amach leis an euro?

An bhfuil spéis agat tuilleadh a fhoghlaim? Féach ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl inár nIonad Cuairteoirí

Gníomhaíochtaí ar an láthair

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Turais ar an Ionad Cuairteoirí do dhaoine aonair

Inár dturais 60 nóiméad saor in aisce do dhaoine aonair (1-14 rannpháirtí) arna n‑óstáil ag foireann BCE tugtar forbhreathnú ar róil agus freagrachtaí BCE. Bíonn na turais ar siúl Dé Luain ag 17:00 agus Dé hAoine ag 11:00 i mBéarla agus i nGearmáinis agus is gá iad a iarraidh ar a laghad seachtain roimh ré.

Iarr turas

Turais ar an Ionad Cuairteoirí do ghrúpaí

Inár dturais 60 nóiméad saor in aisce do ghrúpaí (15-40 rannpháirtí) arna n‑óstáil ag foireann BCE tugtar forbhreathnú ar róil agus freagrachtaí BCE. Bíonn na turais ar siúl ó Luan go hAoine ag amanna socraithe.

Iarr turas grúpa

Léachtaí le saineolaithe

Tá léachtaí ar an láthair maidir le topaicí ar leith (forbhreathnú institiúideach, beartas airgeadaíochta, an euro, maoirseacht ar bhaincéireacht, etc.) dírithe ar ghrúpaí ag a bhfuil tuiscint mhaith ar shainordú BCE. Tá ár léachtaí 60 nóiméad saor in aisce agus ar fáil do ghrúpaí suas le 80 rannpháirtí.

Iarr léacht ar an láthair

Turais ar an bPríomhfhoirgneamh

Má fhreastalaíonn tú ar cheann dár bpríomhthurais foirgnimh, taispeánfaimid páirteanna éagsúla de phríomhfhoirgneamh BCE duit, ag machnamh ar a stair agus a ailtireacht. Tabharfaimid blaiseadh duit freisin den saol oibre anseo.

Iarr Turas ar an bPríomhfhoirgneamh

Gníomhaíochtaí fíorúla

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Léachtaí fíorúla ó shaineolaithe

Tá léachtaí fíorúla maidir le topaicí ar leith (forbhreathnú institiúideach, beartas airgeadaíochta, an euro, maoirseacht ar bhaincéireacht, etc.) dírithe ar ghrúpaí ag a bhfuil tuiscint mhaith ar shainordú BCE. Tá na léachtaí fíorúla 60 nóiméad seo saor in aisce.

Iarr léacht fhíorúil

Cuairteanna eile

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Cuairt ar chuimhneachán na nGiúdach

I gcaibidil dhorcha de stair an phríomhfhoirgnimh, úsáideadh siléar an Grossmarkthalle le linn an Dara Cogadh Domhanda mar phointe tionóil do bheagnach 10,000 Giúdach, ar díbríodh as sin iad, ar thraein, chuig campaí géibhinn. Is féidir cuairt a thabhairt ar an gcuimhneachán ar an láthair trí chlárú do thuras treoraithe arna eagrú ag Músaem na nGiúdach, Frankfurt.

Tabhair cuairt ar Mhúsaem na nGiúdach, Frankfurt

Taispeántas Elsaesser

Dhear an t‑ailtire Martin Elsaesser an Grossmarkthalle i lár an phríomhfhoirgnimh agus tógadh é idir 1926 agus 1928. Ag an am sin, bhí sé ar cheann de na coimpléisc foirgnimh is mó i gcathair Frankfurt, agus freisin an struchtúr saor-réisithe de choincréit atreisithe is mó ar domhan.

Cláraigh le haghaidh turas treoraithe arna eagrú ag an Elsaesser Foundation (i nGearmáinis amháin)
FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

Féach ár nIonad Cuairteoirí

Féach ar ár ngailearaí

Sula dtabharfaidh tú cuairt orainn...

Léigh ár rialacha tí

Eolas úsáideach

Conas teacht orainn agus cá háit le teacht orainn

Gach leathanach sa rannóg seo